S N I O G A D H M O S C É I L

.

Gheall mé dhaoibh cheana, go bhfillfinn, am eicínt, le críoch a chur leis an scéal seo, scéal mo bheatha, agus nuair a smaoiním air anois, nach fada an turas atá siúlta agam, ó rugadh mé, i lár na bhfichidí, i mbaile na Druime, i bParáiste na Cille Móire, in Iorras Domhnann, i gContae Mhaigh Eo. Mór go deo idir an cineál saoil a bhí i dtreis, thiar againne, an tráth úd, agus an cineál saoil atá ann, sa lá atá inniu ann. Is dócha go bhféadfá a rá, gur thaistil mé fhéin, faoi mar a bheinn i meaisín ama, ó shaol mheánaoiseach go saol taibhseach, taitneamhach, freacnairc, an aonú haois fichead. Thitfeadh na daoine a bhí beo, ag an am sin, as a seasamh, dá ndéarfaí leo, go bhfeicfí riamh na hiontais atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann.

Saol bocht, gortach, gann, a bhí ag daoine an tráth úd, sé sin, i gcomparáid leis an gcineál saoil atá ag daoine anois, ach an tráth úd, ní raibh cleachtadh ag éinne ar a mhalairt, agus dá bharr sin, bhíodar breá, sásta, lena raibh acu, agus níorbh é sin amháin é, ach bhaineadar sult agus sásamh, toit agus taitneamh, as an saol a bhí i dtreis an tráth sin, faoi mar a bhaineann lucht an lae inniu sásamh as a bhfuil ar fáil acusan, sna laethe seo.

Ré an Ghanntain

Bhí chuile shórt gann an tráth úd. An té a bheadh amuigh cois trá, bhaileodh sé chuile shórt dá bhfaigheadh sé sa mbruth fó thír, giotaí adhmaid, buidéil, cláiríní, nó iasc, fiú, mar ba bhreá a thuig siad, go bhféadfaí leas a bhaint astu sa bhaile. Ní raghadh duine, an tráth úd thar an leithphingin fhéin, gan í a phiocadh suas agus a chur ina phóca, nó dá bhfaigheadh sé ceann eile le cur lei, nach mbeadh pingin aige! Mar an gcéanna le rud ar bith a gheobhadh sé ag dul amú, ar bhóthar, ar shráid, nó ar thrá. Breathnaigh ar chúrsaí sa lá atá inniu ann, agus tabharfaidh tú faoi deara, nach mbacfadh bunús na ndaoine le rudaí fánacha dá leithéid, nó nach bhfuil a ndóthain mhór de na hearraí sin acu, cheana féin.

Ré na Meitheal

Bhí rud eile le tabhairt faoi deara an t-am sin, nach bhfeicfeá ach go hannamh anois, agus b’in go raibh daoine sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dá chéile. Thuigeadar, go binn, brí an tseanfhocail adúirt, gur ar scáth a chéile a mhaireann daoine, agus ba threise, dár leosan, an pobal ná an duine aonair, agus ba é dualgas an phobail chéanna sin, teacht i gcabhair ar an nduine aonair, in am an ghátair. Sea, agus b’in é díreach a dheinidís, agus ba as an dearcadh sin a d’eascair an mheitheal agus comhar na gcomharsan. Sea, agus an rud nach raibh agatsa, dá mbeadh flúirse de ag duine eile, d’fhéadfá a bheith cinnte, nach bhfágfaí ar an ngannchuid thú. Sa tslí sin, roinnfí bainne, uibheacha, im, móin, fataí, agus a leithéid, ar an gcomharsa a bhí dhá n-uireasa.

Ré na Cuartaíochta

Bhí rud eile i gceist freisin, agus sé sin, go bhféadfá na gasúir a ligint amach gan faitíos nó eagla go ndéanfadh comharsa ar bith dochar dóibh, a mhalairt a bhí fíor, nó choinníodh an chomharsa súil ar ghasúir an phobail, agus bhídís sásta freastal orthu, dá dteastódh tada uathu.

