Roghnú Gairme sna Daichidí

.

.

Im’ Theachtaire Scoile

Thaitin idir scoil agus scolaíocht liomsa, chuile lá riamh, agus dá chomhartha sin, d’éiríodh liom cibé ceacht nó cleachtadh a thugtaí dom, a dhéanamh gan stró. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht ó dhuine de na múinteoirí, bí cinnte gur ormsa a thitfeadh sé an gnó sin a dhéanamh dó. Thug sin deis domsa tréimhsí a chaitheamh amuigh ar bhóithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sháimhín só ar rothar breá rásaíochta an Mháistir. Théinn go dtí Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus théinn go dtí an baile mór le teachtaireachtaí don bPríomhoide, nó bhí a leannán ina cónaí i mBéal an Mhuirthead, agus minic a theastaíodh uaidh scéal eicínt a chur chuici i rith an lae. I gcás dá leithéid, ní raibh le déanamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar rásaíochta a thabhairt dom, agus d’fhéadfadh sé a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scríbe, ar an dá luathas. Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh Mór, sa bhliain 1939, go gcuireadh an tArdmháistir, an tUas. Seán Ó Cróinín, mé fhéin agus Proinsias Mac Eoin, go dtí teach Mhic Eoin ar an nGeata Mór, le héisteacht leis an nuacht ar an Raidió, agus scéala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige. Anois, cé go mbínn amuigh ar theachtaireachtaí, leath na gcuarta, níor chuir an ealaín chéanna sin isteach puinn ar mo chuid scolaíochta, nó bhí ar mo chumas, cibé a bhíodh á dhéanamh acu agus mise ar fán ón seomra ranga, d’éiríodh liom an méid sin a phiocach suas, gan stró, agus cibé obair bhaile a bhí le déanamh againn, a dhéanamh gan teip, chuile oíche. Níorbh é sin amháin é, ach d’éiríodh liom freisin, corr scilling a shaothrú as mo scileanna léinn, nó thagadh scoláirí áirithe chugam, leis an obair bhaile chéanna sin a dhéanamh dóibh, agus iad breá sásta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar chúiteamh. Minic a d’éirigh liomsa fáil isteach chuig na scannáin tostacha, tríd an gcleas céanna sin.

Dul le Sagartacht

Thart ar an am gcéanna sin, agus náisiúin mhóra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a chéile, agus rudaí á gciondáil anseo i dtír na hÉireann, thosaigh an Máistir Ó Cróinín ag iarraidh treoir ghairme eicínt a chur ormsa. D’iarr sé mé a stiúradh an bealach seo, agus d’iarr sé mé a stiúradh an bealach úd eile, ach i ndeireadh na dála, ba í an tsagartacht a roghnaigh mé. Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus dá thairbhe sin, ní bheadh sé indéanta mé a chur go Maigh Nuad, nó chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardnósacha, ach, níorbh fhál go haer é! nó bhí “Cumann Misinéirí chun na hAifrice”, nó an SMA, mar a thugtar orthu, breá sásta gasúir de mo leithéidse a ghlacadh isteach ina scoileanna, ar tháille an-íseal, ag súil go leanfadh uimhir áirithe de na daltaí sin leo go ndéanfaí sagairt do na Misin díobh, i ndeireadh na dála. Tuigeadh dóibh, dár ndóigh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain déag idir thús an chúrsa agus lá an oirnithe. B’fhéidir go dtógfadh siad isteach thart ar chúig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach ndéanfaí ach cúigear, nó seisear, díobh sin a oirniú, ar deireadh thiar. Bhí siad lán-tsásta leis na huimhreacha sin, agus bhí siad lán-tsásta freisin, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fhéin. Ach ba bheag a thuig mise faoi na cúrsaí sin, agus mé fhéin agus an Máistir ag cur cúrsaí creidimh agus sagartachta trí chéile, i Scoil Náisúnta na Cille Móire Iorrais, i ndeireadh thriochaidí agus i dtús dhaichidí na haoise seo caite. Ar aon chuma, bheartaigh mé fhéin dul chun na hAifrice im’ mhisinéir. Bhí grá im chroí agam, an t-am sin, do ghormaigh na hAifrice. Ní ón gcnoc nó ón ngaoth a bhailigh mé fhéin an chráifeacht, nó ba dhuine í mo Mham, a raibh an oiread sin creidimh aici is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, tógadh mé i bpobal ina raibh céad faoin gcéad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le fíricí na Críostaíochta. Sea, agus “fair play” don Mháistir, bhí seisean sásta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gasúr dem leithéidse a chur chun an Choláiste úd i mBéal an Átha Fhada, i ngiorracht roinnt mílte do Bhall Álainn, i gContae Mhaigh Eo.

