E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 6

.

Chaith mé Samhradh na bliana in 1942, sa bhaile, i mbaile na Druime, in Iorras, Contae Mhaigh Eo, agus mé ag baint taitnimh as an saol sa bhaile. Ní bhíodh an oiread sin le déanamh agam na laethe úd, ach ghlacainn páirt ghníomhach i saol laethúil na feirme. Ní gá dhom a rá arís, nach raibh againn ach feirmín beag talaimh, ach dá laghad an feirmín, is ea ba mhó iad na graithí beaga a bhí le déanamh sa timpeall air, ag an aos óg. Bhíodh móin le sábháil, le cur amach, agus le tarlú abhaile, agus ní call dom a rá, gur ghlac mé fhéin páirt san obair sin uilig. Ní gá dhom a rá, ach oiread, nach mbíodh innealra ar bith in úsáid againn, leis an obair mhaslaitheach sin a dhéanamh. Ní bhíodh, mh’anam, sinn fhéin a dhéanadh an mhóin a shábháil, idir scaradh, iompó, agus ghróigeadh. Ní bhíodh de chabhair againn leis an mhóin a chur amach ar thaobh an bhóthair, ach Neidí fhéin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muidinne chomh cruógach leis na hasail bhochta fhéin, ar ócáidí dá leithéid.

Bhíodh buachailleacht le déanamh ar na ba freisin, agus geallaimse dhuit é, nach mbíodh an gnó sin ró-éasca, ach oiread, nó bhíodh chuile shórt bradaíl á dhéanamh ag na ba s’againne, an tráth sin bliana, nó bhíodh barraí agus féar ag fás leo go buacach, sea, agus na gais ar áilleacht, agus ar mhilseacht, an domhain freisin, rudaí a mheallfadh bó bhradach ar bith, le tamall a chaitheamh le haer an tsaoil. Cuir le sin, go mbíodh ba againn freisin ag iníor sna dumhcha, a bhí, an t-am sin, mar choimíneas ag dhá thionónta is triocha, as na bailte timpeall. An tráth sin bliana freisin, bhíodh fataí le spraeáil, fiailí le baint, féar le sábháil, arbhar le tógáil, agus súgáin le casadh. Sea, agus de ghnáth, bhíodh siad tosaithe ar bhaint na bhfataí, roimh dul ar ais ar scoil domsa, i Mí Mheán an Fhómhair. Ach taobh amuigh de na graithí sin uilig, ní call dom a rá go mbíodh neart ama agam, le dul ag snámh, ag cladóireacht, agus ag déanamh spraoi, lem sheanchairde. Sea, níor bhasctha de mar shaol! Agus cuir le sin, go mbíodh mé ar ais i measc mo mhuintire fhéin, thiar in Iorras na nIontas, tar éis dom téarma fada, crua, staidéir, a chaitheamh i gceann de na Coláistí sagartachta úd, ar a mbíodh mé ag freasatal, an tráth sin.

Is dócha gur cheart dom cuid de na míbhuntáistí a bhain leis an bhfreastal ar na Coláistí sagartachta úd a lua anseo. Ar an gcéad dul síos, bhris siad an snaidhm a bhí mar cheangal idir mise agus mo phhobal dílis fhéin i mbaile na Druime. Ba straisnéar feasta mé i measc mo mhuintire fhéin. Chreim léann úd an tsagairt an snas draíochta a bhain leis an gcultúr, agus leis an tsibhialtacht ársa, ar díobh mé. Ní raibh an meas céaanna agam feasta ar thithe beaga bochta ceann tuí mo dhaoine fhéin, nach bhféadfaí a chur i gcomparáid leis na foirgnimh shnasta, dea-dheartha, fairsinge, a bhí thart orainn, le linn dúinn bheith ag freastal ar na tithe móra úd, a d’fhág an Cunta Llewellan Blake le huacht ag an SMA. Ní raibh an meas céanna agamsa feasta ar na díonta ceann tuí, ar na fallaí aoldaite, nó ar na tinte oscailte mar chóras cócaireachta.

Bhí sin uilig dona go leor, ach bhí rud níos measa fós ag baint leis an gcineál sin oideachais. Cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh canúint iargúlta ár muintire sa bhaile, inghlactha mar mheán cumarsáide, don sagart léannta, agus sa tslí sin, tógadh claí ard eile idir mé fhéin agus mo mhuintir thiar. Caithfidh mé a rá, nár dhein mé dearmad riamh, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ar an éagóir neamhbheartaithe sin, a deineadh orainne, ábhair shagairt, i gcoláistí sagartachta na tíre seo, ag an am sin. Is dócha go bhféadfaí sin uilig a chur i gcrích, ar mhódh nach mbainfeadh den mheas, nó den uraaim, a bhí againn dár muintir fhéin, nó dár gcultúr fhéin, ach baineadh úsáid as an searús, agus as an magadh, mar airm, le sinn a scaradh ón bpobal ba dhúchas dúinn. Ní call dom a rá, gur éirigh liom, ar ball, cúl a chur ar an bhfolcadh intinne sin, agus gur mó, go mór fada, mo mheas ar mo dhúchas inniu ná riamh, ach ag an am gcéanna, fanann cuimhne na héagóra úd, go glas, i gcistin na gcuimhní, sa tslí go mbíonn orm na cuimhní céanna sin a dhíbirt go rialta as croí m’anama.

