I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Irish Honours List ?

Is dócha gur chuala muid uilig an seanfhocal úd i nGaeilge, adeir, nach ndéanfadh an saol capall rása d’asal, agus cé dearfadh nach bhfuil lomlán na fírinne sa tseanfhocal céanna sin… Ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an tseachtain seo, nó an chaint uilig úd a bhí acu i nDáil Éireann, ar na mallaibh, faoi theidil uaisleachta a bhronnadh ar dhaoine áirithe, sa Stát s’againne.

Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, a’ gcuireann siad a gcuid ama amú ag cur cúrsaí dá leithéid i mbéal an phobail, nó, ar an gcéad dul síos, Poblacht atá againne anseo, agus nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fiú, nach mbronntar teidil dá leithéid ar shaoránaigh Poblachta, nó nach é bunphrionsabal an phoblachtachais nó gurb ionann céimiocht do chuile shaoránach, os comhair an Stáit, agus os comhair an dlí.

Keeping up with…….

Sách fada a chaith cuid áirithe dár muintir, ag sodar i ndiaidh na n-uasal, ag umhlú rompu, agus ag iarraidh coinneáil suas leo! Tá córas dá leithéid fóirstineach go maith do thír a bhfuil rí nó banríon neadaithe sa chóras rialaithe acu, nó bíonn gá i gcónaí acusan, i leagan amach dá leithéid, le scaoth uaisle le freastal orthu, agus le dallamullóg a chur ar an bpobal, frí chéile, go bhfuil na huaisle seo ar chéim beatha níos airde ná an gnáthdhuine.

They have their uses !

Conas a deintear a leithéid, an ea?

Trí theidil a bhronnadh orthu! agus trí iachall a chur ar bhaill an phobail úsáid a bhaint as na teidil sin, agus iad ag dul i dteangmháil leis na daoine céimiúla sin. Níl le déanamh agat ach breathnú ar an gcóras onóra atá oibrithe amach ag ár gcomharsain bhéal dorais, agus tuigfidh tú céard tá idir chamáin agam. Má ghlaonn tú Diúc, nó Iarla, nó Barún, ar dhuine, caithfidh tú glacadh leis, go bhfuil céimíocht uasal eicínt ag baint leis. Sea, agus nuair a bhaineann tú úsáid as téarma cosúil le, A Thiarna! nó Sir! agus tú ag dul ‘un cainte le duine acu sin, nach beag nach gceapfá gurb é Dia fhéin a bhí os do chomhair amach, bhuel, dia beag, ar a laghad b’fhéidir!

Anois, tá Poblachtaí ann, a bhfuil teidil onóra á n-úsáid acu, le blianta fada, ach, ní bhíonn i gceist sna teidil sin, ach go mbronntar bonn, nó ribín, nó a leithéid, ar dhuine, le teaspáint don tsaol mór, go ndearna mo dhuine éacht, nó gaisce de chineál eicínt, a chruthaigh don phobal, gurbh fhiú a leithéid a bhronnadh air, ach ní dóigh liom, go dtéann daoine timpeall ag tabhairt teidil dóibh ina saol laethúil. Sampla maith den chineál sin ruda isea an Fhrainc, mar a bhronntar an Légion d’Honneur, ar dhaoine a dhéanann seirbhís luachmhar don Stát Francach. Sea, agus bronntar an onóir sin ar lear mór daoine ansin, idir Fhrancaigh agus Eachtrannaigh.

Liberty, Equality…………

Níor chóir dúinn, ach oiread, dearmad a dhéanamh ar na Stáit úd, a rinne chuile iarracht ar ionannas a chothú i measc daoine, agus an chaoi ar shocraigh siadsan an cheist sin. Smaoinigh arís ar an bhFrainc i ndiaidh na Réabhlóide. Ba é a ghair siadsan ar ghnath-shaoránaigh nó Citoyen, nó cathróir, chuireaedarsan críoch le teidil uaisleachta don uasaicme, agus chuireadar tús le teidil úrnua, teidil a bhronnfaí feasta ar shaoránach, nó ar eachtrannach, ar bith, a shaothródh a leithéid. Agus arís breathnaigh ar an Rúis, i ndiaidh a réabhlóide-sean. Ba é an teideal a bhronn siadsan ar chuile shaoránach nó Comrádaí, nó teideal eicínt dá leithéid. chuireadarsan críoch freisin le teidil uaisleachta nach mbronnfaí roimhe sin ach ar an uasaicme. Is dócha go raibh cuid mhaith den cheart ag na Réabhlóidigh chéanna sin.

How about us?

Ach, céard fúinne anseo i bPoblacht seo na hÉireann?

Is dócha go bhfuil a chuma ar an scéal go bhfuil polaiteoirí inár measc, ar mhaith leo córas dá leithéid a bheith againn anseo. Dá mbeadh, bhuel! ansin d’fhéadfaidís teidil dá leithéid a bhronnadh ar an gcairde, nó níos measa fós, ar a chéile! mar is dócha gurb é an Rialtas a bheadh i mbun na dteideal onóra úd a bhronnadh!

Ní dóigh liom, gur chóir dúinn baint dá laghad a bheith againn le córas onóra, nó uaisleachta, dá leithéid, olc, maith, nó dona. Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, gur maith an rud é, dá mbeadh teideal onóra againn, le bronnadh ar eachtrannach ar bith a dhéanfadh éacht, nó gaisce, don Stát s’againne. Bhuel! nach féidir linn Céim Onórach, ó Ollscail eicínt, a bhronnadh air, nó nach féidir linn saoirse cathrach, nó contae faoi leith, a bhronnadh air, agus nach fearr sin i bhfad Éireann nó bheith ag bronnadh teideal gan chiall air.

“Nuff Sed” !

Caithimis uainn “na hAindriú Martins” sin uilig, agus bíodh trí splaideog céille againn, mar nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, feicfidh tú nach bhfuil maitheas an diabhail i dteidil fholmha onóra dá leithéid. Má tá gaisce, nó éacht, déanta ag saoránach ar bith, bhuel, beidh meas ag a phobal air, agus beidh urraim acu dó. Sin an onóir is mó a d’fhéadfadh duine ar bith a fháil óna phobal, nó tá dáiríreacht agus macántacht, ag baint leis, agus ní bhíonn aon chur i gcéill, nó plamás, ag baint leis. Mar sin, na bronnaimis ar shaoránach ar bith ach an onóir a thuilleann sé as a chonlán fhéin, agus diúltaimis glan dóibh siúd a chreideann, gurbh fhearrde sinn, teidil mar Diúc, nó Iarla, nó Ridire Phádraig fiú, a bheith bronnta orainn ag an Stát. Nach leor mar íocaíocht do dhuine ar bith, a fhios a bheith aige, go ndearna sé éacht, nó gaisce, ar son a phobail, agus go n-admhaíonn an pobal é sin. Is dócha go raibh an ceart ag an Uachtarán, J.F. Kennedy, nuair adúirt sé:-

Ask not what your country can do for you,

But ask rather what you can do for your country.

Sea, agus sin i dtír nach ngairtear Sir nó Iarla ar shaoránach ar bith dá gcuid. Agus bíodh go mbronann Sasana teidil ar eachtrannaigh fiú, ní bhíonn cead acusan teidil mar, Sir, nó a leithéid, a úsáid ina saol laethúil, sin mura saoránaigh Bhriotanacha iad.

gaGaeilge