F i l l e a n n a n F e a l l …..

.

*****************************

T H E K I N G O F T O R T S …………….F o i l s i t h e…………2 0 0 3 .

l e

J O H N G R I S H A M ……………………………………………………..€ 2 7 . 4 0 .

.

******************************

.

Leabhar mór-ráchairte eile ó pheann líofa an tsár-údair Mheiriceánaigh sin, John Grisham. “The King of Torts” a bhaist sé ar an gceann seo, agus bíodh gur leabhar spéisiúil, lán teannais, corraitheach, é, ag an am gcéanna, ní dóigh liom, gurb é an leabhar is fearr fós óna pheann é. Ní call dom a chur i gcuimhne dhaoibh, gurb é seo a cheathrú úrscéal déag, nó scríobh mé píosa faoi chuile cheann acu cheana, anseo I mBéal an Phobail. Is dócha gur cuimhin libh roinnt acu fós…A time to Kill, The Firm, The Chamber, The Runaway Jury, The Street Lawyer, The Summons, agus ansin, an péire eile úd, nach raibh baint ar bith acu leis an dlí, A Painted House, agus Skipping Christmas. Ní beag nó suarach an méid atá curtha i gcrích ag an údar seo, cheana féin, agus seo anois chugainn é agus leabhar suimiúil eile á leagan os ár gcomhair amach aige. Is dócha gurb é atá idir chamáin aige sa cheann seo, nó go bhfuil tóirse a thaighde a scalladh aige ar fhadhb i measc lucht dlí sna Stáit, agus sé sin, an nós atá acu thall, cúis dlí a thógáil ó ghrúpa daoine, i gcoinne ceann ar bith de na hollchomhluchtaí móra. Tóg mar shampa, na cúiseanna a tógadh cheana, i gcoinne lucht déanta toitíní. I gcás dá leithéid, déanann dlíodóir amháin, nó comhlucht mór dlíodóirí, an dlí a chur ar an gComhlucht mór sin, ar mhaithe le fianaise an ghrúpa a chur le chéile, agus sa tslí sin, éiríonn leo cúis láidir a chruthú i gcoinne an Chomhluchta ainmnithe sin. Chualamar trácht ar bhreitheanna a thug Giúréithe sna Stáit i gcásanna áirithe dá leithéid. Bhuel, sa leabhar seo, déanann an t-údar an nós seo a scrúdú, agus a mheá. Féach mar a chuireann sé tús leis an scéal…

The shots that fired the bullets that entered Pumpkin’s head were heard by no less than eight people. Three instinctively closed their windows, checked their door locks, and withdrew to the safety, or at least the seclusion, of their small apartments.

Sea, níor tháinig éinne den chineál sin i gcabhair ar an té a scaoileadh, ach chonaic beirt áirithe a raibh ag tarlú..

And two saw almost everything. They were sitting on plastic milk crates, at the corner of Georgia and Lamont in front of a liquor store, partially hidden by a parked car so that the gunman, who glanced around briefly before following Pumpkin into the alley, didn’t see them. Both would tell the police that they saw the boy with the gun reach into his pocket and pull it out; they saw the gun for sure, a small black pistol. A second later they heard the shots, though they did not actually see Pumpkin take them in the head. Another second, and the boy with the gun darted from the alley and, for some reason, ran straight in their direction.

Ní dhearna sé aon dochar dóibh, agus tamall gearr ina dhiaidh sin, chonacthas é, píosa ón láthair sin, agus an gunna fós ina láimh aige. Rinne sé cupla iarracht ar dhuine eile a mhealladh isteach i lána, ach níor éirigh leis sna hiarrachtaí sin. Ar ball rug na póilíní air, agus thug ar ais go láthair an mharaithe é, áit ar tógadh an bheirt fhinnéithe le radharc a fháil air. “Sin an fear” adúradar beirt, as béal a chéile. Chuir na póilíní isteach ina ngluaisteán é, agus thóg chun na beairice é. Ní fhéadfaidís aon eolas a bhaint as an bhfear óg, as Tequila Watson, bhí chuile chosúlacht ar an scéal, gur rí-chuma leis céard a déarfaí faoi, nó a dhéanfaí leis. I gcás an té a maraíodh, Pumpkin bocht, thóg sé roinnt ama, sula bhfuair na póilíní amach, gurbh é Ramon Pumphrey a ainm cheart, agus gurbh í Adelfa Pumphrey, a mháthair. Fuarthas amach, ar ball, nach raibh aithne dá laghad ag an ndúnmharfóir ar an té a mharaigh sé, agus nach raibh san urchar a mharaigh é ach urchar an daill. Bhí go maith……