Ach le filleadh ar an scéal…Am áirithe, i Mí Lúnasa na bliana sin, 1942, tháinig litir chugainn ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa, ag cur in iúl dúinn gur éirigh thar barr liom i Scrúdú na Meánteistiméireachta, agus dá bharr sin, go rabhthas ag súil anois, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí, i dtús Mhí Mheán Fómhair. Ní gá a rá, go raibh áthas an domhain orm fhéin gur éirigh liom chomh maith sin sa Mheánteistiméireacht, agus bhí sceitimíní áthais orm freisin, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i gceann achair ghearr. Ní cuimhin liom anois an gliondar céanna a bheith ar na daoine thart orm, nó is dócha nach mbíodh cleachtadh ró-mhor ag daoine thiar, an tráth úd, ar dhaoine ag déanamh scrúduithe poiblí, murab ionann is an lá atá inniu ann. Ach bhí mo mhuintir fhéin bródúil go maith asam, agus moladh go mór mé as an éacht a bhí déanta agam, an chéad duine de Bhairéadaigh na Druime ar éirigh leis an Mheánteistiméireacht chéanna sin a dhéanamh, gan trácht in aon chor ar marcanna arda a fháil inti. Ach sin scéal eile d’oíche eicínt eile.

In éineacht le toradh an scrúdaithe sin, dár ndóigh, fuaireamar chuile eolas faoi’n scoil nua úd i gCorcaigh, agus ar chuile shórt a bheadh ag teasatáil uaim, le linn dom bheith ag freasatal ar an gColáiste céanna sin. Bhuel, ceannaíodh a raibh le ceannacht, agus ullmhaíodh a raibh le hullmhú, agus ar an lá spriocáilte, bhí mo mhálaí pacáilte ullamh agam. Ní call dom a rá, gurbh iad mo dheirfiúracha agus mo mháthair fhéin a rinne bunús na pacála céanna sin, nó cheana féin, bhí mo mhuintir thiar ina míle cuid thart orm, agus ómós an tsagairt á thabhairt dom acu, cé nach raibh ionnam fós ach sagairtín. Ar an mhaidin spriocáilte sin, bhuaileamar bóthar, mé fhéin is mo dheartháir Seán, grásta ó Dhia air, agus d’iompar seisean mo mhálaí taistil ar a rothar, agus ba ghearr an mhoill orainn Béal an Mhuirthead a bhaint amach, nó ní thagadh an bus thar dhroichead Bhéal an Mhuirthead, isteach sa Mhuirthead, an tráth úd. D’fhágamar slán ag a chéile agus isteach liom fhéin sa bhus, áit ar chuir Tom Cuffe, agus a stiurthoir, fáilte is fiche romham, agus thugadar aire dom’ mhálaí freisin dom. Ar ball, d’ardaigh siad a seolta, agus ba ghearr an mhoill orthu Béal an Átha a bhaint amach. Thart ar dhá uair a chloig a thógadh sé ar an mbus an dá scór míle sin a thaisteal, nó ní raibh na bóithre céanna thar mholadh beirte, an t-am sin.

