Fusa ceist a chur ná ceist a fhreagairt!

.

Peadar Bairéad

.

Nach iomaí sin leathanach a scríobhadh, le roinnt blianta anuas, faoi pheacaí agus faoi mhíghníomhartha na n-eaglaiseach úd a tharraing náire agus easonóir ar an eaglais dár thug siad a ndílseacht. Ach ansin, nuair a deineadh a ngníomhartha a chur i mbéal an phobail, ba ghearr gur tuigeadh do cháchrbh aon aingil naoimh ar thalamh iad na boic chéanna sin. Níorbh ea muis! tuigeadh, nach raibh iontu, i ndeireadh na feide, ach daoine daonna, a raibh claonadh chun oilc iontu, faoi mar a bhí sa chuid eile againn, ach amháin go raibh siadsan coisricthe agus geallta don eaglais agus dá dlíthe, agus go mbeifí ag súil, go mbeidís-sean ina n-eiseamláir don chuid eile againn, ach, faraoir! nuair a tháinig an crú ar an tairne, tuigeadh nár chathair mar a tuairisc iad, ach peacaigh a ghéill dá n-ainmhianta agus dá gcathuithe, agus dá bharr sin, a rinne dochar do chríostaithe a fágadh faoina gcúram. Tháinig an t-eolas sin uilig chun solais nuair a leagadh roinnt áirithe tuarascálacha os comhair an tsaoil, tuarascálacha a léirigh, agus a nocht, os comhair an tsaoil mhóir nár choimhlíon na heaglaisigh chéanna sin a ngeallúintí os comhair Dé, nó os comhair a phobail. Ní call dom a rá, gur cuireadh na heaglaisigh sin as a bpostanna, bíodh nár deineadh an beart céanna sin luath go leor, go minic, agus bíodh freisin, gur deineadh iarracht ar leorghníomh a dhéanamh ina míghníomhartha, ní call dom a rá, go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama leis na fiacha morálta agus sóisialta úd a ghlanadh, scun scan. Agus sin uilig ráite, admhaithe, caithfear glacadh leis, go bhfuil iarracht mhacánta, dáiríreach á anamh ag an Eaglais Chaitliceach deireadh go deo a chur leis an gcineál sin iompair feasta.

Dea-oibreacha dearmadta?

sé éasca go maith dearmad a dhéanamh ar an méid maitheasa a rinne an Eaglais chéanna, agus a h-eaglaisigh, thar bhlianta fada i stair ár dtíre, agus is furasta freisin, dearmad a dhéanamh ar ar dhein siad i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí leighis, i gcúrsaí carthannachta, agus i gcúrsaí sóisialta frí chéile, agus caithfear a chur san áireamh freisin, go bhfuil na dea-oibreacha céanna sin idir chamáin aici fós i saol an lae inniu. Ní haon mhaith áfach, bheith ag maíomh as a gníomhartha sna blianta atá thart, nó, mura bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann, ní fiú an deich triuf é. Mar sin, caithfear cur lena bhfuil déanta aici cheana, agus aghaidh a thabhairt go misniúil ar an todhchaí, ag súil le Dia go maithfear a peacaí di trí leorghníomh a dhéanamh, agus trí mhaithiúnas a lorg. Sin an ród atá roimpi amach mar thodhchaí.

Ní call a rá, go mbeidh súil easóige á coinneáil ag an bpobal uilig ar ghníomhartha na hEaglaise céanna, uaidh seo amach, agus ní call a rá ach oiread, nár leor leithscéalta feasta. Tuigeann chuile dhuine cúrsaí anois, ach, ag an am gcéanna, níl sé inghlactha, ach oiread, go mbeadh lánchead ag iriseoirí, nó ag láithreoirí raidió nó teilifíse, achasáin a chaitheamh lei, faoi mar a tharla ar na mallaibh, nuair adúirt láithreoir áirithe go raibh tír seo na hÉireann millte, scriosta, ag an Eaglais Chaitliceach, le blianta anuas. Admhaítear gur dhein eaglaisigh áirithe mí-úsáid ar ónaigh áirithe a fágadh faoina gcúram, agus go raibh roinnt áirithe de cheilt na fírinne i gceist, i measc údaras na heaglaise sin freisin agus iad ag iarraidh scannal a sheachaint, dár leo. Agus ní ag cruinniú na leithscéalta atá mé anseo, ach bhí daoine eile freisin, a raibh láimh acu sa scannal céanna sin. Céard faoi áit an Rialtais sa scéal? nó áit na gCúirteanna? áit an phobail, frí chéile, fiú? Ach, le ráiteas dá leithéid a chur ina sheasamh os ár gcomhair amach, bheadh cruthú in áit tuairime, ag teastáil uainn. Sea, agus nach bhfuil, Cothrom na Féinne, agus a lá sa chúirt, dlite do chuile shaoránach sula ndaorfaí é? agus nár chóir freisin sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an dtéarma Catholic Church”. Cé tá i gceist sa téarma sin? An Cliarlathas? nó Pobal Dé, frí chéile? nó an péire acu i bhfochair a chéile?

Nach fusa go mór fada ceist a chur ná ceist a fhreagairt?

gaGaeilge