Cosaint na Cáinaisnéise!
(This week Séimí and Friend discuss the Budget)
Peadar Bairéad
Iomarbhá
Thíos sa Smugairle Róin sea bhíomar bailithe, an oíche cheana, agus go breá luath thuig mé fhéin go raibh faobhar argóna ar mo sheanchairde, Séimí a’ Droichid agus Mártan Shéamais. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair caint a bhaint as an mbeirt chéanna, an oíche úd. I ndáiríre, ní raibh ach focal amhain ráite agamsa, nuair ba léir fonn cainte ar mo bheirt.
‘Cáinaisnéis’. B’in an focal adúirt mé, agus é beartaithe agam tuairimí na beirte eile a mhealladh uathu, ar ais nó ar éigean.
Bhuel! Geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair in aon chor caint a bhaint astu an oíche sin, ach ba é Séimí a bhain an bhearna dínn, nó ba é ba thúisce a chuir tús leis an iomarbhá.
Cáinaisnéis, an ea?
“Deirimse cáinaisnéis leat!!” ar seisean, agus straois gháire siar go dtí na cluasa air. “Cáinaisnéis, an ea? Ní cáinaisnéis ach robáil chaoch i lár an lae ghil a thabharfainn fhéin air. Féach an chaoi ar dheighleáil siad le pinsinéirí.”
“Ach,” adúirt mé fhéin ag cur isteach air, “cheap mé fhéin gur chaith siad go fial leis na saoránaigh chéanna sin, nó níor ardaigh siad an cháin ioncaim orthu, nó níor ísligh siad a bpinsean, ach oiread.”
“Furasta a fheiceáil cén taobh den teach a bhfuil tusa ag taobhú leis, nó an dall atá tú? Nár thug tú faoi deara gur bhain siad na cártaí leighis ó phinsinéirí áirithe, trí leibhéal a dteacht isteach incháilithe a ísliú? Go dtí seo, tugadh cárta don lánúin nach raibh a dteacht isteach níos airde ná míle dhá chéad Euro sa tseachtain, nó sé chéad Euro don duine singil, ach ísliodh tairseach an fhiosrú maoine go dtí naoi gcéad Euro don lánúin feasta, agus go sé chéad don duine singil, rud a fhágfaidh go gcaillfidh roinnt mhaith dem chairde a gcárta leighis feasta, agus dár ndóigh, níl ansin ach comhartha in aird na gaoithe”.
“ Ach, a Sheimí” arsa mé fhéin, “b’fhéidir nach raibh an dara rogha ag an Aire ach dul síos an bóithrín sin, an turas seo, agus b’fhéidir go ndéanfadh sé an t-ísliú sin a chealú arís sa chéad cháinaisnéis eile?”
Muca ag eitilt!
“Sea,” arsa Mártan Shéamais, “agus b’fhéidir go n-eitleodh muca, amach anseo. Nó nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin gurb é a mhalairt ar fad a tharlóidh, agus sin an faitíos atá ar sheanóirí an Stáit seo, faoi láthair.”
“Fíor dhuit a Mhártain,” arsa Séimí s’againne, “agus cuir leis an masla sin, go mbeidh ar an mbuíon chéanna sin a bhfuil Cárta Leighis, nó Cárta Dochtúra, acu, dhá Euro caoga Cent a íoc feasta ar chuile airteagal ar oideas a ndochtúra, agus nach gcaillfidh siad a liúntas telefóin freisin, gan trácht in aon chor ar ísliú an liúntais connaidh.”
“Ach, a fheara” arsa mé fhéin arís, “Caithfear a chur san áireamh, nach bhfuil sparán teann ag ár Rialtas, agus go gcaithfear gearradh siar, agus gearradh siar arís, le cuntais an Stáit a chothromú, agus ní hiad na seanóirí amháin a bheidh thíos le socruithe na Cáinaisnéise deiridh sin”.
D’ionsaigh an bheirt mé agus thug íde na muc is na madraí dom as bheith ag iarraidh ionsaí úd an Rialtais ar ár seanóirí a chosaint, agus d’admhaigh siad beirt, go mba mhór an náire domsa, seanóir, a leithéid a dhéanamh. D’fholmhaigh muid ár ngloiní agus thug an bóthar abaile orainn fhéin, nó thuigeamar triúr, gur múchadh an fonn cainte a spreag buiséad na bliana seo chugainn ionainn uilig.
Dár ndóigh, ní raibh mise ach ag iarraidh fonn argóna a spreagadh im chomrádaithe, agus b’in a bhfuair mé dá bharr!!!
.