Dear Tom, After a number of searches for “I mBéal an Phobabil” in this week’s edition of the Kilkenny People, I failed to find it, and I am now sending on a new piece for the next edition. The first piece will keep for a later week, as it is a book review.

However, might I ask you to give the Irish Article a definite visibility on the page, so that, at a glance, I, or the reader, would recognise instantly that this is the Irish Article, otherwise, many of my readers will miss spotting its presence on the page. Just as it is easy to spot the Religious Article, or Gerry Moran’s column, or other such columns, I’m sure that one of your team could lay out a simple heading for the Irish column, giving the name…..I mBéal an Phobail……and showing the byline, two things that would make it also easily recognisable.

Sincerely

Peter.

.

.

cloch ar a charn, place a stone on his cairn; méaróg, pebble; snas, shine; gaibhniú, forging; is é a fhad is a leithead é, the long and the short of it is; ceannródaithe, pioneers; lia os a leacht, a memorial stone on a burial mound.

.

I m B é a l a n P h o b a i l

Cloch ar a charn

Peadar Bairéad.

Ar bhás Mhicheál Davitt

Tráth raibh mé fhéin im ghasúr ag fás suas in Iorras na scéalta, i dtriochaidí na haoise seo caite, bhí de nós againn cloch a chaitheamh ar charn, chuile bhabhta a ghabhaimis thairis, ar ár mbealach dúinn chun na scoile, nó ag filleadh ar ais uaithe tráthnóna, agus ba é a bhí sa charn céanna nó carn cloch, a d’fhás suas go nádúrtha, ar fhód báis dhuine eicínt, go háirithe dá mba dhuine é a maraíoch ag an ionad, nó duine a bhásaigh go hobann, ar an láthair sin. Ba i gcuimhne Luke Lyons a tógadh an carn atá i gceist agam anseo, deartháir, is dócha, don Déan Lyons, a bhí ina shagart paráiste ar Pharáiste na Cille Móire in Iorras, blianta fada sular tháinig muidinne ar an bhfód lenár méaróga a chur ar an gcarn céanna sin, maidin is tráthnóna. D’fhan mé dílis don nós sin le linn m’óige, agus anois fiú, tar éis imeacht na mblianta, imríonn an nós sin a dhraíocht doilfe orm fós, agus nuair a fhaigheann cara, nó gaol, ceannaire, nó file, dár gcine, bás obann, buaileann an fonn mé láithreach úsáid a bhaint as mo pheann, nó mo ríomhaire, le méaróg fhoclach a chumadh, le caitheamh ar charn an t-é atá imithe uainn ar Shlí na Fírinne. Nach bhfuil a fhios ag fia is ag fiolar anois, gur sciob an bás obann curadh cáiliúil eile dár gcine uainn, nuair a fuair an file ildánach sin, Michael Davitt, bás obann, ar an 20 Meitheamh 2005, in aois a chuig bliana déag is dhá scór. Nuair a smaoiníonn tú air, nárbh é dhein an saothar mór i ngearraimsir.

A Pháirt i nGluaiseacht na Gaeilge

Corcaíoch ba ea an Daibhídeach agus é bródúil i gcónaí as a dhúchas. Tugadh grá don Ghaeilge dó, tráth raibh sé ag freastal ar an Mainistir Thuaidh, agus d’éirigh leis snas a chur ar a chuid Gaeilge, trí thréimhsí a chaitheamh i nGaeltacht Mhúscraí agus i gCorca Dhuibhne. Ba ghearr go raibh páirt ghníomhach á ghlacadh aige i ngluaiseacht na Gaeilge, agus na gcearta sibhialta. Ar ball, d’éirigh leis dul le cumarsáid, go háirithe, mar láithreoir teilifíse

Ghlac sé páirt mhór i ngaibhniú ghluaiseacht filíochta a bunaíodh timpeall ar an Iris “Innti”, nó is dócha go raibh cumas cinnireachta agus eagraíochta i smior na gcnámh ann.