Tógadh Tequila os comhair na cúirte, agus toisc nach raibh aon ró-ghustal aige, nó ag a mhuintir, d’ainmnigh an Breitheamh dlíodóir, len é a chosaint os comhair na cúirte. Seo an áit a gcuireann an t-údar a phríomhcharactar in aithne dhúinn. Dlíodóir is ea an príomhcharactar sa scéal seo, agus Clay Carter is ainm dó. Tá blianta caite aige in Oifig an Chosantóra Phoiblí, faoin am seo, agus ó tharla sa chúirt é an lá áirithe seo, agus ó tharla to raibh cosantóir poiblí ag teastáil ón mbreitheamh…..

“Mr Carter?” The Judge said. It was not an order, but an invitation to step forward to do what every PD was expected to do – defend the indigent, regardless of the case. Mr Carter could not show weakness, especially with the cops and prosecutors watching…………he took the file from the Judge, quickly skimmed its rather thin contents while ignoring the pleading look of Tequila Watson, then said, “We’ll enter a plea of not guilty, Your Honor.”

“Thank you Mr Carter. And we’ll show you as counsel of record?”

“For now yes.”

B’in mar a tharla gur roghnaigh an breitheamh Clay Carter mar chosantóir don ndúnmharfóir, Tequila Watson. Bhí Clay ag ceapadh go n-éireodh leis an cás sin a thabhairt do dhuine eicínt eile san oifig, ach bhí breall air, agus b’éigean dó dul i mbun oibre, ag ullmhú don chúis úd a tugadh dó. Nuair a bhí roinnt áirithe den obair sin déanta aige, agus nuair a bhí ag teip glan air aon scil a bhaint as Tequila, nó as a dhúnmharú, casadh fear áirithe air, fear a chuir cor ina chinniúint. Ní raibh coinne ar bith aige go mbuailfeadh sé leis an bhfear seo. Féach mar a tharla …

“Mr. Clay Carter,” a strange male voice said.

“Speaking.”

“Mr Carter, my name is Max Pace. I’m a recruiter for law firms in Washington and New York. Your name has caught our attention, and I have two very attractive positions that might interest you. Could we have lunch today?”

Bhuel, ní call a rá, go gcuirfeadh Clay spéis i dtairiscint dá leithéid, nó ní raibh an post a bhí aige, le blianta, thar mholadh beirte, i gcomparáid leis na postanna a bhí ag dlíodoirí eile dá chomhaois.

Casadh ar a chéile iad, ar ball, agus ansin, fuair Clay amach, nach raibh post ar bith i gceist, agus nach raibh sa mhéid adúirt Max, ach dearg-bhreag, ach gheall sé dó ansin, nach n-inseodh sé aon bhréag eile dó, uaidh sin amach. Ach bíodh nach raibh aon phost á thairiscint aige, ag an am gcéanna, bhí gnó rúnda aige don dlíodóir, Clay Carter, gnó, agus dá ndéanfadh sé é, thuillfeadh se na milliúin dó. Féach mar a chuirtear sa scéal é……

“Six times four is twenty four million.”

“Add ten for the lawyer.”

“Ten million?”

“Yes, that’s the deal, Clay. Ten million for you.”

Níorbh aon phingneacha beaga a bhí á dtairiscint ag Max dó, ach céard a bhí le déanamh aige, leis an airgead sin a shaothrú?