B’in an tráth, nuair a théadh daoine ag cuartaíocht i rith shéasúr na cuartaíochta, ó Shamhain go Bealtaine. Bhídís ag scéalaíocht agus ag imirt cártaí, agus ag an am gcéanna, bhíodh na rudaí beaga ag imirt a gcleas siúd freisin, sea, agus b’fhéidir go mbeadh na mná ag cuilteáil, nó ag cleiteáil leo go sásta. Sea, chuile dhuine ag seinim ar a uirlis fhéin. B’in a bhí sa treis, sul ar tháinig an raidió, nó an Teilifís, i gcumhacht i ngach uile chistin agus parlús sa tír. Sea, mh’anam, níorbh olc ar fad an saol é, nó chuir sé iachall ar dhaoine úsáid a bhaint as a dtallanna fhéin, le caitheamh aimsire daonna, ar a leibhéal fhéin, a chur ar fáil dóibh fhéin. Dá dteastódh ó dhuine tuairimí ardnósacha a chloisteáil, cead aige comhluadar an Mháistir, nó an Dochtúra, nó an tSagairt fhéin, bail ó Dhia air, a lorg, ach annamh go maith a dhéanaidís a leithéid, mura mbeadh fonn nuachta nó a leithéid orthu.

Ré an Daonnaí

Sa chineál saoil a chleacht muidinne, agus mise i mo pháiste, ní raibh trácht ar raidió nó ar theilifís, ar irisí nó ar ghreannáin, nó fiú ar nuachtáin, taobh amuigh de na seachtanáin, agus dár ndóigh, ní raibh an fón fhéin, ach ag an bhfíor-chorrdhuine.

Cá bhfaigheadh daoine an nuacht, an tráth úd, má sea?

Sna seachtanáin, agus ó bheith ag comhrá leis na daoine gairmiúla, a raibh fáil acu ar na meáin chumarsáide, nó bí cinnte, go raibh teacht ag na daoine sin ar nuachtáin, ar raidió nuair a tháinig sé ar an bhfód, agus ar an bhfón, freisin.

Agus cérbh iad na daoine gairmiúla, a raibh teacht acu ar na foinsí eolais sin?

Lucht gairme, cosúil leis an sagart, an múinteoir, an dochtúir, agus a leithéidí. Nílimse ach ag maíomh nach raibh fáil ag an gcosmhuintir s’againne ar na foinsí nuachta sin. Istigh i dteach an ghréasaí, nó an chaibléara, nó fiú i gceárta an ghabha dhuibh, ba mhó a bhíodh a dtarraingt siúd, ar thóir nuachta, sea, agus d’fháilteoidís roimh an lucht siúil freisin, nó nach ndeirtí i gcónaí go mbíodh siúlach scéalach.

Litreacha, an ea?

Céard faoi litreacha, mar sin?

B’annamh a gheofaí litir, an tráth úd, sé sin, mura raibh duine muinteartha agat sna Stáit, nó i Sasana, sin nó go mbeadh airgead ag siopadóir eicínt, nó ag an “Land Commission” ort, agus go mbeadh siad ar a thóir! Ceart go leor bhíodh cupla cárta Nollag, ag dul sa timpeall, thart ar an Nollaig, ach taobh amuigh de sin, ba bheag an baol go mbeadh casán rua buailte ag fhear an phoist chun do dhorais.

Cén fáth ar tharraing mé an téad sin chugam le críoch a chur leis an tsraith aistí dírbheathaisnéiseacha seo, an ea?

Toisc gurb iad sin an troscán atá le feiceáil agamsa fós i gcistin mo chuimhní, agus am ar bith a théim siar ar bhóithrín na smaointe, tógaim chugam cnámha na gcuimhní céanna sin, agus caithim seal á gcreimeadh. Agus le himeacht na mblianta, is amhlaidh is soiléire, agus is snasta, a éiríonn na cuimhní sin.

Ach céard faoi na cuimhní atá bailithe agam, i rith na mbianta a d’imigh, ó chuaigh mé amach ar scor?

Gála amháin eile….

Táid sin ann freisin, ach tá faitíos orm, go gcaithfidh mé iad sin a choinneáil siar go dtí an chéad ghála eile, agus geallaimse dhuit anois é, go gcuirfidh an chéad ghála eile sin críoch le mo scéalsa, scéal a thug ó bhaile na Druime go barr Mesa Verde sna Stáit Aontaithe, agus ó Bharúntacht Iorrais go Playa Del Ingles i nGran Canaria, mé, sea agus saol a thug ó smacht na sagartachta go fíon fiáin borb na filíochta, agus ó léamh na salm go ceird chasta na scríbhneoireachta mé, ach ó thús deireadh, ba é mo mhian, chuile lá riamh, casán an chirt agus bealach mo leasa a leanúint, bíodh go bhfuil a fhios agam, nach i gcónaí a d’éirigh liom an mhian sin a réaladh, i gcaitheamh mo laethe.

gaGaeilge