Leabhar Neamhghnách
***********************
.
Peadar Bairéad
David Golder………….céadchló….1929
le
Irene Nemirovsky.… …………..£16.99.
.
Thíos i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé, ar na mallaibh, nuair a tháinig mé ar an leabhar neamhghnách seo. Leabhar beag atá ann, nó níl ann, ó thús go deireadh, ach Céad Caoga agus Naoi leathanach, ach má sea fhéin, níl dabht ar domhan, ach go bhfuil scéal ar dóigh á ríomh ag an údar idir chlúdaigh chorraitheacha an leabhair seo.
Mar a fheiceann tú ón bhfógra thuas, cuireadh cló, a chéaduair, ar an scéal seo, sa bhliain 1929, agus mar atá fhios ag madraí an bhaile, b’in an bhliain ar thit an tóin as córas caipitleach an Iarthair. Ba í Irene Némirovsky a chuir an scéal i dtoll a chéile dúinn. Bean de bhunadh Rúiseach a bhí inti, bean a rugadh ansin sa bhliain 1903, agus a chaith a hóige i gcathair Kiev na Rúise. D’éirigh go seoigh lena hathair, Leon Némirovsky. Giúdach ba ea é, agus d’éirigh leis saibhreas agus cáil a bhailiú dó fhéin i sochaí a bhí naimhdeach go maith dá chine, ag an am, ach ní chun feabhais a chuaigh cúrsaí, le himeacht aimsire, nó nuair a tháinig an Réabhlóid Cumannach sa tír sin, sa bhliain 1917, cuireadh an baincéir Giúdach ó chumhdach an Stáit.
On the Run…
Ba é toradh a bhí ar na cúrsaí sin nó go ndeachaigh sé fhéin agus a chúram ar a dteicheadh, tríd an Fhionlainn i dtosach, agus ansin tríd an tSulainn, agus ar deireadh thiar, chuir siad fúthu i dtír na Fraince. D’oir sin go seoigh le hIrene, nó bhí an Fhraincis ar a toil aice, agus chuir sí roimpi ó thús, cáil a bhaint amach di fhéin mar scríbhneoir, sa teanga sin, sa tír sin. Phós sí Michael Epstein sa bhliain 1926, Giúdach freisin a bhí ar a theicheadh óna thír dhúchais, áit a raibh baint aige freisin le cúrsaí baincéireachta. Ach le filleadh ar Leon, an t-athair, d’éirigh leis teacht i dtír sa bhFrainc, trí phost a ghlacadh, mar oibrí, i mbanc ar leis fhéin é, tráth dá raibh.
Her First Novel
I gcás Irene, bhain a céad úrscal, “David Golder”, clú agus cáil amach di, i bPáras na Fraince, áit ar foilsíodh é, sa bhliain 1929. Idir sin agus 1942, shil trí húrscéal déag ó pheann líofa Irene, sular fhógair na Naitsithe cosc ar scríbhneoirí Giúdacha. Go gairid ina dhiaidh sin, gabhadh í, nó bíodh gur chuir sí iarratas isteach, ag iarraidh ar na hÚdaráis, glacadh lei mar chathróir Francach, níor bronnadh sin uirthi, agus dá bharr sin, bíodh go raibh sí dílis don bhFrainc, ní raibh cosaint le fáil aici ó Rialtas na tíre sin ab ansa lei, agus cuireadh go Campa Géibhinn Auschwitz í, áit ar cuireadh chun bháis í, sa bhliain 1942. Bhí leabhar eile, i ngeall le bheith críochnaithe aice, an t-am sin, ach níor scalladh solas an lae ar an saothar sin go dtí an bhliain 2004, nuair a foilsíodh é faoin teideal “Suite Francaise”, leabhar ina gcuireann an t-údar síos ar an bhFrainc faoi chumhacht na Gearmáine.
Bíodh gur deineadh an leabhar cáiliuil sin, David Golder, a aistriú go Béarla i dtús na dtriochaidí, ligeadh i ndearmad arís é, ina dhiaidh sin, go dtí gur dhein Sandra Smith é a aistriú go Béarla arís, sa bhliain 2007.
