Lá Breithe faoi shéan is faoi mhaise do

an tUltach

Peadar Bairéad

.

Go maire AN tULTACH an céad, agus tuilleadh

rbh inmholta an saothar é, Iris Ghaeilge a bhunú agus a choinneáil sa tsiúl ar feadh nócha bliain? Agus dá chruthú sin, tá os mo chomhair amach anois cóip d’eagrán na Samhna den Iris chéanna sin, agus ar chlúdach tosaigh an eagrán sin tá an ráiteas90 Bliain Slán in Ultaibh, agus le cur leis an ráiteas céanna sin, tá alt breá le Pádraig Mac Congáil, ar leathanach a hocht, faoin teideal “90 bliain ar an fhód” Sea, mh’anam! nuair a smaoiníonn tú air, nár gheall le miorúilt é go rabhthas in ann Iris Léannta dá leithéid a bhunú i saol corraitheach na bliana sin 1924, agus nuair a chuireann tú san áireamh nach raibh an Stát s’againne ach ina bhunóc ag an am, agus a aird uilig dírithe, d’fhéadfá a rá, ar theacht slán agus ar theacht i dtír, agus é tar éis fáil réidh le cumhacht agus le máistreacht Gall, ach b’in mar a tharla. Nuair a smaoiníonn tú ar na deacrachtaí a bhí le sárú acu an tráth úd, agus an chaoi ar éirigh le bunaitheoirí An tUltach’ na deacrachtaí sin uilig a shárú, nach dtugann sin misneach dúinne, faoi láthair, tabhairt faoi na deacrachtaí atá le sárú againne, faoin am seo, agus nuair a smaoiníonn tú air, nach inmholta an fiontar é, iarracht a dhéanamh ar Iris chomh léannta, tarraingteach, dúchasach, a choinneáil sa tsiúl agus a fhágáil le huacht dóibh siúd a thiocfas inár ndiaidh i nGort seo Choinn agus Eoin? Agus faoi mar adeirtear in Eagarfhocal eagrán seo na Samhna…”Is boichte a bheas an tír, agus saol na Gaeilge, má imíonn irisí amhail an tUltach ón tsaol.” Luaitear freisin san Eagarfhocal céanna sin, an chaoi a gcaillfeadh scríbhneoirí nua, léitheoirí na teanga, agus mic léinn, go gcaillfeadh siadsan ardán le dul i dteangmháil le spiorad agus le dearcadh a gcine trí mheán na teanga a mhúnlaigh, a d’aclaigh, agus a spreag, aigne a gcine le sinsearacht, agus ní beag nó suarach an focal é sin.

Eagrán na Samhna, 2014

Ach le hiompó arís ar eagrán seo na Samhna, agus ar na hailt éagsúla atá le fáill ann, caithfidh mé a admháil gur thaitin an píosa atá ag Úna Ultach ar leathanach a ig. Siopadóireacht na Nollag atá idir chamáin aici, earra a chuireann creatha strus ag rith síos a cnámh droma, an créatúr! Sea, agus ní le háthas é, nó is fuath lei a gcaitear ar bronntanaisí seafóideacha, costasacha, le bronnadh ar ghaolta agus ar chairde nach mbainfidh úsáid riamh as na féiríní céanna sin. Tá bealaí eile, dár le hÚna, le do mheas a chur in iúl dóibh. Coinnigh ort Una! nó bhí gá géar le halt dá leithéid uainn, an tráth seo bliana.

Tá píosaí breátha le léamh in eagran seo na Samhna agus tá mé cinnte, go mbainfear taitneamh agus toit astu. Chuir mé fhéin spéis in alt faoin chaoi ar thug an Chatalóin dúshlan Rialtas na Spáinne, píosa a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar an chaoi ar chuir ár gcairde in Albain a gcosa uathu, ar na mallaibh, agus iad ag dul ar thóir na saoirse polaitíochta dóibh fhéin. Súil againn go mbeidh lá eile acu thall. Ailt bhreátha freisin ó Phádraic Ó Siadhail, ó Chiarán Ó Choigligh, agus tuilleadh. Ní gá a rá, go léim saothar Ghuaire chuile bhabhta, nó is spéisiúil an píosa é i gcónaí. An turas seo díríonn sé a aire ar an Oireachtas agus ar chomóradh 90 bliain de an tUltach. Tá píosa suimiúil freisin ó Phádraig Mac Congáil faoi’n mbliain 1924 agus bunú an tUltach. Luann sé liosta de na tarluithe a bhain leis an bhliain sin ó bhunú Fórsaí Cosanta an tSaorstáit (Óglaigh na hÉireann) i ndeireadh na bliana sin go dtí gur deineadh ábhar éigeantach den Ghaeilge sna scoileanna, sa bhliain chéanna sin, agus ó fhoilsiú “The Hidden Ireland” le Dónall Ó Corcora go bunú an tUltach le Lorcán Ó Muireadhaigh. Is soiléir ón méid sin, go raibh an saol Gaelach ag déanamh tinnis dá lán, ag an am sin.

Fás agus Fómhar flaithiúil

Bhí an talamh á rómhar agus an síol á chur, agus súil acu le fás agus fómhar flaithiúil, ar ball. Agus féach, nach bhfuil píosa beag uaim fhéin le léamh ann freisin faoi dhearcadh dhaoine ar nós Hanrahan a luaitear sa dan “Said Hanrahan,” Agus tá súil agam nach mbuailfidh Galar Hanrahan lucht na nIrisí Gaeilge agus nach mbacfaidh siad le deilín Hanrahan..

“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,

“Before the year is out.”

Bíodh misneach agus cur le chéile againn feasta, agus éireoidh linn. Sea, agus fear na bó faoin ruball!

.

gaGaeilge