Scéalta Aniar

.

Caillte i gConamara…..……....Céadchló…2014

Scéalta Aniar…....arna roghnú ag….... Brian Ó Conchubhair

.

Peadar Bairéad

Díolaim Gearrscéalta

Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na gearrscéalta sa diolaim seo agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé fhéin suim sna gearrscéalta a roghnaigh sé, toisc gur thug mé faoi deara, go raibh suíomh na scéalta sin an-chosúil leis an dúiche inar tógadh mé fhéin, agus go raibh, idir dhaoine agus crsaí a mbeatha an-chosúil leis an saol a chaití in Iorras agus mise ag fás aníos. Roghnú faoi leith atá anseo againn, nó bhailigh Brian cúig cinn de scéalta le húdair cháiliúla arbh as Conamara dóibh. Tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach ndéanann na húdair roghnaithe aon iarracht ar ghléas a chur ar an gcineál saoil a chaith daoine sna bólaí sin, nó tugann siad léiriú dúinn ar chruatan agus anró a saoil agus a saothair thiar, sa bhfichiú, agus san aonú haois fichead fiú. Is iad na húdair a roghnaigh sé nó Pádraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Breathnach, Joe Steve Ó Neachtain, agus Micheál Ó Conghaile. údair ar de dhlúth is d’inneach na dúiche thiar an cúigear acu, agus níl dabht ar domhan ach go bhfuil an t-údar seo cáilithe don gnó seo, nó is fear é a bhfuil an-tuiscint aige ar shaol agus ar chultúr na dúiche sin.

Saol crua, céasta, anróiteach

saol na cathrach, nó saol an bhaile mhóir fhéin a léirítear sna gearrscéalta a roghnaigh sé don díolaim seo. Ní hea muis! ach an saol crua, céasta, anróiteach, faoi mar a cleachtaíodh é sa dúiche thiar ó thús na haoise seo caite. Breathnaigh ar an gcéad scéal a roghnaíodh, sé sin, Páidín Mháire, scéal a léiríonn go glas, soiléir, saol na mbocht, i limistéir gan mórán gustail, in óige na haoise seo caite. Scéal é seo ar chuir mé fhéin suim ann, ón uair a léigh mé é a chéaduair, breis mhaith is thrí scór bliain ó shoin. Thaitin an scéal liom ó thús, agus bíodh go mba dhuine ann fhéin é Páidín Mháire, ag an am gcéanna, d’éirigh leis an údar, trua dhó a mhúscailt sa chroí istigh ionainn. Éiríonn leis an údar na carachtair a chur ina steille bheatha ar ardán na samhlaíochta os ár gcomhair amach. Feiceann muid na hoibrithe ag obair ar chroí a ndíchill ag tógáil an bhóthair sin idir Chaladh Éamoinn agus Oileán na Trá. Feiceann muid iad, agus cloiseann muid a gcomhrá, agus áthas ar a mbunús go bhfuair siad saothrú ar na hoibreacha Poiblí sin. Ach bhí fear amháin nach raibh ró-shásta leis an saothrú céanna sin, nó iascaire agus bádóir ba ea é, agus b’fhearr leis bheith ag gabil don cheird sin, dá bhféadfadh sé. Cloiseann muid torann na n-ord agus na fir ag tolladh na gcarraigreacha le púdar pléascach a dhingeadh isteach iontu. Ansin téann na fir ar foscadh, ag fanacht don phléasc, agus nuair a tuigeadh dóibh go mba loic a bhí ann, d’fhág siad an foscadh sin agus tháinig amach leis an bpúdar a chartadh, le lán eile a chur ina áit, agus ansin cloiseann muid an phléasc. Gortaíodh Páidín bocht agus chaill sé leath-shúil. D’éirigh leis leathchéad punt cuitimh a fháil, ach ba ghearr a sheas an lab céanna sin, nó chaith Páidín go fánach é, agus ansin, le cabhair eicínt a chur ar fáil dá thuistí, b’éigean dósan dul isteach i dTeach na mBocht.

I dTeach na mBocht

Ba ghearr go raibh sé dall ar fad, agus i ndeireadh na dála, chuaigh sé ar fán ón dTeach agus chaith oíche amuigh, oíche a chriog é, nó ba ghearr a sheas sé ina dhiaidh sin. Ansin bhí sé sa mbéaloideas go mbíodh sé amuigh oícheanta stoirme ag cabhrú le bádóirí teacht i dtír ón mbaol a bhí thart orthu. Bochtaineacht, cruatan, anró, ach ag an am gcéanna, grá, caradas, agus comharsanúlacht, craite mar rísíní trí chiste a mbeatha thiar. Chuaigh an scéal sin chomh mór sin i bhfeidhm orm, gur shocraigh mé ar na scéalta eile a fhágáil fút fhéin le hadhmad a bhaint astu. agus tá mé cinnte go n-éireoidh le chuile scéal acu greim scóige a bhreith ar an gcroí istigh ionat. Fútsa atá sé, mar sin, an leabhar seo a fháil is a léamh, más uait aithne cheart a chur, agus eolas cruinn a fháil, ar shaol agus ar chultúr na ndaoine sa dúiche thiar.    

.

.

gaGaeilge