I mBéal an Phobail

.

“Wild Decembers”…….by…….Edna O’Brien…….£16.99……

Peadar Bairéad

.

Ní leabhar nua é seo, ach leabhar a cuireadh i gcló a chéaduair sa bhliain 1999, agus bíodh go bhfuil roinnt mhaith scríofa ag an údar seo, san idirlinn, níor tháinig mé fhéin ar an leabhar seo, go dtí le déanaí. Ní call dom a rá, gur léigh mé é, agus caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Emily Bronte a thug an teideal di, de réir deallraimh, nó luaitear na línte seo, le Bronte, i dtús an leabhair…

…fifteen wild Decembers

From those brown hills

Have melted into spring –

Faithful indeed is the spirit that remembers.

Ní call dom a rá, nach é seo an chéad saothar leis an údar seo a léigh mé, nó is cuimhin liom fós an chaoi a ndeachaigh Country Girls, agus August is a Wicked Month, i bhfeidhm orm, blianta fada ó shoin anois. D’fhás agus d’fhorbair an t-údar san idirlinn, agus sa lá atá inniu ann, d’dfhéadfá a rá, go bhfuil sí ar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre seo. Úsáideann sí stíl atá foirfe, corraitheach, snasta, stíl a théann i gcionn ar an léitheoir, agus a chuireann faoi gheasa é chomh luath is a mhealltar isteach i ngréasán a scéil é. Ní taise ar bith don leabhar seo atá idir chamáin againn anois é.

Féach mar a chuireann sí an scéal inár láthair sa réamhscéal…

Cloontha it is called – a locality within the bending of an arm. A few scattered houses, the old fort, lime-dank and jabbery and from the great whooshing belly of the lake between grassland and callow land a road, sluicing the little fortresses of ash and elder, a crooked road to the mouth of the mountain. Fields that mean more than fields, more than life and more than death too,

Sa dúiche sin a shuíonn an t-údar ildánach seo a scéal, agus isteach sa taobh tíre sin, tagann fear chucu ón iasacht, fear de phór na háite sin, ach fear a chaith seal i gcéin agus a thug leis anois, blas an fichiú haois, isteach sa dúiche iargúlta sin, nó cuirtear inár láthair i dtosach báire é, in airde ar a tharracóir, beithíoch nach bhfacthas a leithéid, riamh cheana, sa taobh sin tíre. Féach mar a chuireann sí duine dá príomhcharachtair in aithne dúinn, i dtús an leabhair…….

Heraldic and unflagging it chugged up the mountain road, the sound, a new sound jarring in on the profoundly pensive landscape. A new sound and a new machine, its squat front and colour of baked brick, the ridges of the big wheels scummed in muck, wet muck and dry muck, leaving their maggoty trails.

Is dócha go dtugann na línte sin blas eicínt de stíl an údair seo dúinn, ach sa diallait ar an mbeithíoch iasachta seo, bhí Michael Bugler suite, agus stop an tarracóir i ngarraí a chomharsan, Joseph Brennan. Ní raibh máisteacht ar an dtarracóir faighte fós ag Bugler, agus d’iarr sé ar an mBraonánach cead a thabhairt dó an tarracóir a fhágáil mar a raibh, go bhfaigheadh sé máistracht ar na giaranna. Bhí Joe sásta. Bhailigh na comharsanna, le radharc a fháil ar an meaisín nua-aoiseach seo.

Anois, tharla go raibh deirfiúr ag Joe, agus Breege, ab ainm di, agus ní gá a rá, gur éirigh sí fhéin agus Bugler mór le chéile, rud nár thaitin, olc, maith, nó dona, le Joe, nó tuigeadh dósan, go raibh an Bugler seo tagtha ar ais chuig dúichí a shinsir, le greim a fháil ar sheilbh, agus ar ghabhaltas, na mBraonánach, nó nach raibh litir faighte cheana féin ag Joe ó dhlíodóir Bhugler, ag fógairt treaspais air…….

We have instructions from your neighbour, Mr. Michael Bugler, to write to you regarding the continued trespass of your cows on his field of four acres…..

D’fhás an grá idir Bugler agus Breege, agus ag an am gcéanna, lean Bugler ag leathnú a éilimh ar thailte, a tuigeadh don Bhraonánach a bheith mar pháirt dílis den ghabhaltas a fágadh mar oidhreacht aige fhéin. Tarraingíonn an t-údar na comharsanna, go cliste, nádúrtha, isteach sa scéal, ach diaidh ar ndiaidh, leathnaítear an bhearna easaontais idir Joe agus Bugler, agus ag an bpointe seo, feictear cosúlacht idir an scéal seo agus an dráma cáiliúil sin, The Field, le John B, Keane, agus is dócha go bhféadfá a rá, go raibh an chríoch chéanna ar an scéal seo le Edna O’Brien.

Éiríonn leis an údar mám maith mothúcháin a chorraí, sa chroí istigh ionainn agus ábhar an scéil seo á láimhseáil aici, agus fágann sí i ndeireadh anála muid, leis an gcaoi a chuireann sí críoch lena scéal.

An-leabhar, agus é gaibhnithe i stíl fhoirfe, shnasta, sciliúil, spreagúil.

gaGaeilge