Grisham aris!

Playing for Pizza

by

John Grisham

Leabhar eile ón Máistir

Leabhar eile ó pheann líofa an údair cháiliúil, Mheiriceánaigh, seo, is ea Playing for Pizza, ach caithfear a rá, láithreach bonn, gur chineál eile leabhair, amach is amuigh, isea an ceann seo. Is minic cheana a scríobh mé faoi leabhair le John Grisham, ach den chuid is mó, ba chúrsaí dlí a bhí mar chúlra, agus mar dhúshraith, ag na scéalta sin, agus ní gá a rá, go mba leabhair spéisiúla, tarraingteacha, lán-teannais, iad uilig. Leabhair ar nós:-

The Firm, the Pelican Brief, The Runaway Jury,

The Summons, The Last Juror, agus The Broker.

Rinne sé cupla iarracht freisin, ar leabhair a ghaibhniú taobh amuigh den dlí, leabhair ar nós:-

A Painted House, Skipping Christmas, agus Bleachers.

Ach ba chumadóireacht a bhí sna leabhair sin, taobh amuigh den Painted House, b’fhéidir. Ní gá a rá, gur scríobh sé leabhar de chineál eile ar fad, anuraidh, leabhar a bhí bunaithe ar fad ar an bhfírinne. The Innocent Man, ata idir chamáin agam anseo, agus ba é mo bhreith ar an leabhar sin, nó ar bhealach eicínt, go mba iontaí ar fad an scéal é ná mar a bhí le fáil ina chuid leabhair ficsin.

Athrú Treo

Ach sa scéal seo, Playing for Pizza, fágann sé na cúirteanna agus an dlí ar leataobh arís, agus tugann sé faoi scéal a chumadh, taobh amuigh den ghort úd ab ansa leis. Cúrsaí Peile Meiriceánaí atá idir chamáin aige anseo. Tharla, agus é i mbun taighde do leabhar eile ar fad, go bhfuair sé amach, go raibh Peil Mheiriceánach á imirt san Iodáil, agus go raibh lear mór foirne bainteach leis an gcleachtas seo. Ar leibhéal amaitéireach a deintear an cluiche a eagrú ansin. Bhí de nós ag cuid de na foirne sin, Meiriceánach, nó dhó, a fhostú, le cúnamh a thabhairt dóibh fanacht i dteangmháil leis an gcluiche Meiriceánach. Cá bhfuair an t-údar an teideal dá leabhar? Bhuel, in ionad pá a íoc leis na himreoirí Iodálacha, is amhlaidh a bhíonn féasta acu, go rialta, agus is é an Pizza an príomh earra ar an mbiachlár, do na féastaí céanna sin!

An Ceathrúchúlaí

Is é an príomhcharactar sa scéal seo nó Rick Dockery, ceathrúchúlaí, nó quarterback, mar a thugtar ar imreoir dá leithéid thall. Ba é Arnie a ghníomhaire, agus bíodh go raibh seal maith caite ag Rick, ag gabháil don chluiche sin thall, ag an am gcéanna, níor éirigh leis clú, nó cáil faoi leith, a bhaint amach dó fhéin mar imreoir. Tharla nach mbíodh an t-ádh ina chaipín, de ghnáth, agus ba é toradh a bhí ar sin, nó go mbíodh air bóthar a bhualadh minic go maith, ach faoi thús an scéil seo, bhí sé ag imirt mar cheathrúchúlaí do na Cleeveland Browns. Tharla go raibh an Fhoireann sin ag imirt sa chraobhchluiche. Bhí ag eirí thar barr leo, agus iad 17 pointe chun tosaigh, ach sa chuid deiridh den chluiche sin, d’éirigh le Rick Dockery páirt chinniúnach a ghlacadh san imirt, agus, mo bhrón! trína leibideacht, agus trí dhrochphasanna, d’éirigh leis bua gan choinne a bhronnadh ar a gcéilí imeartha. Ba é toradh a bhí ar an bpáirt a ghlac sé sa chluiche sin, nó gur deineadh staicín áiféise de os comhair an náisiúin, agus dá bharr sin, ní raibh foireann ó cheann ceann na Stát Aontaithe, a bheadh sásta baint nó páirt a bheith acu leis!

Peil Americano!

Bhí a ghníomhaire, Arnie bocht, i gcruachás agus é ag iarraidh post a fháil dá cheathrúchúlaí, i bhfoireann ar bith de lucht imeartha Peile Meiriceánaí sna Stáit, agus ar deireadh thiar thall, ba é an post ab fhearr a d’fhéadfadh sé a fháil dó nó mar cheathrúchúlaí leis na Parma Panthers, foireann a d’imir Peil Mheiriceánach san Iodáil. Ní gá a rá nach saothródh sé an oiread céanna airgid san Iodáil agus a shaothríodh sé thall, ach nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! agus ba é an dála céanna ag Rick s’againne é.

Bhuail sé an bóthar chun na hIodáile, agus fáiltíodh roimhe sa tír sin, nó ba pheileadóir aithnidiúil é, a d’fhoghlaim a cheird mar cheathrúchúlaí i gcliabhán na Peile Meiriceánaí. Is léir go dtaitníonn cultúr agus sibhialtacht na tíre sin leis an údar, agus caitheann sé a dhúthracht ag cur síos dúinn ar chleachtais bia agus dí na nIodálach. Nach é a chuireann síos go blasta, cruinn, ar na féastaí a chaitheadar, agus an pléisiúr a bhaineadar as a mbéilí agus as a bhfíonta. Ar ball ansin, déanann an t-údar a dhícheall cur síos cruinn, soiléir, a thabhairt dúinn ar an gcluiche fhéin, ar Pheil Mheiriceánach.

Super Bowl Iodálach!

Caithfidh mé a admháil, nár éirigh leis dul i gcionn orm fhéin, lena chur síos mion, chúramach, ar Pheil Mheiriceánach, bunús an ama, ach ag an am gcéanna, caithfidh mé a rá, gur bhain mé taitneamh as a chur síos ar theannas, ar fhhisiciúlacht, ar dhíograis, agus ar dháiríreacht na n-imreoirí agus a lucht leanúna. Ba e aidhm agus cuspóir na bPanthers nó Super Bowl a bhuachaint, rud nár éirigh leo a dhéanamh, riamh cheana, ach anois, ó tharla go raibh an ceathrúchúlaí iontach Meiriceánach seo acu, tuigeadh dóibh, go raibh an-sheans acu mian a gcroí a bhaint amach.

Ar éirigh leo sin a dhéanamh? agus conas a d’éirigh lena gceathrúchúlaí nua, dul i gcionn ar a chomhimreoirí? Bhuel, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar seo a fháil, is a léamh, más uait freagra na gceisteanna sin a fháil!

Ní déarfainn gurb é an leabhar is fearr fós é, ó pheann an údair cháiliúil seo, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis dul i gcionn orainn, lena dháiríreacht, lena scil, agus lena chur chuige.

  

gaGaeilge