.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 19

.

D’inis mé dhaoibh gur chuir múinteoirí i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, Iorrais, obair shealadach ar fáil dom, agus ní call a rá, gur ghlac mé leis an bpost sin, le fonn is le flosc, agus ba thríd an bpost céanna sin, a fréamhaíodh grá don mhúinteoreacht sa chroí istigh ionnam, ach le filleadh ar an scéal a bhí idir chamáin agam…

Bíodh nach raibh an mhúinteoireacht chomh héasca is a cheap mé, ag an am gcéanna, thaitin sé go mór liom, ar bhealach eicínt. Bheadh sé deacair na gasúir sa scoil sin a shárú. Nár chuid dem phobal fhéin iad, agus tar éis dom scathamh a chaitheamh im mhúinteoir sealadach, tháinig me ar an tuairim, go n-oirfeadh ceird na múinteoireachta go seoigh liom. Chuaigh mé i gcomhairle le mo sheanmhúinteoir, an Máistir Ó Cróinín, agus ba é a mhol seisean dom, nó cur isteach ar chúrsa don “H Dip in Ed” i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, don bhliain scoile dár gcionn. Rinne mé rud air, agus glacadh liom, agus socraíodh go raghainn isteach ansin, faoi Dheireadh Fómhair na bliana sin, 1950.

Sea, bhí an fhadhb scaoilte agam, bíodh gur de thimpiste fhéin é. Raghainn le Meán- múinteoireacht. Mhol mo sheanmháistir dom freisin, cuairt a thabhairt ar roinnt Meánscoileanna, féachaint an mbeadh aon fholúntas acu, sa chaoi go bhféadfainn dul ag múineadh chucu, an Meán Fómhair sin, agus go raibh seans ann, go ligfí dom freastal ar chúrsa an “H Dip.” i rith na bliana sin. Rinne mé amhlaidh, ach, i ndáiríre, ba shaothar in aisce dom é, nó cé gur gealladh dom, i gcupla scoil, go gcuirfí fios orm, gan aon ró-mhoill, le dul i mbun oibre dóibh, tá mé ag fanacht fós ar litir uathusan, ag moladh dom teacht chucu. Ó Bhuel! nach ‘in an saol agat! An té tá thuas óltar deoch air, ach an té tá thíos, buailtear cos air. B’in mar a mhothaigh mise, ar aon nós, an tráth úd.

Ach, níorbh fhál go haer é, nó teacht an Mheán Fhómhair, bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe arís, agus thug m’aghaidh ar Ghaillimh na gCuan. Fuair mé lóistín dom fhéin i dteach aíochta, amuigh ar imeall na cathrach, i nGarraithe an Léana Bhuí, le muintir Mhic Aonghusa, agus caithfidh mé a rá, nach bhféadfainn áit níos fearr, níos oiriúnaí, nó níos cairdiúla a fháil, áit ar bith, i gcathair mhór na Gaillimhe, an tráth úd, ná an teach céanna sin, agus níor dúradh cat dubh, nó cat bán liom, i rith na bliana ar fad a chaith mé ina gcosamar, sea, agus roinneadar go fial, flaithiúil, fairsing, agus go cairdiúil, liom, fad a bhí mé ina measc. Bhí buntáiste eile ag baint leis an dteach lóistín céanna sin, sé sin, go raibh sé an-ghar don Ollscoil, agus tharla go raibh rothar agam, ní thógadh sé aon achar orm dul isteach chun na hOllscoile, nó teacht abhaile as arís, ach chomh beag.

D’airigh mé, go raibh mé i measc cairde, san Ollscoil chéanna sin, nó nach raibh seal de bhlianta caite agam ag freastal uirthi, tráth raibh mé im Nóibhíseach, i gCloughballymore House, tamall roimhe sin?

