I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

My Ántonia

by

Willa Cather

.

Ó Virginia go Nebraska

.

“Nach fánach an áit a bhfaighfeá breac”, faoi mar adeireadh an tseandream fadó, ach tharla, ar na mallaibh, go raibh mé ag cuartú i measc mo leabhar, agus tháinig mé ar an leabhar seo, “My Ántonia,” le Willa Cather. Dúisíodh fiosracht mhallaithe ionnam láithreach, ó tharla nár chuimhin liom tada faoin leabhar fhéin, nó faoina údar, ach oiread. Shocraigh mé láithreach, an leabhar sin a léamh, chomh luath is a gheobhainn an deis chuige, agus bíodh go raibh orm fanacht tamall, ar deireadh thiar, tháinig an lá, agus thosaigh mé ag léamh an leabhair seo.

Anois, caithfear a rá, i dtosach báire, nach inniu na inné a chonaic an leabhar seo solas an lae a chéaduair, mar cuireadh i gcló den chéad uair é sa bhliain 1918, agus ó tharla gur leabhar dírbheathaisnéiseach é, caithfidh go bhfuil muid ag cur síos ar Mheiriceá, faoi mar a bhí sí, le linn óige an údair, ó 1881 go dtí tús an chéad chogaidh domhanda, saol atá imithe as radharc orainn leis na cianta anois.

Feirm nua

Rugadh agus tógadh an t-údar, Willa Cather, i Virginia sa bhliain 1873, ach nuair a bhí Willa ocht mbliana d’aois, d’athraigh a muintir ón Stát sin Virginia, agus chuaigh chun cónaithe ar fheirm úr a athar i Nebraska. Thug an t-athrú céanna sin deis di, spléachadh a fháil ar an gcineál saoil a bhí á chaitheamh ag na himircigh, a tháinig chun na Stát ó Oirthear na hEorpa, an tráth sin, le cur fúthu, agus le saol nua a mhúnlú dóibh fhéin is dá gclann, i gCríoch nach raibh ceannsaithe fós ag saothar nó ag samhlaíocht an daonnaí. Tír fhiáin, neamhfhorbartha, scoite, a bhí inti, an tráth úd.

Ag fás suas i Nebraska

D’fhás an t-údar suas sa thimpeallacht sin, agus d’fhorbair an tír, céim ar chéim lei, agus nuair a bhí a céim bainte amach aice in Ollscoil Nebraska, chuaigh sí i dtosach le múinteoireacht, agus ansin le hiriseoireacht, ach faoin mbliain 1912, thréig sí an iriseoireacht freisin, lena dúthracht ar fad a dhíriú ar scríobh go lánaimseartha. Chuaigh a cáil mar scribhneoir i bhfad agus i ngearr, as a stíl, as a leagan amach, agus as a tuiscint ar fhás agus ar fhorbairt na Stát Aontaithe. Le linn di bheith ag fás aníos i Nebraska, chuir sí aithne ar Bhohéimeach mná, Annie Pavelka. D’fhás cairdeas eatarthu, cairdeas a mhair, agus ar ball, nuair a theastaigh ó Willa, an bhean sin, agus a gcairdeas a fhí isteach ina scéal dírbheathaisnéiseach, rinne sí í a athbhaisteadh mar Ántonia, (tá an bhéim ar an gcéad siolla, faoi mar a deintear le “An” san ainm Anthony, i mBéarla, agus fuaimitear an “i” faoi mar ba “í” na Gaeilge é) agus in áit í fhéin a tharraingt isteach sa scéal, mar scéalaí, chruthaigh sí carachtar fir, nó mar adeir sí fhéin, ba ó fhir a fuair sí chuile eolas faoi Ántonia. Jim Burden a bhaist sí ar an gcarachtar sin. Cuireadh Jim go Nebraska, chuig a dhaideo agus a mhamó, tar éis bhás a thuismitheoirí, agus gan ann ach deich mbliana d’aois ag an am.

Tír aduain

Cuireann Willa Cather síos ar Nebraska, faoi mar a chonacthas do Jim é. B’aisteach agus b’ait an tír í, dár leis. I ndáiríre, níor thír in aon chor í, ach áit a bhfeadfaí tír a dhéanamh aisti, ábhar tíre a bhí inti, dár leis. Cuireann sé síos ar fhostruchtúr na dúiche, ar na tithe bunúsacha a bhí ag daoine áirithe, go háirithe na daoine a tháinig go Meiriceá ó Oirthear na hEorpa. Bhí líon tí dá leithéid ina gcónaí cóngarach go leor do mhuintir Burden. B’as an Bhothéim dóibh agus “Shimerda” ba shloinne dóibh. Ba dhuine den chlann sin í Ántonia, cailín deas óg a bhí roinnt bheag blianta níos sine ná Jim Burden.

Bí ag caint ar áit iargúlta! bhí an áit sin, mar a raibh cónaí ar mhuintir Bhurden, níos iargúlta ná an taobh tíre inár fhás roinnt mhaith againne suas, nuair a bhí an aois seo caite ina stócach. Ní tithe a bhí ag cuid acu ach prochóga tochailte faoi thalamh, maraon le cupla seomra os cionn talaimh.

“Our neighbours lived in sod houses and dugouts – comfortable but not very roomy”

Ach, ba chomharsanúil an dream iad, dream a bhí réidh teacht i gcabhair ar a chéile, in am an ghátair.

D’fhás Jim suas, agus d’fhás Ántonia suas freisin, agus bheadh an léitheoir ag súil go n-éireodh siad mór le chéile, ach, bíodh go raibh snaidhm daingean caradais, eatarthu, agus bíodh go raibh an-mheas acu ar a chéile, ag an am gcéanna, níor éirigh le Cupid ga a chur i gcroí na beirte céanna sin.

Chuaigh Jim chun na hOllscoile, agus bhailigh an léann go tiubh. Chuaigh Ántonia amach in aimsir, agus scaradh an bheirt óna chéile. Ar ball, phós Ántonia, agus bhí lán-tí de pháistí aice, agus ag an am gcéanna, d’éirigh go cumasach le Jim, agus bhain post mór tábhachtach amach dó fhéin.

Cuairt ghearr!

Ansin, ar deireadh thiar, tháinig Jim ar chuairt ar Ántonia. Chuir Jim aithne ar a clann, agus chonacthas dó, go mba chlann dea-thógtha, dea-bhéasach, dea-iompair, a bhí iontu.

It was no wonder that her sons stood tall and straight. She was a rich mine of life, like the founders of early races.

B’in mar a chonacthas do Jim í, agus ní gá a rá, go raibh a chomh-mhaith de mheas ag Ántonia ar Jim. Ach d’fhágadar slán ag a chéile, agus chuile dhuine acu bródúil as an nduine eile, ach gheall Jim go bhfillfeadh sé arís, an bhliain dár gcionn, le saoire iascaireachta a chaitheamh le duine de chlann Ántonia. Fágtar an léitheoir ina staic ansin, ag smaoineamh ar an gcineál saoil a bhí i dtreis i Nebraska agus Willa Cather ag fás suas ann, ach ní smaoiníonn sé ar chríoch ar bith eile a chur ar scéal Jim agus Ántonia, nó sílim gur éirigh leis an údar a chur ina luí orainn, nach mar a shíltear a bhítear, go minic.

An-scéal, an-stíl, an-údar. Bain triall as, ní bheidh a chathú ort…………

gaGaeilge