Quite an Introduction
Ag gabháil leis an eagrán seo den leabhar seo, David Golder, tá Réamhrá cumasach, eolgaiseach, léannta, ó pheann an údair, Patrick Marnaham. Tríd is tríd, is leabhar den chéadscoth é David Golder, ina gcuireann an t-údar síos ar shaint, ar mhídhaonnacht, agus ar leithleachas, an daonnaí agus é greamaithe i súil ribe an chaipitleachais Iartharaigh. Ní hé anois go raibh Irene ag scríobh faoi ábhar thar a cumas, nó thar a heolas, nó ba Ghiúdach mná í, a tógadh i measc baincéirí agus ceannaithe, agus thug sí faoi deara, conas a d’oibrigh siad, agus i mbun a ngnó. Más ag caint ar leithleachas agus ar shaint atá muid, níl le déanamh againn ach tús an scéil seo a iniúdhadh, le sin a thabhairt faoi deara. Féach mar a osclaíonn an t-údar an scéal seo….
‘No,’ said Golder, tilting his desklamp so that the light shone direactly into the face of Simon Marcus who was sitting opposite him on the other side of the table….. ‘A hundred, Golder? Think about it. It’s a good price,’ said Marcus.
‘No,’ Golder murmured again, then added, ‘I don’t want to sell.’
Just Business!
Ní gá a rá go raibh a Pháirtí, “Marcus”, i dtrioblóid, agus gur theastaigh cúnamh airgid go géar uaidh, agus tháinig sé chuig an duine a raibh sé i bPáirtíocht leis ar feadh sé bliana is fiche, ag súil go bhfaigheadh sé an cúnamh sin uaidh, ach bhí breall air. Ba bhreá le Golder cos i bpoll a chur leis, agus an Comhlacht a ghabháil faoina úinéireacht fhéin, feasta.
Chuir Golder críoch leis an agallamh leis an aon fhocal amháin………..
‘Business’ agus b’in sin.
Chuir Marcus lámh ina bhás fhéin, an oíche chéanna sin, tar éis dó cuairt a thabhairt ar dhrúthlann.
Faoi’n am sin, bhí Golder at teacht chun deireadh a laethe, agus é gan mórán fáltais fágtha aige. Bhí a bhean, Gloria, agus a iníon, Joyce, ag cur fúthu i mBiarritz, agus iad ag baint toite agus taitnimh as airgead an sprionlóra, David Golder. Ní thagaidís in aon ghaor dó, ach amháin nuair a bhíodh airgead uathu.
That Human Touch?
Ar deireadh thiar, theastaigh uaidh fáil réidh leo, ach fiú amháin, ar deireadh thiar, nuair a tháinig Joyce chuige ar thóir thuilleadh airgid, agus bíodh nach raibh sé cinnte fiú, gurbh í a iníon dílis fhéin í, shocraigh sé ar iarracht amháin eile a dhéanamh ar mhargadh, faoi chúrsaí ola, a dhéanamh leis na Rúisigh, le hairgead a chur ar fáil don Joyce chéanna sin, agus ba é an cruatan a chuaigh leis an margántaíocht sin a chriog é, tar éis dó an marghadh a bheith déanta aige. B’fhéidir go léirionn an gníomh deiridh sin ina shaol, go raibh boige daonna folaithe, áit eicínt, sa chroí istigh ann, le meá an leithlitheachais a chothromú.
Ach, más uait uirísle an daonnaí, teanntaithe i ngaiste an chaipitleachais, a thabhairt faoi deara, faigh an leabhar seo agus déan é a léamh, nó tá an scéal uilig sin le fáil taobh istigh de chlúdaigh an leabhairín bhig seo.
An-scéal, an-léamh, an-lúiriú ar ghrineall an leithlithchais, ach, ag an am gcéanna, b’fhéidir go bhfuil léas beag den dóchas, folaithe i ndeireadh an scéil, ag an údar tuisceanach, léannta, ildánach, daonna, seo.
.