An scéal i mBéal an Phobail

Ba ghearr go raibh an scéal ina loscadh sléibhe i mbéal gach éinne.

“Ar chuala tú an nuacht?” adéarfadh duine.

“Cén nuacht atá i gceist agat?”

“Cén nuacht, an ea? Go bhfuil Peadar Mhichael Mhicí ag dul sna sagairt!”

“Ag magadh fúm atá tú? mar nach bhfuil níos mó ná a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar céanna, bail ó Dhia air!”.

“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach sin an scéal a chuala mé fhéin, anois díreach, ó Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom céanna sin an-mhór le Bairéadaigh na Druime?”

“Ó, bhuel! má bhí an scéal ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bunús eicínt leis. Bhuel anois! cé chreidfeadh go raghadh an diabhailín céanna sin le sagartacht? “ “Nach ait an mac an saol? agus nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac?”

B’in mar a bhí i measc na gcomharsan, na laethe úd, i lár na bliana úd 1940, agus mise ag fáil réidh le bealach úr a threabhadh dom fhéin, nó níor ghnáth-rud é, an t-am sin, buachaill óg dem leithéidse, Cliarscoil a thabhairt air fhéin.

Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh. Ach de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim linn, bhí ag dul ina luí ormsa, méid na céime a bhí á tógáil agamsa. Ach dá fhaid an lá tagann tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é. Ar deireadh thiar thall, tháinig an lá mór. An oíche roimh ré, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s’againne, le slán agus beannacht a chur liomsa, nó ba é sin nós na muintire thiar, ag an am sin.

Faoi’n am sin freisin, bhí chuile short, a bheadh ag teastáil uaim sa Choláiste, ceannaithe agus pacáilte, i gcás breá, nua, taistil, domsa. Mo Mham agus mo dheirfiúracha ba mhó a rinne an gnó sin, nó ba bheag scil a bhi agamsa sna cúrsaí céanna sin, ag an am, murab ionann is anois.

Seolta Tógtha

Ar maidin, bhuaileamar bóthar. An t-am sin, ní gá a rá, nach raibh carr, nó cairt, le síob a thabhairt dom go Béal an Mhuirthead, mar ní théadh an bus thar an mbaile mór sin siar, ag an am sin. Deiridís go raibh an droichead ró-chúng, ró-lag, nó nó-rud-eicínt-eile, agus sa tslí sin, fágadh muintir na leithinse lena mbealach fhéin a dhéanamh go Béal an Mhuirthead, dá mbuailfeadh an fonn taistil iad. Mar sin, ar rothar is ea chuaigh mé fhéin go Béal an Mhuirthead, an mhaidin spriocáilte sin. Chuaigh mo dheartháir Seán, Grásta ó Dhia air, in éineacht liom, leis an gcás breá, donn, nua sin, a iompar, nó bhí Seán níos sine agus níos foirfe na mé. B’eisean an duine ba shine den ál, agus meas dá réir againne air. Chuir Seán ar an mbus mé, thug mo chás don tiománaí, do “Láchaí Clarke”, agus d’fhág slán liom.

Bhí mé liom fhéin ar deireadh, agus geallaimse dhuit é, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcnámh isteach ionam. D’fhág mé Béal an Mhuirthead faoi ghradam, mé gléasta in éide ábhar sagairt, agus níos mó airgid i mo phóca, ná mar a bhí feicthe agam riamh roimhe sin. “Láchaí Clarke” ag tiomáint agus “George Ormsby” ina stiúrthóir againn. Ba nuacht chuile shórt domsa, nó ní raibh mé fhéin níos faide ó bhaile ná Béal an Mhuirthead, riamh roimhe sin. Nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé crainn den chéad uair riamh, ba bheag nár bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na súl díom. Ar deireadh thiar, shroicheamar Béal an Átha, ach ní raibh ar mo chumas dul níos fuide, an lá sin, nó ní raibh ach traein amháin ag fágáil Béal an Átha, in aghaidh an lae, an tráth sin, agus d’imíodh sin ar maidin. Éinne ar theastaigh uaidh dul níos faide ná Béal an Átha, bhuel, d’fhéadfah sé fanacht go dtí an lá arna mhárach. Chuir mé fhéin fúm, an oíche sin, in “Óstán an Néfin”, ach bhí mé ar mo chois go breá luath an mhaidin dár gcionn.

