I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Na Cait, go deo!

I Magh Nuad a bhí mé fhéin Lá na Craoibhe. Chaith mé scathamh ag ullmhú chuile shórt, sa chaoi go mbeadh suíochan deas compórdach in áirithe dhom, os comhair an telefiseáin, nuair a thosódh an pleancadh. Ba bheag rud i bhfoirm amhrais a bhí neadaithe i gcistin m’aigne, an mhaidin cheannann chéanna sin. Cinnte, bhainfeadh na Cait an cúigiú Craobh as a chéile agus scríobhfadh siad a n-ainmneacha i rolla glórmhar na staire, an lá cinniúnach sin! Tuige nach mbainfeadh? Nár dhein siad an beart bliain ó shoin? Agus má dhein, nár luigh sé le réasún go bhféadfadh siad an cleas céanna a imirt arís i mbliana?

Bhí mé socraithe i mo shuíochán tofa, go breá luath. Mé ag éisteacht leis na saineolaithe ag cabaireacht leo agus iad ag dearbhú os comhair an tsaoil, gur chreid siadsan freisin, go mbeadh an lá ag an Cait s’againne. Ba mhil bheach dom chluasa na briathra céanna sin an lá meala úd.

Na Deasghnátha gnácha

Ba ghearr ansin gur cuireadh tús leis na deasghnátha réamhchluiche. An tUachtarán ar an bhfód, an Banna Ceoil, Amhrán na bhFiann, agus máirseáil na bhFóirne os comhair an bhreis is ceithre scór míle duine, a bhí bailithe ar an bhfód, leis an gCluiche Craoibhe sin san Iomáint a fheiceáil. Ansin na himreoirí ag dul chun a n-áiteacha tofa agus iad ag fáil réidh don chluiche. Corr-bhéic gaisce agus misnithe ón slua. An sliotar á chaitheamh isteach ag an réiteoir, agus bhí Craobhchluiche 2010 faoi lán tseoil.

Bhí mé ag ceapadh fós go mbeadh an bua ag na Cait. Nach raibh na hiománaithe a ceapadh a bheith gortaithe, nach raibh siadsan ar an bhfód, leis an mbua sin a chur in áirithe dóibh? Ba ghearr áfach go raibh gaisce á dhéanamh ag na Tiobraidigh ar an bhfaiche imeartha. Bhí an dabht beag sin ag dul i méad i gcistin m’aigne, ach nach raibh neart ama fágtha fós ag na Cait, le cor in aghaidh an caim a thabhairt dá gcéilí imeartha? Sea, agus faoi leath-am, ní raibh ach poc báire idir an dá fhoireann. Bhí mé ag ceapadh fós go mbainfeadh na Cainnigh an cluiche cinniúnach sin.

Deoch shearbh na Díomua

Anois, níl fúmsa cuntas iomlán, buille ar bhuille, ar ar tharla le linn an chluiche cheanna sin, a thabhairt daoibh anseo, ach is féidir liom a rá, go mba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ormsa, go raibh seans ann anois, nach mar a shíl mé, a bheadh, an babhta seo. Chuaigh na Tiobraidigh ó neart go neart, agus charnaigh siad na scóranna freisin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur éirigh leo curaidh na bliana seo caite a chloí.

Bhuel, bhí sé éasca go maith dul chun cainte liomsa ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, ach ansin, rinne mé athsmaoineamh ar an scéal, agus ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dom, go raibh ardmholadh tuillte ag na Tiobraidigh, agus i ndáiríre, go raibh éacht, agus gaisce nár bheag, déanta acu ar Phairc na hImeartha. Go maire siad a mbua, agus fad saoil ag chuile dhuine de na himreoirí a thóg ár gcroí, lena ngaisce, agus lena scileanna, amuigh ansin ar Pháirc an Bháire. Sea, agus sílim, gur mar sin a bhreathnaigh bunús na gCainneach ar bhua Thiobraid Árann i gCraobhchluiche na bliana seo 2010.

Comhbhrón agus Comhghairdeas

Ach, le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ba mhaith liom, i dtosach báire, comhbhrón a dhéanamh le foireann Chill Chainnigh, ar ócáid na díomua seo, ach ag an am gcéanna ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo, as a scileanna, as a bhfearúlacht, as a misneach, agus as a ngalántacht. Mo chuidse de, thug an fhoireann chéanna seo pléisiúr agus sásamh dom, thar thréimhse fhada. Nár mhinic a thóg siad mo chroí lena ngaisce? Nár mhinic a d’éirigh leo áthas a chur orm, toisc gur shocraigh mé im aigne, blianta fada ó shin, saorántacht Osraí a bhaint amach dom fhéin, agus mo dhánsa a cheangal le dán an phobail ársa, bhródúil seo, agus bíodh go mba fhear peile mé ó dhúchas, ba ghearr an mhoill orm sa dúiche seo, go dtí go raibh mé im’ thacaí díograiseach ag Foireann Iomána Chill Chainnigh. Sea, agus mar dhuine a chuir aithne ar Bhrian Mac Óda, blianta ó shoin, i gColáiste Chiaráin, caithfidh mé a admháil gur chuir mé suim, agus dhá shuim, i ré Bhriain mar Bhainisteoir ar an bhfoireann cháiliúil sin, go nuige seo, ach go háirithe.

Tuilleadh le teacht…..

Ach, nach féidir linn uilig a bheith cinnte go mbeidh tuilleadh le clos againn faoin bhfoireann iontach s’againne, agus faoina mBainisteoir oilte, cáiliúil, sciliúil. Agus tá súil agam go mbeidh deis ag na Cainnigh deoch na bua a ól as Corn Mhic Charthaigh arís, gan aon ró-mhoill.

.

gaGaeilge