I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Faraoir! Tá an ‘Ryan Line’ dúnta

Dá ndéarfadh duine ar bith liom, le tamall de bhlianta anuas, go mbeinn ag scríobh dréacht molta anseo i mBéal an Phobail, inniu, faoi Gerry Ryan, ní chreidfinn é.

Ar an gcéad dul síos, ní chreidfinn é, toisc go mba fhear óg scafánta é Gerry, agus chuile chosúlacht air go mairfeadh sé i bhfad níos faide ná mar a mhairfinnse, agus sa tslí sin, ní bheadh deis ar bith agam méaróg mar seo a leagan ar a charn.

Agus sa dara háit, ní áireoinn Gerry i measc na gcairde úd a spreagfadh mé le dréacht molta a scríobh fúthu!

‘Tuige sin, an ea?

Bhail! Ba chraoltóir é an Rianach, a chuireadh le báiní mé, go rialta, lena dhearcadh ar chúrsaí náisiúnta, ar chúrsaí creidimh, agus ar chúrsaí polaitíochta, fiú. B’fhear é, cheapfá, nár chaith mórán ama ag gaibhniú a smaointe, nó ag snasú a thuairimí, nó ba dhuine é, a scaoilfeadh lena racht, agus a ligfeadh srian lena theanga, tráth a cheapfainnse gur chóir dó bheith i bhfad níos cúramaí, níos leochaillí, agus níos srianta, ina ráite. Dá ndéarfadh an craoltóir go raibh an t-am tagtha le héirí amach i gcoinne an chóras rialaithe a bhí againn, i láthair na huaire seo, ní fhéadfainnse teacht leis sa dearcadh sin, nó dár liomsa, ba shaghdadh chun éirí amach é sin, rud nár chóir a dhéanamh, agus rud freisin, a bheadh i gcoinne leas an phobail.

Athsmaoineamh

Ach, nuair a dhéanfá athsmaoineamh ar a ndúirt sé, thuigfeá nár shaghdadh a bhí i gceist aige, ach é ar buile le botúin lucht rialaithe. Am eile, dhéanfadh sé tagairt do ‘Catholic mumbo jumbo’ agus arís, chuirfeadh caint dá leithéid fonn fola ormsa, toisc go gceapfainnse nár chóir a leithéid de mhasla a thabhairt d’eagraíocht ar bith, nó d’eaglais ar bith, ach nuair a dhéanfá do mharana ar an scéal, thuigfeá gurbh é a bhí a dhéanamh ag an gcraoltóir nó é a bheith ag ionsaí eaglaiseach éigin, a bhí ag iarraidh dallamullóg a chur ar a lucht éisteachta. Ach ag an am, ní dhéanfainnse an t-athsmaoineamh sin, agus dá bharr sin, ní mó ná sásta a bhínn le Gerry bocht, corruair. Agus nach é an rud a tharlalíonn nó gurb iad na rudaí a chuireann le báiní thú a fhanann leat, agus a dhathaíonn do dhearcadh ar dhuine, nó ar rud. B’in mar a bhí agamsa.

Drochscéal

Ach, ansin, chuala mé an drochscéal.

Cailleadh Gerry Ryan aréir, adúradh linn, agus thángthas ar a chorp ina arasán, i lár an lae ghil, agus ba í a leannán an chéad duine a tháinig ar an gcorp sin. Tá’s ag an saol go raibh an craoltóir scartha lena chéile le cupla bliain anuas, ach má bhí fhéin, bhí an bheirt acu cairdiúil, carthannach, lena chéile, agus iad ag comhoibriú lena chéile freisin i dtógáil clainne.

Caithfidh mé a admháil, gur bhain a bhás stangadh asam. Sea, faigheann daoine bás. Ní mhaireann éinne go deo, ach mar sin fhéin, cuireann tarlúint dá leithéid, go háirithe nuair is duine óg scafánta atá i gceist, a bhásmhaireacht fhéin i dtuiscint do dhuine, agus tugann sé deis dó freisin, athsmaoineamh a dhéanamh, agus b’fhéidir athbhreithniú a dhéanamh ar charachtar, agus ar iompar, an té atá imithe ar Shlí na Fírinne. B’in mar a tharla sa chás seo freisin. Rinne mé athsmaoineamh, athsmaoineamh a chuir d’fhiacha orm athbhreithniú a dhéanamh freisin. Tar éis dom éisteacht le daoine, a raibh aithne acu air, á mholadh, agus á mhóradh, as a dháiríreacht, as a chomharsanúlacht, agus as a chomhbhá, tuigeadh dom ansin, go mba dhuine é a mhothaigh cruachás a chomharsan, agus a lig a racht orthu siúd, a rinne éagóir ar an gcosmhuintir. Nach minic a chuala muid é ag sciolladh ar bhligeaird eicínt, a rinne leatrom orthu siúd nach raibh ar a gcumas iad fhéin a chosaint, nó ag feannadh orthu siúd a bhris isteach i dtithe na sean, len iad a robáil is a bhatráil. Ní gá a rá, gur chuir eachtraí dá leithéid masmas agus déistean air, agus chuir sé an masmas agus an déistean sin, in iúl dá éisteoirí.

Fuascailt faidhbe

Ar an dtaobh eile den scéal, bheadh Gerry sásta roinnt mhaith ama a chaitheamh, ag plé le duine a raibh fadhb eicínt ag dó na geirbe aige, ag an am. Thugadh sé comhairle don duine sin, as a stuaim fhéin, dá dtuigfí dó, go raibh sé cáilithe chuige, ach dá gceapfadh sé go raibh an fhadhb sin thar a chumas fhéin, raghadh sé ar thóir chomhairle ó údar eicínt eile, agus dhéanfadh sé chuile dhícheall le fuascailt na faidhbe a chur ar fáil don té sin a bhí ina ghátar.

Ba é an scéal céanna é i gcás daoine, a raibh cúrsaí airgid, nó cúrsaí dlí, nó cúrsaí pósta, ag cur as dóibh. Bheadh an Rianach sásta chuile iarracht a dhéanamh le cabhair agus cúnamh a chur ar fáil dóibh, fiú dá mbeadh air dul i dteangmháil le polaiteoirí, le dlíodóirí, nó le daoine gairmiúla eile, leis an gcúnamh sin a chur ar fáil dóibh.

Craoltóir gan sárú!

Sea, níl dabht ar domhan, ach go mothófar uainn é sna laethe atá romhainn amach, ach nár chóir ár gcomhbhrón a chur in iúl dá chlann is dá bhean, nó nár mhinic a chuir Gerry chuile dhuine acu sin in aithne dá lucht éisteachta. Ghlac sé leis an éisteoir mar dhuine dá chlann, agus d’inis dó faoi chúrsaí baile, agus faoi chúrsaí clainne. Nach raibh aithne ag chuile dhuine sa tír ar Mrs Ryan, agus ar chuile dhuine den ál? le críoch a chur leis an bpíosa seo, nach féidir linn a dhearbhú, nach cosúil go mbeidh a leithéid arís ann.

Sólás na bhFlaitheas, agus solas na soilse, dá anam comharsanúil, anois agus i dtólamh.

gaGaeilge