Icon a tháinig go hÉirinn

Peadar Bairéad

Dealbha

Thug mé cuairt ar Mhá Nuat ar na mallaibh, agus ó tharla go raibh cuireadh faighte agam ó mhuintir “CEIST” (Catholic Education an Irish Schools Trust) glaoch isteach chucu, am ar bith a tharlódh sa chomharsanacht sin mé, le go bhfeicfinn an ‘Dealbh’, nó an Icon speisialta, atá acu ina n-oifigí ansin, faoi láthair. Bhuel, caithfidh mé a rá leat, gur mhúscail a gcuireadh fiosracht an chait ionnam fhéin, agus shocraigh mé láithreach ar bhualadh isteach chucu, le spléachadh a fháil ar an nDealbh speisialta sin. Anois, is dócha gur cheart dom a mhíniú i dtosach nach gnáth-dhealbh atá i gceist anseo, ní hea muis! Is é atá idir chamáin agam anseo nó “Icon”. “Icon” den chineál a bhí, agus atá fós, coitianta i measc na nEaglaisí Ceartchreidmheacha, ach go háirithe.

“Icons”

Agus ag caint ar na dealbha oirthearacha seo, nach fada óna leithéid a rugadh agus a tógadh mise? D’fhéadfainn a rá, nár chuala mé trácht orthu, nó teacht tharstu, agus mé ag fás aníos in Iorras na nIontas fadó. Cinnte, bhí dealbha flúirseach go maith sa Séipéal s’againne ar an nGeata Mór, ach gnáthdhealbha ba ea iad, sa mhéid go mba dhealbha tríthoiseacha a bhí iontu, dealbha a sheas os ár gcomhair amach ansin faoi mar ba dhaoine daonna iad. Ar ball áfach, nuair a tharla go raibh léann an tsagairt á chur ormsa sa Chliarscoil, chuala mé tagairt á dhéanamh ansin do na dealbha speisialta seo, a raibh Eaglaisí an Oirthir an-cheanúil orthu, agus tuigeadh domsa, go mba dhealbha déthoiseacha a bhí iontusan, agus go rabhthas tugtha dá leithéid de dhealbha, toisc gur tuigeadh dóibh, go raibh dealbha tríthoiseacha crosta orthu ag an mbac a cuireadh ar íomhánna greanta sa Dara hAithne sa mBíobla fhéin.

Ná déanaigí sibhse íomhánna greanta….     

          “Thou shall not make unto thee any graven image….. ”

Tá chuile chosúlacht ar an scéal gur chloígh na Giúdaigh leis an Aithne sin, agus glacadh go forleathan leis freisin, i measc na gCeartchreidmheach, mar i gcás na gCeartchreidmheach, dhealródh sé go raibh siadsan sásta nach raibh an “Icon” i gcoinne fhorálacha na hAithne sin.

Is amhlaidh a scríobhadh na hIcoin

Ach caithfear a chur san áireamh anois, go raibh rialacha daingne, dochta, ag gabháil le déanamh na ndealbh céanna sin, sa chaoi nach raibh clú, nó cáil faoi leith, le gnóthú ag an té a dhéanfadh “Icon” dá leithéid a “scríobh”, mar b’in an téarma a d’úsáid siad, i gcás a ndearadh nó a gcumadh. Sea, agus caithfidh mé a admháil anois, go ndeachaigh an “Icon” seo lucht ‘Ceiste’ i bhfeidhm orm fhéin ar bhealach nach ndéanfadh dealbh tríthoiseach, bfhéidir. Mar, ó tharla gurbh a scríobh a rinne an té a chum, tuigeadh domsa go raibh de dhualgas ormsa, mar sin, an “Icon” sin a “léamh”, agus ar an mbealach sin, bhí orm staidéar grinn a dhéanamh air, ó thaobh dathanna, cuma, dearadh, teachtaireacht agus múineadh.

Ó na Flaithis anuas

Anois, tuigeadh ó thus, go raibh gné eicínt osnádúrtha ag baint leis an “Icon” sa mhéid gur tuigeadh, nár lámh daonna amháin a dhear, a chéaduair, ach gur tháinig roinnt áirithe díobh chugainn, faoi mar a tháinig íomhá aghaidh Íosa chugainn, ar an dtuáille a thug Veronica dó, agus é ar a shlí chun a chéasta, agus nár dhein déantóirí na “nIcon” ach na saothair úd a chóipeáil, nó a athscríobh, faoi mar adeiridís fhéin faoina saothar, cosúil, ar bhealach, leis an gcaoi a scríobh scríbhneoirí na Scrioptúr a saothar fhéin, agus iad faoi anáil an Fhir Thuas. An Dealbh, a thuilleann an cháil, in áit an té a dhear, nó a dhein. Feictear domsa freisin, go ndéanann na dealbha déthoiseacha seo an croí agus an t-anam a bhogadh i dtreo an spioraid agus an chreidimh, áit a dtéann na dealbha tríthoiseacha i bhfeidhm níos mó ar na céadfaí.