Is é a fhad is a ghiorracht, go raibh Michael Davitt ar cheann de cheannródaithe ghluaiseacht na Gaeilge, thar bhlianta fada, agus ag an am gcéanna, thuigfeá nach raibh aon chur i gcéill ina dhúthracht, ach go raibh sé lom dáiríre ag saothrú na filíochta is na teanga dhó. Chomh maith le sin uilig, chaith sé seal ag obair le Gael Linn, agus d’dhág a rian fhéin ar Shlógadh. B’fhear é freisin, a d’fhoghlaim ceird chasta na teilifíse, agus ba léiritheoir den scoth é. Sea, agus cuir le sin, go raibh cumas ceoil ar an ngiotár ann, agus go mba amhránaí binn é freisin. Gan dabht ar domhan, mothóimid uainn é sna blianta atá romhainn amach, nó ní raibh an fear seo ach ar bhruach a fhoirfeachta nuair a tháinig gadaí na speile caime len é a tharlú uainn, ach b’fhéidir go raibh gá acu leis, ar an dtaobh eile, lena gcroí a thógáil lena scileanna, lena ghreann, lena dháiríreacht agus lena shoineantacht.

Bhí breacaithne agam fhéin air

An raibh aithne agam fhéin air, an ea?

Ar éigean é, ach tharla gur casadh ar a cháile sinn, anseo sa chathair álainn, thíos Tigh Bhollard, scathamh de bhlianta ó shoin, nuair a tháinig Michael chugainn, le cuid dá dhánta a léamh dúinn. Níl dabht ar domhan, ach go ndeachaigh sé i gcionn go mór ar a lucht éisteachta, an oíche sin, lena scileanna scéalaíochta agus filíochta. B’fhear é go raibh an greann de shíor ag fiuchadh ann, ar ócáid dá leithéid, nó b’aisteoir den scoth é agus é ag cur a phearsa fhéin i láthair a lucht éisteachta.

Tá leabhar dá chuid filíochta os mo chomhair amach, anois díreach, agus an píosa seo á scríobh agam. Sea, agus ar an gclúdach tosaigh, tá pictiúr den bhfile, gona ghruaig chatach, gona spéaclaí airgeadfhonnsaithe, gona shúile glinne, dáiríreacha, gona mhionghaire leochaileach, neirbhíseach, agus scríofa ar an gclúdach tosaigh céanna sin tá:-

SELECTED POEMS

1968 – 1984

ROGHA DÁNTA

le MICHAEL DAVITT

Ach sé an rud is luachmhaire a bhaineann leis an leabhar céanna sin anois, dár liomsa, nó go bhfuil, scríofa ar an gcéad leathanach, i scríbhinn an fhile ildánaigh fhéin:-

Do Pheadar

le dea-mhéin

Bollards

3/2/88.

Níl dabht ar domhan ach gur scríobh sé an rud céanna ar leabhair eile a ceannaíodh ansin Tigh Bhollard, an oíche chéanna sin, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, teachtaireacht ón bhfile fhéin chugam atá sa scríbhinn chéanna sin anois, sea agus tabhair faoi deara, gur tharla an eachtra sin breis is seacht mbliana déag ó shoin anois, tráth nach raibh an dá scór fhéin sroichte ag an bhfile.

Lia os a leacht

Chuir mé spéis ar leith i ndán a scríobh sé faoi Mháirtín Ó Direáin, file, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, athlua a dhéanamh air anseo, nó sílim go n’oirfeadh na véarsaí céanna do Mhicheál Davitt fhéin.

.

Crannlaoch

do Mháirtín Ó Direáin

.

Coigil do bhrí

A fhir an dáin

Coigil faoi thrí,

Bí i do chrann.

.

Sheas ar leac an tinteáin

Duilliúrdhánta ina láimh

Glór mar cheol toirní

Súil dharach an chrannlaoich.

.

Dearcán solais dár thuirling

De ruachraobh anuas

Phréamhaigh i ndán ar lár

Ar lomghoirtín is d’fhás.

.

B’fhéidir nárbh olc an dán sin mar lia os a leacht. Solas na soilse, agus síocháin síoraí, dá anam uasal Gaelach.

.

.

gaGaeilge