Ní call dom a rá, go raibh Garraithe an Léana Bhuí cóngaraach go maith do Bhóthar na Trá, agus chomh maith le sin, ní raibh Halla mór Rince, “Seapoint”, thar fad urchar méaróige uainn, agus geallaimse dhuit é, gur mhinic ár dtriall ar an ionad aerach, álainn, céanna sin. Anois, bhí fear óg eile ar lóistín le muintir Mhic Aonghusa, in éineacht liomsa, Albanach fir ba ea é, agus Jimmy ab ainm dó. D’éiríomar cairdiúil le chéile, agus théadh an bheirt againn chuig na damhsaí sin, a luaigh mé thuas, agus ba bhreá an comhluadar ar ócáidí dá leithéid é. Bhí Halla Rince eile sa dúiche sin freisin, ach ní bhíodh sé oscailte leath na gcuarta, an tráth úd, “The Hangar”, a thugtaí ar an Halla mór sin, agus bhíodh a ainm i mbéal an phobail, i nGaillimh, lá dá raibh, ach is dócha go raibh a sheal tugtha, faoin am ar tháinig mise ar an bhfód. Ní call dom a rá, ach oiread, go raibh chuile dheis ar fáil, fan Bhóthar na Trá, don té a mbeadh fonn snámha air, nó bhí ansin, tránna fairsinge, bána, agus chomh maith le sin, bhí céibh, agus clár tumtha, ansin, don té a chuirfeadh spéis ina leithéid.

Nuair a tháinig an lá spriocáilte, bhí mé fhéin thíos sa Choláiste, agus mé réidh lem’ thraenáil mar mhúinteoir a thosú. Chuireamar aithne ar ár nOllamh, an tOllamh Pádraig Ó Lorcáin. Ní fhéadfainn dul thar fóir i moladh an fhir sin, nó b’fhíor dhuine uasal é, a thiomhnaigh a laethe agus a shaol don léann, agus don taighde, agus fear nár dhein aon dá leith dá dhícheall, sa chabhair, nó sa chúnamh, a dháil se orainne, go fial, flaithiúil, fairsing. Ba dhuine cúthaileach é freisin, agus fear nár chuala mé riamh ag baint sclaimhe as mac léinn ar bith, bíodh gur mhinic a tugadh chuile chúis dó a leithéid a dhéanamh! Sea, mh’anam, ní fhéadfainn locht a fháil ar Pheat Larkin, agus tuigeadh dom i gcónaí, gur dhein sé a dhícheall, chuile lá riamh, bóthar an léinn a réiteach dúinn uilig. Bhí Peat suas-chun-dáta ina thaighde, agus ina chur chuige, agus déarfainn gur mór atá an tír s’againne faoina chomaoin aige, as ar dhein sé le caighdeán na múinteoireachta a chothú agus a fheabhsú, tráth raibh seisean ina Ollamh le hOideachas, i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.

Bhí gné eile den saol mór, a bhí thart orm feasta, nár dhein mé tagairt ar bith dó, go nuige seo, sa chaibidil seo.

Agus céard é fhéin? Adéarfása, b’fhéidir.

Buel, bhí mé thart ar chúig bliana is fiche, faoin am sin, agus m’fhocal is mo lámh dhuit, nár thaobhaigh mé le cailín, nó le bean ar bith, anuas go dtí an pointe sin den shaol. Bhuel, an mbeifeá ag súil lena athrach uaim? Bhí baol ann anois, go bhfanfainn glan amach uathu, an chuid eile dem shaol, agus mar sin, bhí orm suí síos agus mo mharanna a dhéanamh, faoi na cúrsaí sin, féachaint céard ba cheart, agus céard ba chóir dom a dhéanamh, feasta.

B’fhéidir, gur chóir dom an chuid sin dem scéal a fhágáil go dtí an chéad ghála eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an chaoi ar thosaigh mé orm fhéin a chur in oiriúint do shaol an tuata, in Éirinn na gcaogaidí. Bí liom, mar sin, don chaibidil sin, go bhfeicfidh tú cé mar a chuaigh mé i dtaithí an tsaoil chasta, chéasta, chéanna, sin.

.

Iarscríbhinn……….

Bhuel, a léitheoir, tá roinnt míonna imithe trí mhuileann an ama, ó chríochnaigh mé an chaibidil thuas. Ach cé mhéad atá scríofa agamsa faoi na cúrsaí sin, san idirlinn, faoi mar a gheall mé dhaoibh? Faic! Diabhal focal amháin fhéin! Ach, ná bíodh aon bhuairt oraibh faoi sin, nó tá mé meáite ar leanúint leis an scéal sin, amach anseo, agus bí cinnte, go gcuirfidh mé le m’fhocal, sár i bhfad.

.

.

.

.

gaGaeilge