Cairde ar an bhfód

Ach, le hiompó ar an “Icon” iontach sin a leagadh os mo chomhair in Oifigí “Cheist”, i bPairc Thioncail Mhá Nuat an lá sin, ba cheart dom i dtosach, na daoine a bhí ar an bhfód, in éineacht liom, a chur in aithne dhaoibh. Bhí Anne Kelleher, Ned Prendergast, Lloyd Bracken, agus m’iníon fhéin, Carol Ann ansin, agus b’in iad na daoine a chuir ar an eolas mé i dtaobh an Icon speisialta seo.

Tar éis dúinn ár gcaint agus ár gcomhrá a dhéanamh, tógadh an “Icon” isteach, agus leagadh os mo chomhair amach é, le deis a thabhairt dom spléachadh maith a fháil air. Rinne mé sin, agus mar adúirt mé thuas, chuaigh an “Icon” seo i bhfeidhm go mór orm. Míníodh dom, gurbh í Rosaleen Hogan, ball de Shiúracha na Trócaire, a scríobh agus a dhear an “Icon” seo…“The Pantocrator” a thugtar ar a leithéid seo “d’Icon”, ainm a chiallaiíonn..An Tiarna Uilechomhachtach, nó is pictiúr dár Slánaitheoir, Íosa Críost atá le feiceáil againn san Icon seo. Chaith an scríbhneoir bunús bliana i mbun an ghnó dhiaganta seo.

Anois, mar a mhínigh mé thuas, ní raibh an oiread sin scile agamsa sna cúrsaí seo, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dom gur chorraigh an “Icon” mé ar bhealach a mhúscail m’anam agus mo spiorad ar dhóigh a shásaigh easpa, nó folús eicínt, a bhí sa chroí istigh ionnam. Míníodh dom, go raibh rudaí éagsúla le léamh san “Icon”. Na dathanna, mar shampla. Dúradh liom, go raibh an dath dearg le craiceann an tSlánaitheora, rud a chiallaigh a Dhiagacht, agus ansin, taobh amuigh de sin, bhí clóca uaithne, agus dúradh liom, go dtángthas ar an ndath sin, trí ábhairín den bhuí a mheascadh ar an ngorm. Is don saol seo a dhéanann an meascán sin tagairt.

Léigh na méireanna

Breathnaigh ansin ar na lámha. Tá an lámh dheas ardaithe ar mhodh óráideach, agus tuigtear go ndéanann na méaranna ráiteas adeir go bhfuil an Slánaitheoir fhéin dár múineadh, nó deir na saoithe linn, go bhfuil na litreacha IC XC le léamh as leagan amach, agus cuma, na méireanna sin. Tá leabhar an Bhriathair i ngreim na láimhe clé aige. An Briathar fhéin ag craoibhscaoileadh an Bhriathair don Saol Mór, dár dteagasc agus dár múineadh atá sé.

I gcás na súl, tuigtear go bhfuil ceann acu ag féachaint díreach amach orainn agus an ceann eile ag breathnú tharainn amach ar an saol frí chéile. Tá na cluasa dírithe orainn freisin, nó cluasa le héisteacht is ea iad. Tá an muinéal níos téagartha ná mar a cheapfá, agus séard atá le léamh againn as sin nó, go bhfuil sé amhlaidh, sa chaoi go mbeadh ar a chumas an Briathar a fhógairt go líofa, agus a chraoibhscaoileadh, ó cheann ceann na cruinne.

Tá fáinne na naofachta thart ar a cheann, agus imlíne na croise, le tabhairt faoi deara, taobh istigh den bhfáinne céanna sin. Tá na litreacha, IC XC, le tabhairt faoi deara ag barr an “Icon”, litreacha a chiallaíonn “Íosa Críost”. Ciallaíonn na litreacha atá ar an gcrois fhéin “an tÉ atá”, agus sin Dia fhéin, dár ndóigh, rud a chuireann Diagacht Chríost i dtuiscint dúinn.

Fuinneoga na bhFlaitheas

Sea, agus nár dhúirt duine eicínt go raibh na dealbha déthoiseacha seo cosúil le fuinneoga na bhFlaitheas, agus nuair a dhírionn an Críostaí a aire ar “Icon”, ní leis an bpictiúr a adhradh atá sé, ach le dul i dteangmháil leis an té a léirítear san “Icon”, agus é anois páirteach i nGlóir na bhFlaitheas.

Sílim gur chuala mé duine eicínt ag rá, go rabhthas ag smaoineamh ar an “Icon” seo a thabhairt ar chuairt chuig ionaid áirithe ar fud na tíre. Nach corraitheach an smaoineamh é, agus is cinnte nach dtiocfadh as cuairt dá leithéid ach maitheas agus tairbhe…………….

gaGaeilge