Bhí go maith, is ní raibh go holc. Shroicheamar Béal an Átha, thart ar a haondhéag ar maidin, agus ar an droch uair, bhí traein na maidine sin glanta lei as an stáisiún, cheana féin, agus ní bheadh traein eile ag dul amach go dtí an mhaidin dár gcionn. Dona go leor, a tháilliúir! arsa mise liom fhéin, agus d’fhág sin nach raibh le déanamh agamsa ach an lá fada sin a chaitheamh, ag siúl timpeall ag tabhairt chuile sórt faoi deara, sea, agus béile a chaitheamh, nuair a bheadh gá lena leithéid. Chuir mé fúm, an oíche sin, in Óstán an Néifin, i Sráid Artúir, cóngarach don Scardán úd, a bhí suite, ag an am sin, mar a bhuaileann Bóthar Bhéal an Mhuirthead le Bóthar Bhéal Easa. Ní fhéadfainn a rá gur bhain mé taitneamh as an lá fada fuar sin, a chaith mé ansin i mBéal an Átha, ar bhruacha féarmhara méithe na Muaidhe, i dtús Mhí Mheán Fómhair, sa bhliain 1942, ach caithfear cur suas leis an rud nach bhfuil leigheas air, agus bhí mé ‘mo shuí go breá luath, an mhaidin dár gcionn, agus mé ar mo bhealach go dtí stáisiún na traenach, i mBéal an Átha. Ní call dom a rá, go raibh an cogadh faoi lán tseol, an tráth úd, agus ní call dom a rá, ach oiread, go raibh chuile shórt connaidh gann, sa tír seo, ag an am, agus dá bharr sin, bhí na traenacha mall, tuirsiúil, neamh-mhuiníneach. Ba mhall tuirsiúil an turas é ó Bhéal an Átha go Luimneach, nó ní raibh ar ár gcumas dul níos faide ná sin, an dara lá sin. Muid ag stopadh anseo is ansiúd, fan an bhealaigh, agus muid ag iarraidh chuile bhabhta, a fháil amach, tuige an mhoill ar fad. Bhíomar tuirseach go maith um thráthnóna, nuair a shroicheamar Luimneach na long. Ar thug tú faoi deara, go bhfuil mé ag baint úsáid’ as an uimhir iolra anseo, agus is é cúis atá le sin, nó go raibh cuid de na mic léinn óm’ rang i gColáiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, in éineacht liom, faoin am sin, nó bhíodar siúd ar a mbealach go Coláiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaigh, freisin, an lá céanna sin, agus tháinig siad ar bord na traenach, fan na slí. Mar a dúirt mé cheana, bhí an traein chéanna mall go leor, agus b’éigean di tréimhsí sách fada a chaitheamh ina seasamh ina staic i stáisiúin áirithe, le gual, nó móin, nó uisce, a thógail ar bord, de réir mar a theastaigh na hearraí sin uaithi, nó bhí connadh gann ag an am. Ní cuimhin liom anois, cár chuireamar fúinn i gcathair Luimní, an oíche úd, nó ba é a tharla, nó go raibh fios a mbealaigh ag cuid de na mic léinn, agus ní raibh le déanamh agamsa ach iad siúd a leanúint, agus fuaireadar lóistín, agus chuile shórt eile a bhí uainn, dúinn. An tríú lá, chuamar ar bord traenach eile a bhí le sinn a thógáil go cathair álainn Chorcaí.

Ar deireadh thiar, bhaineamar ár gceann scríbe amach, agus ní call dom a rá, go raibh tuirse bóthair is bealaigh orm fhéin, nó bhí trí lá fada caite agam ag déanamh an turais fhada, thuirsiúil, anacair sin, ach nár chuma faoi sin? Nach raibh ceann mo scríbe bainte amach agam? Agus nach raibh Coláiste breá Sheosaimh, i Wilton, bainte amach agam, an Coláiste sin, a bheadh mar bhaile agamsa, ar feadh trí bliana fada. Agus seo linn arís ag dul tríd an gcéapar céanna arís, faoi mar a tharla i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, dhá bhliain, díreach, roimhe sin. An babhta seo áfach, ní capall agus “jaunt” a bhí romhainn, le sinn a thabhairt ó stáisiún na traenach go dtí an Coláiste, ach carranna. Tugadh timpeall an Choláiste sinn, le chuile shórt a theaspáint dúinn. Tugadh a leaba fhéin sa suanlios do chuile dhuine againn, agus deasc sa halla staidéir, sea, agus fiú áit faoi leith sa tSéipéal, nó bhí séipéal breá dár gcuid fhéin againn i Wilton, nó ba chuid de pharáiste, an eaglais chéanna sin, agus thagadh pobal na dúiche sin isteach ansin, le hAifreann a éisteacht, Domhnach is Dálach, ach bhí Aireagal beag dár gcuid fhéin againne, mic leinn, i gcroslann sa séipéal sin.

Chuireamar ár n-earraí i dtaisce sna cófraí, agus sna cóifríní a tugadh dúinn, agus nuair a bhí chuile shórt a bhí le déanamh againn, déanta, tugadh isteach sa mbialann sinn, agus arís, teaspáineadh ár n-áit sa halla mór sin dúinn. Fuaireamar béile an tráthnóna, agus geallaimse dhuit é, go raibh goile againn chuige. Ach ní raibh mórán nua ag baint leis an leagan amach i gColáiste Sheosaimh, thar mar a bhí, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, ach bhí orainn aithne a chur ar rang nua mic léinn, nó d’fhanadh na mic léinn trí bliana fhada sa Choláiste sin. Ba é an leagan amach a bhí acu ansin nó go ndéanadh na mic léinn an Ard Teistiméireacht tar éis dhá bhliain staidéir, agus ansin, dhéanaidís an chéad bhliain Ollscoile, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba ghearr an mhoill orm aithne a chur ar na mic léinn Ollscoile, agus caithfidh mé a rá, gur chun mo leasa é, an aithne chéanna sin, nó d’fhan cuid de na daoine sin ina gcairde dílse agam ar feadh na mblianta fada ina diaidh sin.

Ach b’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus sa chéad chaibidil eile, cuirfidh mé síos daoibh, ar chuid de na heachtraí agus de na himeachtaí a bhain dom, fad is a bhí mé im mhac léinn i gColáiste Sheosaimh, i Wilton, Corcaigh, le linn bhlianta deiridh an dara cogadh domhanda.

.

.

.

.

gaGaeilge