Chun Bóthair arís

Ar ball, rinne mé mo shlí go Stáisiún na Treanach. Ó, a Thiarcais! nár mhór idir sin agus tada dá bhfaca mé fhéin riamh roimhe sin! Cheannaigh mé mo thicéad agus isteach liom ar an ardán, le fanacht leis an traein. Ní raibh mé im aonar ansin, ach oiread, nó bhí slua mór daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein úd na maidine, nó ní bheadh traein eile ag fágáil an stáisiúin sin go dtí an mhaidin dár gcionn. Ba nuacht chuile shórt domsa, agus mar sin, bhí mé ag siúl liom síos suas ar an ardán, agus mo thicéad greamaithe go teann im ghlaic agam, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna agamsa é agus an ticéad draíochta sin, nó cibé útamáil a bhí ar siúl agam, thit an ticéad síos uaim, idir an traein agus an ardán. Ó, a Thiarcais! conas a gheobhainn greim ar mo thicéad draíochta arís, agus mura bhfaighinn greim ar an dticéad céanna sin, is dócha nach ligfí ar bord na traenach chor ar bith mé. Bhuel, ar ámharaí an tsaoil mhóir, bhí fear breá, scafánta, óg, ó Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir Uí Mhurchú, ar an bhfód, agus d’fhág seisean a mhála taistil ar leataobh, agus síos leis ,de léim, idir an traein agus an ardán, agus i bpreab na súl, bhí mo thicéad caillte slán sábháilte ina ghlac aige. Thug sé ar ais dom é. Ghabh mé mo bhuíochas ó chroí leis, agus sa chomhrá a lean an eachtra sin, d’inis sé dom, go mba bhall de Aerfhórsa Shasana é, agus go raibh sé tar éis saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais. D’fhiafraigh mé fhéin de, ar ghlac sé aon pháirt fós sa Chogadh Mór. “Abair é, a stór,” ar seisean, “nó is beag lá nach dtéim fhéin, is mo bhuíon trodairí, ar aer-ruathair, thar chríocha na Gearmáine isteach, ag buamáil, ag troid, ag spiaireacht.”

“Agus an bhfuil sé contúirteach bheith i mbun na hoibre sin?” arsa mé fhéin.

“Bhuel,” ar seisean, “is beag lá nach gcailleann muid comrádaí amháin, ar a laghad, agus níl ann ach cluiche gill, mar adéarfá. Bhí an t-ádh i mo chaipínse, go nuige seo ach go háirithe, agus tá súil le Dia agam, go dtiocfaidh mé slán abhaile ón gcogadh millteach, uafásach, seo.

Fead na Traenach

Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphléascach, na traenach, agus í réidh chun bóthair. Chuamar ar bord. D’fhágas fhéin slán le mo chara nua, an fear breá, ard, rua, dathúil sin, ó Bheannchor Iorrais, agus muid ag súil go gcasfaí ar a chéile sinn arís, amach anseo, ach tá faitíos orm, nár chasadh Mac úd Uí Mhurchú arís orm, ó shoin i leith, agus níl fhios agam ó thalamh an domhain, ar tháinig sé slán ón mbearna bhaoil, nó ar cailleadh é ar mhisean, nó ar ruathar eicínt, isteach thar theorainn na Gearmáine isteach. Cibé faoi sin, ba é an Mac Uí Mhurchú úd mo chéad laoch, agus bronnaim anois an curadhmhír air, bíodh sé beo, nó bíodh sé marbh.

Ar ball, d’ardaigh an traein a seolta, agus as go brách lei, go torannach, ardghlórach, agus mise á sciobadh aici lei, ó dhúthaí mo mhuintire, agus ó nead teolaí na hóige. Nach orm a bhí an t-ionadh, agus an traein sin ag réabadh lei trí ghoirt is trí mhóinéir, trí bhailte is trí choillte, go dtí gur stop si sa deireadh i mBall Álainn, agus nár cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an stáisiún sin? Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de rúid as an traein úd, an chéad traein dár leag mise súil riamh uirthi, agus chomh luath is a bhí mise bailithe liom amach aisti, lig sí fead ghéar, chluasphléascach, mhagúil, aisti, agus as go brách lei arís, go torannach, gaileach, rothach, amach as stáisiún úd Bhall Álainn.

Ceann Scríbe Sroichte

Bhreathnaigh mé timpeall orm fhéin, nó dúradh liom go mbeadh duine eicínt ansin romham, le treoir a dhéanamh dom. Tháinig fear bunaosta im threo i leith. “An tusa an Bairéadach?” ar seisean liom. “Is mé,” arsa mé fhéin á fhreagairt. “Tar liomsa, má sea,” ar seisean, “tá cóir iompair anseo amuigh agam, le tú a thabhairt go dtí Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada.”

Lean mé amach as an stáisiún é, agus do bharúil, cén gléas iompair a bhí aige ansin faoi mo chomhair? Céard eile a bheadh aige ann, ach carr cliathánach? Go breá ar fad, arsa mise liom fhéin, beidh “jaunt “ breá agam ón stáisiún traenach seo go dtí an Coláiste.

**********************

.

gaGaeilge