I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Maith dhúinn ár gCionta…..

Nuair a chuir mé romham an colún seo a scríobh, a chéaduair, i mbliain an Phápa, tarraingt ar thriocha bliain ó shoin anois, ba é an chéad cheist a bhí le scaoileadh agam nó, cén t-ainm a bhaistfinn air, agus tar éis dom dul ar mo mharana, ar feadh scathaimh, ba é an cinneadh a dhein mé nó “I mBéal an Phobail” a thabhairt air. Caithfidh mé a admháil anois nach raibh a chathú sin orm riamh ó shoin, nó tuigeadh dom, go mba fheiliúnach an teideal é do cholún a dhéanfhad iarracht ar thagairt a dhéanamh d’ábhair a bheadh i mbéal an phobail, sea, agus a dhéanfadh iarracht freisin, ar ábhair áirithe a chur i mbéal an phobail chéanna sin, ó am go chéile. Bhuel, má theastaíonn uaim cloí leis an gcur chuige sin, caithfidh mé a admháil anois, nach bhfuil an dara suí sa bhuaile agam ach tagairt a dhéanamh don ábhar atá i mbéal gach éinne, na laethe seo, sé sin, ceist na Scoileanna Saothair agus na Scoileanna Ceartúcháin.

Ní dóigh liom, go bhfuil gá leis an téarmaí sin a mhíniú dom léitheoirí, nó is beag ábhar atá le léamh chomh minic sin ar ár nuachtáin, nó le clos ar na meáin chumarsáide, na laethe seo, le Ceist na Scoileanna céanna sin. Ba é a bhí i gceist, nó Scoileanna a bunaíodh a chéaduair, le freastal ar bhuachaillí, agus ar chailíní óga, ar tuigeadh do na hÚdaráis, agus do na Cúirteanna, ag an am, go raibh gá le Scoileanna dá leithéid, le freastal ar a riachtanaisí. Socraíodh go gcuirfí Oird áirithe, agus Cumainn Chrábhaidh faoi leith, i mbun na Scoileanna sin, agus go n-íocfadh an Stát iad as an saothar sin a dhéanamh dóibh. Go teoiriciúil, ba leis an Stát na Scoileanna sin, agus na hOird, agus na Cumainn Chrábhaidh sin fostaithe len iad a bhainistiú agus a sheoladh. Sea, agus thuigfeá uaidh sin, go mbeadh dualgas ar an Stát cigireacht a dhéanamh orthu. Is dócha gur tuigeadh, ag an am, go mba fheiliúnach an leagan amach é sin. Ach caithfear a chur san áireamh anois, nach raibh i gcuid de na daltaí a cuireadh chuig na Scoileanna sin ach gasúir óga, agus ina measc, bhí an corr-naíonán fiú.

Anois, cé go mbíodh an smacht dian go leor i ngnáthscoileanna ag an am, tharla gur éirigh an smacht sna Scoileanna Speisialta seo, níos géire, nios cruálaí, agus nios deine ar fad, ná mar a bheadh inghlactha. Sea, agus anuas ar na diansmacht cruálach sin, d’éirigh cleachtadh na mí-úsáide gnéasaí coitianta go maith ina measc freisin. Caithfear a thuiscint anois, go mba iad lucht stiúrtha na Scoileanna sin, a bhí ciontach sa mhí-úsáid ghnéasach sin. Ní gá dhomsa anois cur síos go mion ar na cúrsaí céanna sin, nó tá an scéal céanna sin le léamh, agus le clos, ar na meáin uilig, na laethe seo, ach ba chóir a lua, gur bhain Tuairisc an Bhreithimh Uí Riain stangadh asainn-ne, gnáthphobal na tíre seo, nuair a foilsíodh í ar na mallaibh. Glactar leis go raibh a fhios ag roinnt áirithe daoine, agus na daltaí úd ar deineadh an leatrom sin uilig orthu, ina measc, go raibh a leithéid ag tarlú sna Scoileanna céanna sin, ach bíodh gur tuigeadh don phobal, frí chéile, gur caitheadh go holc leis na daltaí úd, níor tuigeadh dá mbunús go raibh an droch-úsáid chéanna sin, chomh holc, chomh diabhalta, chomh huafásach, nó chomh forleathan, is a léiríodh dúinn í a bheith, sa Tuairisc sin an Bhreithimh Uí Riain.

Ach céard is féidir linn a dhéanamh anois, le cúiteamh de shaghas eicínt a chur ar fáil dóibh siúd a d’fhulaing an leatrom sin uilig, thar bhlianta fada. Deineadh an chéad ghála den chúiteamh sin a chur ar fáil, sé nó seacht de bhlianta ó shoin, ach ní leor in aon chor ar deineadh an tráth sin. Caithfear anois, mór-iarracht amháin eile a dhéanamh, lena bhfuil ó na daltaí sin, a chur ar fáil dóibh, agus sin go luath, neamhchoinníollach, flaithiúil. Caithfidh an Stát Iontaobhas Speisialta, Neamhspleách, a bhunú le cúram a dhéanamh den ghnó náisiúnta seo, agus caithfidh na hOird agus na Cumainn Chrábhaidh an tIontaobhas sin a mhaoiniú, cuma faoi thada eile.

Agus an méid sin uilig ráite, agus glactha leis, níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar phrionsabail áirithe, ach oiread, prionsabail cosúil le “due process” agus “Cothrom na Féinne”, nó caithfidh mé a rá, go raibh cuid de na ráitis a chuala mé ó dhaoine áirithe ar na meáin dulta thar fóir ar fad. Gan dabht ar domhan, ba chóir an dlí a chur i bhfeidhm, ach ag an am gcéanna, ba chóir cearta an tsaoránaigh a chosaint, nó mura ndéana muid sin, céard a bheidh fágtha againn den Áilleacht Uafar úd a saolaíodh inár measc, tarraingt ar chéad bliain ó shoin anois?

Fútsa atá sé, a léitheoir…………

gaGaeilge