An Chamchuairt úd 2

Peadar Bairéad

.

(This week we continue to review the memories of that Scottish visit.)

.

Cuimhní na Cuairte

.

Is filleann orm cuimhní mo Chuairte,

Mar fháinleoga beoga aneas,

Lem chroí bocht traochta a théamh

Le grian gheal, le díograis, le teas.

.

.

Ar Oileán Thíríodh, gona thránna,

Is a phobal caoin, carthannach, fial,

A pháistí, a dhaltaí, ’s a mhuintir,

Chuir caoinfháilte romhainne ó chroí.

.

.

Na sléibhte, na cnoic, is na beanna,

A rianaigh a n-áilleeacht ar spéir,

Iad cruachta, carntha, crochta,

Snoite, is sníofa faoi’n ngréin.

.

Sraid Sauchiehall

Ní raibh ar mo chumas fhéin srian a choinneáil ar mo chuimhní corraithe, agus muid ag siúl linn síos feadh na sráide fada sin. Siar liom bóithrín casta na smaointe, go dtí garraí cluainteach na hóige, agus na hoícheantaa fada geimhridh úd, nuair a chloisinn m’athair agus a chomrádaithe ag cur síos agus ag seanchas ar ‘Sockeyhall Street’ mar a thugaidís uirthi.

Smaoinigh mé ar na daoine sin, ina bhfir óga, ag an am, agus iad ag siúl leo go misniúil, rábach, cróga, ar an dtaobhchasán céanna sin, a raibh mise ag siúl air, an oíche bheannaithe sin. Nach ar m’athair agus a chomrádaithe a bheadh an bród agus an t-áthas, dá bhfeicidís an tIorrasach seo ar a bhealach chuig Ionad gradamach cosúil leis an Centre for Contremporary Arts, le mám dánta a aithris ansin, i dteanga ársa na nGael? Ar bhealach éigin, is dócha go raibh na hIorrasaigh chuideachtúla sin mar lucht éisteachta agamsa, an oíche iontach sin, i Sráid úd Sauchiehall Ghlaschú. Bhí slua an-mhór romhainn istigh, iad suite ag boirdíní, scaipthe ar fud an halla. D’éirigh thar barr le seó na hoíche sin, agus ghlac filí, ceoltóirí, agus amhránaithe Albanacha, páirt san agallamh freisin. Mo chuidse de, tá mé ag ceapadh go mbeadh na cairde úd, ó laethanta m’óige, breá sásta leis na dánta a d’aithris mé fhéin dóibh i Sockeyhall Street, an oíche sin.

Féile na nGael

I ndiaidh an tseó, mar a tharla go minic i rith na seachtaine, fuaireamar cuireadh chun a tí ó Flora MacNeill, amhránaí clúiteach, traidisiúnta. Ghlacamar go fonnmhar leis an gcuireadh céanna, agus geallaimse dhuit é, nár fágadh ocras, nó tart, ar aon duine againn, i dteach úd na féile, an oíche sin. Chomh maith le sin, bhí ceol, amhráin, agus seanchas den scoth, againn, go dtí a trí a chlog ar maidin! Go fiú, nár chan mé fhéin amhrán! tráth éigin, i rith na hoíche ! Deireanas na huaire, nó brí an fhuiscí, ba chúis leis, ní foláir! Cibé faoi sin, bhíomar ar ár gcois go breá luath maidin Dé Domhnaigh, agus tar éis dúinn bricfeasta Sasanach eile a chaitheamh, thugamar na sráideanna orainn féin arís, muid ag fanaíocht timpeall, ag tabhairt chuile shórt faoi deara, tamall anseo, is tamall ansiúd. Chonaiceamar an teach is sine n nGlaschú, teach a tógadh sa bhlaiin 1471. thugamar cuairt freisin ar The Barras, na margaí ollmhóra úd, atá amuigh faoin aer acu, sa chathair sin, margaí a raibh tarraingt na mílte orthu. Ag a haon a chlog, bhíomar ar ár nglúna in Eaglais Naoimh Alphonsus, i Sráid Londain, nó theastaigh uainn Aifreann a éisteacht i nGlaschú, an mhaidin Domhniagh sin. Thaitin an ceiliúradh sin go breá linn. Rud amháin eile, a thug mé fhéin faoi deara, in Eaglais Alphonsus, nó gur choinnigh siadsan thall na dealbha uile, ar fud na heaglaise, Taitníonn dealbha liomsa, agus ní dóigh liom, gur chóir iad a dhíbirt as ár séipéil. Folamh séipéal gan dealbha!

Turas abhaile

Arais go dtí an Babbity linn i ndiaidh an Aifrinn, lenár gcip is ár meanaithe a bhailiú, nó bhíomar tagtha go deireadh na camchuairte iontaí seo in Albain, agus bhí orainn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Ghlaschú, agus an turas ar ais go hÉirinn. Ní dhéanfaidh muid dearmad go luath ar an tseachtain spreagúil a chaitheamar ag taisteal ó cheann ceann na hAlban, nó ar na Gaeil chairdiúla, lácha, flaithiúla, Albanacha, a casadh orainn thall sa bhliain úd, 1992.

Nár laga an Rí riamh iad.

.

.

gaGaeilge