I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An Mhaith is an tOlc

Creid iontu, nó ná creid, ach caithfear a ghéilleadh go gcaitheann an duine daonna roinnt mhaith ama, i rith a shaoil, ag smaoineamh ar an dá earra céanna sin. Sea, ag smaoineamh, agus ag argóint fúthu, á meá, agus á meas, agus i ndeireadh na dála, ag iarraidh an mhaith a roghnú thar an olc, chuile bhabhta, sea, agus caithfear a admháil, nach gan stró, nó gan dua, a éiríonn leis caol-chasán sin na maithe a leanúint. Ní gá dhom a rá, nach bhfuil sé éasca nó simplí an mhaith chéanna sin a aithint fiú, corrruair, gan trácht in aonchor ar í a dhéanamh, ach is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil a choinsias ag an duine, lena chur ar an eolas, sna cúrsaí sin, agus ní gá a rá, go bhfuil ceangal idir an coinsias sin agus moráltacht, nó leagann an coinsias na rialacha síos don duine aonair, agus baineann an reasún agus an mhoráltacht leis an nduine céanna sin, a chéaduair, agus ansin leis an gceangal idir an duine aonair sin agus an pobal frí chéile.

Léann an tSagairt

Mo chuidse de, ó tharla gur cuireadh léann an tsagairt ormsa, ní call dom a rá, gur chaith mé blianta fada ag déanamh staidéir ar mhoráltacht, ar choinsias, ar Dhiacht, ar shaothrú na maithe, agus ar shéanadh an oilc. Ach, ag gabháil do staidéar dá leithéid, bíonn an baol ann i gcónaí, go ndíreodh duine a aire iomlán ar choinsias agus ar mhoráltacht an phobail, in ionad a dhíriú ar shlánú a bheithe fhéin, a chéaduair, agus ansin, go mbeadh ar a chumas dul ar thóir chaoirigh chaillte an tréada? Ach ní cúrsaí sagartóireachta, nó aoireachta, atá idir chamáin agam sa phíosa seo, ach ba mhaith liom an tóirse a dhíriú ar iompar an chathróra mar dhuine aonair, i dtosach báire, agus ansin mar bhall dá phobal. Tá’s againn go léir gur créatúr cuideachtúil é an duine daonna, créatúr nach bhféadfadh teacht i bhfoirfeacht i ndáiríre fiú, mura mbeadh páirt aige i gcuideachta tréadach daonna. Dá thairbhe sin, caithfidh sé deighleáil lena chomhluadar, ar bhealach cóir, ceart, morálta, díreach mar a bheadh seisean ag súil go ndeighleáilfeadh siadsan leis-sean. Agus leis an iompar ceart sin a rialú go hoifigiúil, cumtar córas éifeachtach dlithe, agus córas dleathach leis na dlithe sin a chur i bhfeidhm.

Tionchar ár ndlíthe

Má theastaíonn uainn breathnú ar éifeacht an chórais sin, níl le déanamh againn ach súil a chaitheamh ar ghnó ár bpóilíní, agus ar éifeacht ár gcúirteanna. Tar éis spléachadh a fháil ar na córais chéanna sin, is gearr go gcuirtear ar ár súile dúinn, chomh casta, céasta, cantalach, is atá feidhmiú na rialacha sin uilig. Feictear freisin, go gcumtar na dlithe sin, a chéaduair, mar chabbhair don daonnaí bealach na maithe a lorg agus a leanúint, agus nuair a tharlaíonn sé nach n-éiríonn leis san éileamh sin, ansin tógtar an cúisí os comhair na Cúirte, le fáil amach, an raibh sé ciontach i mbriseadh na rialacha úd, a cumadh ar mhaithe le leas an phobail. Má thuigtear go raibh sé neamhchiontach sna cúrsaí sin, scaoiltear leis, ach, má shocraítear go raibh sé ciontach, bhuel, ansin, daortar é, agus gearrtar pionós air, pionós a ghearrtar, leis an gcúisí, agus baill eile an phobail, a sheoladh feasta ar bhóthar a leasa.

Rialacha an Bhóthair

Breathnaigh ar rialacha an bhóthair, mar shampla, agus ar na dlithe a cumadh ar mhaithe le sábháilteacht an phobail a chothú. An dtugtar aird ar na rialacha agus ar na dlithe céanna sin? Ag magadh fúm atá tú? Comh fada is a bhaineann sé leis an ngnáth shaoránach, tá sé sásta na dlithe sin a bhriseadh, más dóigh leis, nach mbéarfaí air, agus déanfaidh sé de réir na rialacha sin, má cheapann sé go bhfuil baol láidir ann go mbéarfaí air dá dtabharfadh sé neamhaird ar na dlithe tráchta céanna sin. Má bhreathnaíonn tú ar iompar an duine sna cúrsaí sin, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil bunús dá ndéanann sé neodrach go maith, ó thaobh móráltachta de. D’fhéadfadh duine tiomáint síos príomhshráid an bhaile ag céad Ciliméadar san uair, agus mura mbeadh éinne eile ar an saol, ní bheadh olc nó maith á dhéanamh aige, ach chomh luath is a chuireann tú daoine eile sa phictiúr, bhuel, ansin, ó tharla go bhfuil cearta ag na daoine eile sin, caithfear laincisí a chur ar shaoirse mo dhuine, sa chaoi nach mbeadh ar a chumas ansin olc a dhéanamh dá chomh-dhaoine. Sin an áit a thagann móráltacht agus consias isteach sa scéal, le gníomhartha an tsaoránaigh a shrianú, sa chaoi nach ndéanfadh sé dochar, nó olc, dó fhéin nó dá chomharsa. Sa chás sin, tagann an daonnaí faoi údarás dhá chumhacht, agus faoi dhlínse dhá chóras dlí, sé sin, faoi dhlí an Stáit agus faoi dhlí Dé, leirithe dó thrína choinsias.

An dá ‘b’Fhéidir!’

Ach b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam san alt seo faoi na cúrsaí céanna sin, nó tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin, a déarfadh go bhfuil sé in am agam dul ag feadaíl………….Ach, ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir go bhfuil daoine amuigh ansin a thuigeann a bhfuil á láimhseáil agam anseo, níos fearr ná mar a thuigimse é!

gaGaeilge