I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Gan fís, gan todhchaí

.

“Nach mór idir inné agus inniu”, arsa mo sheanchara, Séimí coir an Droichid liom, agus é ag cur tús lenár gcomhrá, thios sa Smugairle Roin, an Domhnach seo caite, agus muid beirt ar ár mbealach abhaile ón Aifreann.

“Céard tá i gceist agat, a Shéimí?” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh scéal nó scuan eicínt a mhealladh ó mo Shéimí breá.

“Easba físe, an difir is mó idir dhearcadh daoine blianta ó shoin agus an chaoi a bhreathnaíonn siad ar an saol, sa lá atá inniu ann, agus nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine anois, gur tír gan todhchaí tír gan fís,”

“Sin an chéad uair a chuala mé an nath cainte sin. D’fhéadfadh slám den bhfírinne a bheith ann, is dócha.”

“Bí cinnte dhe go bhfuil, nó nach é sin an rud is mó atá in easpa orainn, na laethe seo, mar de ghnáth, ní bhíonn i gceist againn na laethe seo ach treabhadh linn ó thubaiste amháin go dtí an chéad scraith ghlugair eile.

“Ach, a Shéimí, nach é an cárta céanna a imríonn chuile thír, nuair a tharlaíonn i gcruachás iad?”

“B’fhéidir é. Ach is é atá á mhaíomh agamsa anseo nó mura bhfuil fís agat, ní féidir leat tarraingt ar chuspóir cinnte, inmhianaithe, agus ar an dtaobh eile de, má tá fís chinnte leagtha os comhair phobail na tíre, beidh fios a mbealaigh acu, agus cuma cén dris a tharlaíonn sa chasán rompu, beidh ar a gcumas í a ghlanach as a mbealach agus an bóthar rompu a bhualadh arís. Sin an difir is mó atá idir phobal an lae inniu agus an dream a bhí suas in óige na haoise seo caite. An tráth sin, bhíothas meáite ar thrí phríomhaidhm. Theastaigh uathu saoirse a bhaint amach i dtosach, an tír a aontú, agus an Ghaeilge a aithbheochan agus a chur á labhairt athuair i measc phobail na tíre seo.”

“Ach, a Shéimí, an bhféadfá a rá gur éirigh leo na haidhmeanna sin a bhaint amach?”

“B’fhéidir nár éirigh go ró-gheal leo sa bhfiontar sin, go nuige seo, ach sin an bua a bhaineann le fís, maireann sí, agus mura n-éiríonn leat í a chur igcrích i ngearraimsir, bhail seans agat tabhairt fuithi arís, agus cuma faoi rud ar bith, tá an bóthar i dtreo na físe chomh soiléir anois is a bhí a chéaduair. B’fhéidir go bhfeictear do daoine anois, go bhfuil an ród sin anacair, casta, céasta, go maith, ach feictear dóibh, go bhfuil sé intaistil freisin.”

“Sea, ach nach gceapfá, ag an am gcéanna, go gcailleann an pobal an dúil a bhí acu sa bhfís sin le himeacht aimsire, agus chomh maith le sin, go maolaítear ar an bhfonn a bhí orthu, a chéaduair, leis an bhfís úd a fhíoradh.

“Is dócha go bhféadfá sin a mhaíomh, ach ag an am gcéanna, tar éis mála leithscéal a fholamhú ar an ród romhainn, fiú, fanann an fhís fhéin, agus is féidir le pobal a ndúil inti a athmhúscailt, am ar bith is mian leo. Agus sin an difir idir céapair an lae inniu agus laethe na físe úd. Inniu, ní bhíonn á dhéanamh ag ár gceannairí ach a mbealach a dhéanamh amach as cibé deacracht atá ina dhris chasáin rompu, ag an bpointe seo ama, agus ní túisce an dris sin glanta as an mbealach acu nó tá ceann eile tagtha rompu, agus sin mar a théann an scéal acu, ó dheacracht amháin go deacracht eile. B’fhéidir nárbh olc an tseift againn anois í, filleadh ar an tseanfhís, nó fiú, socrú ar fhís nua, le spiorad na Poblachta seo a dhíriú ar aidhm inaitheanta, inmhianaithe, inshroichte, agus an ród chuig an gcuspóir sin a mhapáil go cruinn, cúramach.”

“Ach, a Shéimí”….

Níor thug sé deis dom mo cheist a chur, nó, d’fhéach ar an gclog, agus chuaigh de rúid, an doras amach, faoi mar ba chat scólta é. Ach, bí cinnte dhe go gcuirfidh mé mo cheist air, an chéad deis eile a gheobhaidh………………….   

.

gaGaeilge