An Ród seo romhainn
.
Leigheas ar Choiriúlacht
Dhírigh mé, sa cholún seo, an tseachtain seo caite, ar dheighleáil le coiriúlacht, agus le mí-iompar, bhaill áirithe dár bpobal. Sea, agus ar an ócáid sin, gheall mé dhaoibh, go bhfillfinn ar an ábhar sin, go luath, le leigheas eicínt ar an nghalar crapallach sin a mholadh. Bhuel, seo chugaibh mé arís, an tseachtain seo, agus mé ag iarraidh an gheallúint sin a choimhlíonadh. Caithfear a admháil anois, nach bhfuil sé éasca, nó simplí, a leithéid a dhéanamh, nó dá mbeadh luibh ag na húdaráis s’againne, bheadh leigheas faighte acu, cheana féin, ach ní haon leithscéal é sin ar fhallsacht, nó ar leisce, sa chás seo. Ach nuair a smaoiníonn tú air, feicfidh tú nach bhfuil an dara rogha againn ach tabhairt faoi fhuascailt ár bhfaidhbe, nó mura n-eiríonn linn sin a dhéanamh, ar an dá luathas, bheadh sé chomh maith againn dul ag feadaíl, nó ní bheidh ar chumas duine ar bith againn buaileadh amach ar ár mbóithre, nó ar ár sráideanna, feasta, nó beidh deireadh le dlí is le reacht, agus ní bheidh ceart ag éinne, mura bhfuil an neart cuí aige, le sin a chur in áirithe dó.
Cúlú ar Chlaonta
Ach céard is féidir linn a dhéanamh, le cumhacht na ndronganna coirpeach, idir óg agus fásta, atá ag iarraidh smacht a fháil ar ár bpobal, a shrianú. Mar thús, caithfear dearcadh an phobail s’againne a athrú ó bhonn, agus chuige sin, caithfidh chuile dhream den bpobal a chion fhéin a dhéanamh, le saol ár linne a dhéanamh níos sibhialta, agus níos sláine. Agus an babhta seo, ní haon mhaith bheith ag iarraidh an t-ualach uilig a fhágáil ar an lucht léinn, trína rá, gur chóir dúinn cúrsaí nua a chur á múineadh sna scoileanna, agus dá ndéanfaí a leithéid, ansin ar ball, go ndéanfadh sin an pobal s’againne a shlánú. Faraoir! tá a fhios againn go maith, nach bhfuil ansin ach brionglóidí breallánta. An turas seo, caithfidh muid tosú leis na daoine fásta, na daoine a bhfuil tuiscint acu ar an saol. Sea, caithfidh colúna ciallmhara an phobail iarracht a dhéanamh ar anáil na beatha a shéideadh i bhfís seo ár slánaithe. Ní féidir linn cead a thabhairt do dhream ar bith fanacht ar an dtaobh amuigh, an turas seo.
Deireadh an Chluiche
Beifear ag brath ar lucht na Dála, agus ar an lucht Dlí, ar ár bhfórsaí Slándála, agus ar ár lucht spóirt, ar mhúinteoirí, ar shiopadóirí, agus ar an gcosmhuintir frí chéile, mar caithfidh siad uilig chuile iarracht a dhéanamh ar a chur ina luí ar ár gcoirpigh, go bhfuil deireadh lena gcluiche feasta. Céard tá i gceist agam, an ea?
Má chruthuítear i gcúirt, gur bhris saoranach eicínt an dlí, bhuel, caithfear glacadh leis, gur dhein sé a chontráil, agus go gcaithfeadh sé íoc as. Sin an cineál ruda atá i gceist agam, nuair adeirim, go gcaithfidh an sochaí s’againne a ndearcadh, agus a n-iompar, a athrú ó bhonn, leis an ngalar crapallach seo atá á gcéasadh, a chur ar gcúl.
Ach céard a tharlódh dá….
Ach, céard a tharlódh, dá mbeadh daoine ann, a déarfadh linn dul ag feadaíl, agus nach raibh fúthusan polasaí “goodie two shoes” dá leithéid a leanúint. Raghaidís a mbealach fhéin, beag beann ar dhearcadh dhaoine eile, díreach faoi mar atá á dhéanamh acu, i láthair na huaire seo. Bhuel! nach bhfuil ualach asail de dhlithe againn, le múineadh a chur ar a leithéidí. Sea! ach i ndiaidh dúinn úsáid a bhaint as na dlithe sin, le fios a mbéas a mhúineadh dóibh, má tharlaíonn, go bhfuil siad meáite fós ar neamhaird a thabhairt ar leas an phobail, céard is féidir linn a dhéanamh ansin? Tabhair seans eile dóibh, agus mura n-athraíonn siad a n-iompar ansin, ba chóir don Stát iad a chur isteach in Institiúd Speisialta Cheartúcháin, gan a thuilleadh moille. Faoi mar adeirtear thall, “Two Strikes and You’re Out!”
Agus an ligfí amach an an Institiúd Speisialta sin arís iad? Ligfí, dá n-éireodh leo a chruthú, go raibh a gceacht foghlamtha acu, agus nach raibh fúthu feasta, feidhmiú i gcoinne leas an phobail.
Due Process, an ea?
Anois, is féidir leat a bheith cinnte, go mbeadh daoine ann, a bheadh glan in aghaidh polasaí dá leithéid. Céard faoina gcearta daonna, agus céard faoi “Due Process” agus chuile shórt dá leithéid, adéarfadh siad, b’fhéidir? Sea, ach céard faoi chearta daonna na ndaoine ar dhein siad dochar dóibh? agus céard faoi leas an phobail i gcoitinne? Mura bhfuil Stát in ann cearta a shaoránach a chosaint, agus leas an phobail, frí chéile, a chur chun cinn, bhuel! tá teipthe air mar Stát, agus tá an “Conradh Sóisialta” briste acu.
Ach, faoi mar a dúirt mé thuas, caithfidh baill uilig an Stáit teacht taobh thiar den pholasaí seo, má theastaíonn uathu an lámh in uachtar a fháil ar na dronganna coirpeach atá teacht i dtír ar shaothar, agus ar dhúshaothar, dhaoine eile. Mar, cosúil lena lán buíonta eile, ní fhéadfaidís teacht i dtír, in aon chor, mura mbeadh tréad ansin lena “due process”, le chuile bhuntáiste a chur ar fáil dóibh lena gcoirpeacht a chleachtadh, faoi mar ba Ghairmeacha Uaisle iad, an robáil, an marú, an t-éigniú, agus an bualadh. Déarfainn go bhfuil sé thar am ag an Stát s’againne seasamh le leas an phobail, feasta.
.