Inné agus Inniu
Peadar Bairéad
(This week we take a look at changes that occurred during a lifetime.)
Bóithrín na Smaointe
Nach cuimhin linn uilig an nath cainte úd adeir gur mór idir inné agus inniu, agus mise i mbannaí dhuit, gur deacair cur i gcoinne an natha chéanna sin. Ach i ndáiríre, nach deacair a chreidiúint go bhféadfadh athruithe chomh mór sin a theacht ar an saol in achar chomh gearr sin, ó óige an fichiú haois go dtí an lá atá inniu ann? Nach mór an t-athrú atá tagtha ar fheisteas daoine? Sea, ach cé déarfadh nár chun ár leasa na hathruithe céanna sin? Ach is iad na hathruithe atá tagtha ar fheisteas na mban is mó a chuireann iontas ar chuid againn anois. Cá bhfuil na seálta a chaitheadh na mamanna uilig, geall leis, thiar, an tráth úd? nó na sciortaí fada dubha, nó dúghroma, go talamh, a bhí go mór sa bhfaisean, go háirithe i measc na mban pósta, an tráth úd, gan tracht in aon chor ar na fosciortaí dearga sin? Beag trácht a bhí ar stocaí síoda nó ar níolóin, nó fiú ar riteoga, an tráth úd. Ní bheadh sé de mhisneach ag mórán buaileadh amach faoin aer i mionsciorta, nó i bhfeisteas ar bith dá leithéid ansin. Anois, ní raibh ag tarlú sa chás sin uilig ach go raibh ‘chuile ghlún ag cur a síniú fhéin ar phár stíle a linne, agus tháinig na hathruithe sin de réir a chéile, agus go formhothaithe, d’dhéadfá a rá.
Ní faide gob na gé ná gob an ghandail
Níor fágadh feisteas na bhfear gan athrú, ach oiread, nó ní faide gob na gé ná gob an ghandail! Arís, tharla na hathruithe sin uilig de réir a chéile. Cá bhfuil na stocaí olla agus na bróga arda a chaitheadh na fir go coitianta, an tráth úd? nó na dráir flainín, a chaití chomh coitianta sin, an t-am úd. Sea, agus cá bhfuil na caipíní speiceacha a bhí chomh faiseanta na laethe úd, nó na báiníní, nó na geansaithe troma olla, a bhí coitianta fós thiar, ag an am. Is dócha gur éirigh daoine astu, toisc go bhféadfaidís earraí dá leithéid a cheannacht i bhfad níos saoire ag na stainíní agus ag na margaí, a bhí coitianta go maith sa timpeall, ag an am.
Filleann orm a dhán…..
Is minic a ritheann véarsaí an Direánaigh liom, agus mé ag smaoineamh ar chúrsaí, mar a bhí, le linn m’óigese thiar. Féach mar a chuir an tÁrainneach mór fhéin é, agus é ag cur síos ar chúrsaí, ina dhúthaí fhéin, le linn a óigesean
Maireann a gcuimhne fós i m’aigne:
Báiníní bána is léinte geala,
Léinte gorma is veistí glasa,
Treabhsair is dráir de bhréidín baile
Bhíodh ar fheara cásacha aosta
Ag triall ar Aifreann maidin Domhnaigh
De shiúl cos ar aistear fhada,
A mhúsclaíodh i m’óige smaointe ionamsa
Ar ghlaine, ar úire, is fos ar bheannaíocht.
.
Ná ceap anois go bhfuilim ag cur síos ar chúrsaí ar fud na tíre an tráth úd in óige an fichiú haois, nó níl mé, ach is amhlaidh atá mo shúil dírithe agam ar an saol a bhí thart orm fhéin in Iorras agus mé ag fás aníos ansin ag an am sin, faoi mar a bhí á dhéanamh ag an bhfile, Máirtín Ó Direáin, ina dhán, ‘Cuimhní Cinn’. Agus dár ndóigh, níor luaigh mé, in aon chor, na hathruithe iomadúla a tháinig ar chúrsai feirmeoireachta, ar chúrsaí siopadóireachta, ar chúrsaí taistil, nó ar a lán cúrsaí eile, san idirlinn, agus bíodh go bhfuil an saol i bhfad níos sáimhe, agus níos sócúla ag daoine anois ná mar a bhí, an t-am sin, ag an am gcéanna, ní féidir a shéanadh, gur bhain na daoine, a bhí suas an tráth úd, taiteamh agus toit, spraoi agus spórt, as an saol a fuair siadsan le huacht ó na glúnta a d’imigh rompu, ó dhaoine, a raibh saol i bhfad Éireann níos deacra acu ná mar a bhí acusan.
.
.
.
.
.