Hi! Mary,

A picture of any Christmas scene would work well with this offering. A Christmas Tree, or City Lights, or some such.. Best wishes for the Holy Season to you and yours.

Peter Barrett.

.

.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Nollaig Náid a Naoi

.

Nollaig eile chugainn faoi dheifir,

Gearróga dubha linn, dár reo,

Ach cuimhní geala mar ré dár seoladh

Siar faoi ghradam go Ríocht na n-Óg.

.

Nach breá an rud é go bhfuil Séasúr na Nollag ar lic an dorais againn, faoi seo, lenár gcroí a thógail, agus lenár misneach a ardú, tar éis ar fhulaing muid mar chine, le dhá mhí dhéag anuas. Ní gá dhom na cruatain uilig a tháinig ar chuairt chugainn le bliain anuas, a lua anseo, nó is glas iad na cuimhní céanna sin in aigne chuile dhuine againn. Smaoinigh ar an gcúlú eacnamaíochta, a bhain an anáil dínn, ó thús na bliana seo, sea agus na buiséid fheanntacha a dréachtadh, ag iarraidh na coscáin a oibriú ar an gcúlú céanna sin. Ansin, cé dhéanfadh dearmad ar na tuilte a tháinig anuas sa mhullach orainn, agus an toradh a bhí ar na tuilte céanna sin, agus cé dhéanfadh dearmad ar na Tuarascála a leagadh os ár gcomhair sa tréimhse sin, Tuarascáil Uí Riain, agus Tuarascáil Uí Mhurchú, Tuarascála a bhain an chaint dínn uilig, geall leis, nó céard d’fhéadfá a rá i bhfianaise na ngníomhartha danartha, peacúla, a nochtaíodh don náisiún sna Tuarascála céanna sin.

Gaineamh ar Urláir

.

Ré gan fearthainn, gan sioc, gan sneachta,

Taitneamh gréine as spéartha glé,

Gaineamh leata ar ’chuile urlár

Ag fáiltiú roimh bhreithlá Mhac Dé.

.

Níor imigh Mí na Nollag gan a smitín fhéin a bhualadh orainn, nó i rith na míosa sin, ritheadh an buiséad ba ghéire a gearradh riamh ar phobal na tíre seo, buiséad frith-Nollaigiúil, a d’fhág roinnt mhaith daoine ar an ngannchuid, le Nollaig ghortach a cheannacht dóibh fhéin, dá gclann, is dá gcairde, le Nollaig seo Náid a Naoi a cheiliúradh.

Coinnle geala mar chuireadh uainne

Don Mhaighdean óg is dá céile caoin,

Teacht ar chuairt chugainn ó fhuacht na hoích’

Le foscadh fíor a thabhairt don Naí.

.

Gan gus, gan mustar!

Ach breathnaigh ar an t-é atá á mhóradh againn le linn na Féile Beannaithe seo. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil seo aigesean an oíche sin fadó, ach nár chomhartha sona dúinne a theacht? Sea, agus b’fhéidir nach ró-dhona an tuar dúinne é, ar tharla dúinn i mbliain seo Náid a Naoi.

.

Maidin Nollag is sioc ar thalamh,

Spéir go drithleach, in omós don Rí,

Pobal tuaithe ag triall ar Aifreann

Le breithlá sona a ghuí don Naí.

.

Agus sin uilig ráite, dearbhaithe, agus admhaithe, agam, níl an dara rogha againn ach an Ród seo Romhainn a bhualadh, go bródúil, misniúil, nó ní pobal sinn a shíolraigh ó chine meata.

Síocháin do Lucht a Pháirte

Ach, sul má bhuaileann muid an Ród céanna sin, ag tús na bliana seo chugainn, 2010, déanaimis Féile Bheannaithe na Nollag seo, Náid a Naoi, a cheiliúradh, faoi mar a deineadh an Fhéile sin a cheiliúradh le sinsearacht romhainn. Mar sin, Nollaig Shona dhaoibh, agus go mbeirimid uilig beo ar an am seo arís.

.

.

D’imigh sin is shíothlaigh m’aisling,

Is táim anois ar ais im aois,

Ach fanfaidh fís gheal, ghlé, na hóige

Le teas is dóchas a adhaint im’ chroí.

.

Gura seacht fearr a bheas ár léitheoirí uilig, an tráth seo arís.

.

.

gaGaeilge