Craobh na hÉireann sa Pheil….1951

Peadar Bairéad

Spéis sa Pheil!

Fuair mé post mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, sa scoil-bhliain 1950 – ’51, agus tar éis dom an bhliain sin a chaitheamh i mbun na hoibre sin, tugadh post seasmhach dom sa Choláiste sin. Bhí áthas an domhain orm dá bharr sin, nó níorbh fhurasta post da leithéid a fháil, ag an am. Bí ag caint ar chúlú eacnamaíoch!

Bhí spéis, agus dhá spéis agam sa pheil agus mé ag fás aníos in Iorras. Lean an spéis sin le linn mo bhlianta Meánscoile agus le linn mo bhlianta Ollscooile. Mar sin, nuair a d’iarr Uachtarán an Choláiste, An Dochtúir Ó Lachtnáin, nó an ‘Doc’, faoi mar a thugtaí air, bunús an ama. Nuair a d’iarr seisean orm teacht go Páirc an Chrócaigh leis Domhnach na Craoibhe, le go bhfeicfeadh muid Maigh Eo agus an Mhí ag imirt i gCraobh na hÉireann sa Pheil, 1951, ní call dom a rá, gur ghlac mé go fonnmhar lena thairscint, agus ar an Satharn bhuaileamar bóthar um mheán lae, agus an Doc’ ag tiomáint a Phrefect breá, nua, agus mise ansin feistithe sa seas tosaigh, ag coinneáil cainte leis. Ní gá a rá, gur bheag é m’eolas fhéin ar Bhleá Cliath ag an am, ach thóg an Doc go teach lóistín mé, agus rinne chuile shocrú dom, agus dúirt go dtiocfadh sé do mo thuairisc i ndiaidh an chluiche, ar na mhárach.

.

Liúireach agus Soncáil

Bhí go maith! Maidin Domhnaigh, i ndiaidh an Aifrinn, agus tar éis dom béile a chaitheamh, thug mé Páirc an Chrócaigh orm fhéin. Ní gá a rá nach raibh ticéad agam, ach tar éis dom tamall a chaitheamh ag ciúáil, fuair mé cead isteach, ach ní raibh le fáil agam, ag an bpointe sin, ach áit seasta ar an Seastán Fada. Ach, nár chuma? Nach raibh mé breá, óg, scafánta, ag an am, agus ní cuimhin liom anois go raibh tuirse, nó tada dá leitheid orm. Is cuimhin liom an plód ollmhór daoine a bhí thart orm ar an Long Stand sin. Is cuimhin liom an brú ar chlé agus ar dheis, agus chun tosaigh freisin, sea, agus is cuimhin liom go glé, glinn, an liúireach bhodhrúil gan sos, thart orm. Ní cuimhin liom tada anois faoin scóráil, nó faoin imirt, bíodh go raibh cuntas reatha ar na hearraí sin ag teacht chugam, ó chuile chearn, ón lucht féachana corraithe a bhí thart orm! fhanann liom anois ach cuimhne na soncála chun tosaigh agus leataobhach, chuile bhabhta a dhéantaí scóráil, nó chuile bhabhta a dhéantaí feall. Agus bíodh go raibh daoine ó Mhaigh Eo, agus daoine ón Mhí, thart orm, ní cuimhin liom anois go raibh siad in adharca a chéile, am ar bith, le linn na himeartha. Cinnte, bhí roinnt áirithe den mhagadh agus den mhugadh ann, ach ní raibh ann i ndáiríre ach cogadh na mbó maol. Bhí slua ollmhór (78,201) ag an gcluiche céanna sin, agus bhuaigh Maigh Eo le, 2.8, in aghaidh, 0.9, don Mhí agus geallaim dhuit é, nach raibh caint ar bith faoi mhallacht an tsagairt úd, an lá sin, nó bhain sin ar fad leis an todhchaí, ag an am!!!

Bród agus mórtas

I ndiaidh an cluiche, d’éirigh liom éaló ón slua ollmhór sin, agus d’éirigh liom an teach lóistín a bhaint amach in am, agus ba ghearr go raibh muid ar ár mbealach abhaile go Béal álainn an Átha i bPrefect glioscarnach an Doc. Ní gá a rá, go raibh áthas agus mórtas an domhain orainn i ndiaidh na bua. Is cuimhin liom an plódú tráchta fan an bhealaigh abhaile. Ach nár chuma? Nár bhain Maigh Eo an Chraobh i bPáirc an Chrócaigh? Ar deireadh thiar thall, shroicheamar an Coláiste agus deireadh an aistir. Fanann cuimhne na laethe sin liom go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ach, anois, agus sé bliana is trí scór sleamhnaithe leo isteach trí shúil dhroichead an ama, tharla r éirigh le mo Chontae dhúchais a chómhaith de éacht a dhéanamh san idirlinn…..An bhliain seo, 2017, b’fhéidir…………   

.

gaGaeilge