I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Elections again !

Tá mé ag ceapadh, go dtuigfadh an té is dúire amuigh an difir mhór atá idir thoghcháin an lae inniu, agus toghcháin, faoi mar a bhídís, blianta ó shoin. Tá na hiarrthóirí agus a gcuid comhairleoirí, agus a bhfaireoirí, tar éis modhanna toghchánaíochta thíortha eile, a scrúdú agus a pharsáil, san idirlinn, agus dá thoradh sin, tá na toghcháin a reachtáiltear abhus anois, i bhfad Éireann níos glice, níos slíoctha agus níos mealltaí, ná mar a bhídís fadó. Is soiléir gur deineadh aithris ar mhodhanna toghchánaíochta Mheiriceá, ach go háirithe, áit a ndéanann an sparán teann an t-iarrthóir a fheistiú i lár an aonaigh. Ar an dtaobh eile den scéal, le cabhair an sparáin chéanna sin, déantar laigí, peacaí, agus lochtanna, lucht an fhreasúra, a lorg, a chuartú, agus a leagan os comhair an vótóra. Ní mar sin a bhíodh anseo sna seanlaethe, nó ba bheag airgead a bhí le caitheamh le vótaí a cheannacht, an tráth úd. B’fhéidir go ndéanfadh an t-iarrthóir geallúint a thabhairt dá phobal, go ndéanfaí an díog seo a shioscadh, nó an bóithrín úd a dheisiú, nó fiú pinsin a fháil don bhfear thall, dá dtoghfaí eisean ina Theachta Dála. Ní gá dhom a rá, nach mbíodh cláracha mealltacha teilifíse á léiriú, le vótóirí a spreagadh, lena vótaí a chaitheamh ar son an Pháirtí seo, nó i gcoinne an Pháirtí úd eile. Ní bhíodh, nó ní raibh a leithéid de mheán cumarsáide againn, an tráth sin. Ba bheag údáid a bhaintí as an Raidió fhéin fiú. D’fheicfeá an corrfhógra fánach ar nuachtáin, ag moladh don vótóir, seo nó siúd a dhéanamh lena ghuth.

Conas mar sin, adéarfadh duine b’fhéidir, conas a d’éirigh leis na hiarrthóirí a dtuairimí, agus a bpolasaithe, a chur ar a súile don phobal?

Sunday Speeches

Bhuel, ba é an bealach ab fhearr, agus an bealach ba mhó a mbaintí úsáid as, nó trí óráidíocht, agus chuige sin, bhíodh óráidí á dtabhairt, chuile Dhomhnach agus Lá Saoire, taobh amuigh den séipéal. Nár bhreá an “divarsion” é, maidin Domhnaigh, uair a chloig, nó mar sin, a chaitheamh ansin, ag geata an tséipéil, ag éisteacht le roinnt óráidíochta! Thaitin a leithéid le daoine, an t-am sin, nó ba bheag eile i bhfoirm chaitheamh aimsire a bhí ar fail sa timpeall, ag an am. Le cur leis an spórt, ní gá a rá, go mbíodh an corrbhuachaill báire ansin, le cur isteach ar an gcainteoir, agus le gáire a bhaint as an lucht éisteachta. Tráth a mbeadh an cainteoir faoi lán tseol, agus é ag aithris na hóráide a bhí de ghlanmheabhair aige, bheadh áilteoir ansin, agus gan éinne ag cur chuige nó uaidh, screadfadh seisean in ard a chinn is a ghotha “Cé ghoid rothar an tSáirsint?” Bhainfí tuisle as an óráidí bocht, chuirfí amú é, agus bheadh air dul siar chuig a scríbhinn, sára bhféadfadh sé tosú arís, agus fhad is a bheadh sé ag cuartú, chloisfea, Up Dev! nó, Up the Freestate! no, Up Cosgrove! nó a leithéid, ó dhuine eicínt anseo is ansiúd.

No Awkward Questions!

Ní chuirfí ceist ar iarrthóir ar bith, an tráth úd, faoi cheannacht a thí, nó faoin méid airgid a d’infheistigh sé i mbainc thar lear, murab ionann is an lá atá inniu ann, mar ní bréag ar bith a rá, gur beag eile atá i mbéal daoine, an babhta seo, ach na céapair sin uilig, agus i ndáiríre, is beag baint atá ag na cúrsaí sin le polasaithe na bPáirtithe éagsúla. Ach, ansin, is soiléir, nach iad na Páirtithe Polaitíochta, den chuid is mó, atá ag cuartú sa bhruscar sin, ní hea mh’anam, ach nuachtóirí áirithe. Ní bréag ar bith a rá, gurb iad siúd atá ag roghnú ábhar diospóireachta na bpolaiteoirí, an babhta seo, sea, agus is iad freisin, atá ag tochailt i measc scanaill na mblianta, ag iarraidh freastal ar a dtaoide fhéin. Ar mhaithe leo fhéin a dhéanann na meáin sin cumarsáid!

Ba bheag céapair dá leithéid a bhí ar siúl ag polaiteoirí, nó ag lucht na meán, nuair a bhíothas ag eagrú toghcháin 1932, an chéad turas a tháinig Dev. agus a Pháirtó i gcumhacht. Faoi mar a luaigh mé thuas, óráidíocht tar éis Aifrinn, agus an corrfhógra (dubh agus bán) in airde ar na cuaillí telegrafa, nó ní raibh cuaillí BSL ann, an tráth úd, tharla nach raibh fáil fós ar leictreachas an Bhoird, amuigh in Iorras na nIontas.

Give them a STROKE !

Théadh roinnt daoine timpeall ag bolscaireacht, chuig tithe na cosmhuintire, agus ba é an mana a bhí acu, i 1932, nó, Tá deich mbliana caite ag an dream eile seo i gcumhacht, agus céard tá déanta acu, don chosmhuintir, i rith an achair sin? Tada! Anois an t-am le “Stróc” (Uimhir a hAon) a thabhairt don taobh eile, agus mura ndéanann siadsan an beart, caithfimid amach ar mhullach a gcinn iad, sa chéad toghchán eile!

Breathnaigh ar chúrsaí sa lá atá inniu ann. Níltear fágtha i muinín na bhfógraí (dubh agus ban) úd a thuilleadh, nó ní chloistear polaiteoir ar bith ag óráidíocht tar éis Aifrinn, mar sa lá atá inniu ann, is amhlaidh atá an tír breac le póstaerí ollmhóra, ildaite, iad ag breathnú anuas orainn ó chuile chuaille, de chuile chineál, fan na mbóithre, agus chomh maith le sin, tá scuaine eile acu le fáil ar leibhéal an talaimh, agus iad ag breathnú isteach idir an dá shúil ar an taistealaí bocht, agus é ag gabháil thar bráid. Níl aon éaló uathu, nó táid ansin agus streill gháire ar a mbunús, agus mana de chineál eicínt scríofa taobh leo, faoi mar a bheidís ag iarraidh labhairt leis an té atá ag dul thastu, fad is atá siad ag impí ort, gan dearmad a dhéanamh díobh sa bhoth vótála. Sea, agus an STRÓC úd a thabhairt dóibh!

Ach ní hé sin is tábhachtaí, i ndáiríre, sé an rud is tábhachtaí ar fad, nó go raghfá amach agus do vóta a thabhairt do do rogha iarrthóirí, sin croí agus lár an daonlathais. Déan deimhin de, go mbainfidh tusa úsáid as do vótasa, lá an toghcháin.

gaGaeilge