Leabhar mór-ráchairte

.

**********************

.

A Thousand Splendid Suns

by

Khaled Houssini……………….2007……£11.99…

.

Míle Grian Ghréagach

Don té a dteastaíonn uaidh, spléachadh eicínt a fháil ar an gcineál saoil a bhí á chaitheamh ag muintir na hAfganastáine, le tarraingt ar leathchéad bliain anuas, bheadh sé deacair dó, leabhar níos oiriúnaí chuige sin, ná “A Thousand Splendid Suns” a fháil ar dhroim talún. Afganastánach fir is ea an t-údar, Kaled Houssini, a rugadh i gcathair Kabul. Ach thréig sé an chathair sin sa bhliain 1980, agus thug na Stáit Aontaithe air fhéin, mar a bhfuil cónaí air fós i gCalafóirnia ó Thuaidh. Seo an dara úrscéal uaidh, agus “The Kite Runner” a bhaist sé ar a chéad úrscéal, leabhar a bhain clú agus cáil amach dó ó cheann ceann na cruinne, agus dá chomhartha sin, cuireadh cló ar an leabhar céanna sin i gceithre thír is triocha.

Na “Thousand Splendid Suns” úd!

Ní gá a rá, go bhfuil “A Thousand Splendid Suns” tosaithe cheana ar an mbóthar cáiliúil céanna sin.

Cá bhfuair an t-údar an t-ainm a bhaist sé ar an leabhar seo, an ea?

Bhuel, míneoidh an t-athlua gearr seo fios fátha an scéil duit,

“All day this poem about Kabul has been bouncing around in my head. Saib-e-Tabrizi wrote it back in the 17th century. I think I used to know the whole poem, but all I can remember now is two lines:

One could not count the moons that shimmer on her roofs,

Or the thousand splendid suns that hide behind her walls.

…..When this war is over. We’ll come back to Kabul…. You’ll see.”

Ar bhealach eicínt, chuirfeadh an leabhar seo leabhar Frank McCourt, “Angela’s Ashes,” i gcuimhne do dhuine, sé sin, cur síos ar chruatan agus anró an tsaoil seo, d’óg agus d’aosta, i measc na mbocht, ach amháin go bhfuil gné eile den chruatan le tabhairt faoi deara i leabhar Khaled, sé sin, cruatan agus uafás an chogaidh. Ach, fillimis ar an leabhar fhéin…

An Príomh Charachtar

Is í Mariam an príomhcharachtar sa scéal seo, agus rugadh ise sa bhliain 1959, iníon neamhdhlisteanach Jalil, fear toice a mhair i mbaile mór Herat, ba ea í. Ní call a rá, nár mhair sí i dtigh a athar, nó bhí cupla bean, nó trí, aige cheana féin, agus clann dlisteanach freisin. Mar sin, níor oir sé dó máthair Mhariam a phósadh, agus dá bharr sin, fágadh Mariam agus a máthair, Nana, le cónaí a dhéanamh i mbothán eicínt, píosa amach ó bhaile Herat agus ó thigh Jalil. Théadh Jalil ar chuairt chuig a iníon, agus chuig Nana, chuile sheachtain, ach níor ligeadh dóibh aon pháirt ghníomhach a ghlacadh i saol, nó i saothar Jalil. Faoin am a raibh Mariam thart ar chúig bliana déag d’aois, mhothaigh sí, gur mhaith lei páirt a ghlacadh i saol a athar, agus d’fhág sí an baile agus Nana, le sin a chur i gcrích. Níor ligeadh isteach i dteach Jalil í, áfach, agus ar ball, b’éigean di filleadh ar Nana, a máthair, ach bhí sí ró-mhall, nó, san idirlinn, chuir Nana bhocht lámh ina bás fhéin, toisc gur thréig a iníon, Mariam, í..

Margadh déanta!

An chéad rud eile a tharla, nó rinne Jalil cleamhnas di, le Rasheed, fear a bhí triocha bliain níos sine ná í, agus fear a bhí cantalach, cancarach, mí-fhoighdeach. Rinne Mariam rud ar a hathar, ach má dhein, mhínigh sí do Jalil, nach mbeadh lámh, baint, nó páirt, aice leis, go brách na breithe arís. Bhí cónaí ar Rasheed i Kabul, agus chuaigh Mariam chun cónaithe leis, sa chathair sin. Níor chuir Mariam aithne ró-dhlúth ar ghrá, ar mheas, nó ar chion, i dtigh Jalil, agus de réir mar a chuaigh cúrsaí chun donais san Afganastáin, agus de réir mar a deineadh an tír sin a chéasadh le cogaí is le ganntan, is ea ba ghéire, agus ba throime, a luigh ualach an chrá agus an anró ar Mhariam.

Ar ball, trí thimpiste, tháinig comharsa óg mná, chun cónaithe leo, agus ba é deireadh an scéil sin é nó gur phós Rasheed an cailín óg sin, agus ón nóiméad sin anonn is ea ba lú fós a mheas ar Mhariam. Níor mhair an grá a bhí ag Rasheed dá bhean óg i bhfad, áfach, agus ba ghearr go raibh droch íde á thabhairt aige don bheirt bhan a bhí mar chéilí aige. Agus, bíodh nach mbeifeá ag súil leis, snadhmadh caradas idir Mariam agus an cailín óg seo, Laila, agus ba chosúla le deirfiúracha, nó le mathair agus iníon, iad beirt ná céilí i dtigh sin an tseanfhir chancaraigh, chantalaigh, chruálaigh.

Ar an gCreatlach sin…

Ar an gcnámharlach sin a chrochann Khaled Houssini a scéal, agus ni gá dhomsa a rá, go n-éiríonn thar barr leis trua do na mná bochta sin, do Mhariam, agus do Laila, a mhúscailt i gcroí an léitheora. Tá sé beagnach do-chreidte, an t-anró agus an cruatan a d’fhulaing na mná céanna sin, lá i ndiaidh lae, agus ó cheann ceann na bliana, i dtigh an chancaráin sin Jalil. Annamh a éiríonn le húdar, a léitheoir a chur faoi gheasa, faoi mar a dhéanann an t-údar seo, le cur síos ar choraí crua shaol na beirte úd. Chomh fada is a bhain sé liomsa, mhothaigh mé, agus d’iompar mé, sciorata eicínt den anró, agus den chruatan, a chráigh agus a chéas na caractair sin. Ní call dom a rá, go raibh an pobal ar fad i gCabul ag fulaingt na géarleanúna céanna, ó chibé dream a bhí ag iarraidh phobal na cathrach ársa sin a thabhairt faoina smacht. Leabhar é seo, ar deacair é a chur uait, nó níl dabht ar domhan, ach go n-éiríonn leis an údar a dhraíocht mar scéalai a oibriú ort, agus inchreidteacht a úrscéil á chur ar do shúile duit, aige.

An-leabhar, cur chuige ealaíonta, agus blas agus boladh na hinchreidteachta, ag sileadh as chuile chaibidil ann, ó thus deireadh. Bheinn ag ceapadh go mbainfeá taitneamh as!

.

gaGaeilge