Sin an áit a dtagann Tequila Watson isteach arís sa scéal. Dhealródh sé, gur tháinig Comhlacht mór Meiriceánach ar dhruga míorúilteach, Tarvan, druga a d’fhéadfadh duine a shaoradh, ó andúil i ndrugaí, taobh istigh de ráithe, geall leis. Faoi mar a tharlaíonn go minic áfach, bhí ceataí sa scéal, nó i gcás roinnt bheag de na daoine sin a saoradh ó smacht drugaí, ag an Tarvan iontach seo, bhuaileadh fonn nimhneach fola iad, agus ní shasódh tada iad, ach duine eicínt a mharú, gan chúis gan ábhar. Ba dhuine den chéatadán beag sin é Tequila Watson. Anois, ní call dom a rá, gur theastaigh ón gComhlacht sin, cos a bhualadh ar an scéal ar fad, agus chuige sin, bhíodar sásta na milliúin, a luadh thuas, a íoc le gaolta na ndaoine a maraíodh, ar choinníoll go mbeidís sásta dearmad glan a dhéanamh den scéal ar fad, uaidh sin amach. Sin an gnó a bheadh le déanamh ag Clay Carter, dá nglacfadh sé leis an bpost a rinne Max a thairiscint dó.

Ghlac Clay leis an bpost, agus d’éirigh sé láithreach as a phost in Oifig an Chosantóra Phoiblí, agus as cosaint Tequila Watson freisin, bhunaigh a chomhlacht dlí fhéin, agus chuaigh i mbun oibre. Ba ghearr go raibh sé ina mhilliúnaí, nó ní raibh mórán deacrachta ag baint le scéal an Tarvan úd a shocrú, nó ní raibh na daoine úd ag súil go bhfaighidís tada as an marú gan chúis a deineadh ar a ngaolta.

Gheall Max Pace do Clay, go dtabharfadh sé post eile dó, dá n-éireodh leis scéal an Tarvan a chur as radharc, taobh istigh de mhí. Comhlacht mór Meiriceánach eile a raibh druga dá gcuid, Dyloft, in úsáid, le tamall maith, agus lucht airtrítis an-bhuíoch de, as an bhfaoiseamh a fuair siad uaidh, ó phianta an ghalair uafásaigh sin.

With that Pace took a seat and slid a file across. “The drug is Dyloft, manufactured by Ackerman Labs. It’s a potent anti-inflammatory drug used by sufferers of acute arthritis……It has two problems: First, it’s made by a competitor of my clients; second, it’s been linked to the creation of small tumors in the bladder.

Rinne Clay scéal Tarvan a shocrú taobh istigh den ráithe, agus ansin, thug Max an post eile sin dó, post a shaothródh i bhfad Éireann níos mó airgead fós dó. Bhí an gnó sin chomh mór, agus chomh sochrach sin, go ndéanfadh só ollmhilliúnaí de Chlay, taobh istigh d’achar gearr. Ba é an plean nó dul i dteangmháil le lucht úsáidte Dyloft, agus ansin, na mílte sin, ar dhein Dyloft dochar dá lamhnáin, agus ansin, an dlí a chur ar Ackerman Labs, thar a gceann-san.

B’in é díreach mar a tharla. Rinne Clay na milliúin. Athraíodh a stíl bheatha, Cheannaigh seo, is cheannaigh siúd, agus d’fhás agus d’fhás a ghnó. D’fhostaigh se tuilleadh agus tuilleadh fos dliodóiri, agus in áit éirí as an gnó nuair a bhí a thar a sháith airgid carnaithe aige, is amhlaidh a d’éirigh sé níos santaí fós. Ach mar adeir teideal an phíosa seo, filleann an feall ar an bhfeallaire, agus is dócha gurbh é sin a tharla, i gcás Clay Carter. Ach caithfidh tú an leabhar fhéin a léamh, le taitneamh is pléisiúr iomlán a bhaint as an scéal, scéal a mhíníonn an ghné ait seo i gcleachtadh an dlí, sna Stáit, gné a léiríodh thall, go minic, ar na mallaibh, nuair a cuireadh an dlí ar chomhlachtaí móra, ar nós lucht déanta toitíní, agus a leithéid.

Is fiú go mór an leabhar seo a léamh, nó níl dabht ar domhan, ach go bhfuil scil na scéalaíochta fréamhaithe go smior na gcnámh san údar ildánach seo, John Grisham. Taitníonn a stíl go mór liom, agus ní fearr é sin ná a scil scéalaíochta, sea, agus a chumas cumadóireachta.

Go dtí an chéad uair eile……..Slán…….

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge