Leabhar mór-ráchairte eile

.

THE AFGHAN……….

by…………………………………

FREDERICK FORSYTH

.

.

Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad leabhar a shil ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, nó tá sraith d’úrscéalta cáiliúla curtha ar fáil aige dúinn, cheana féin. B’fhéidir gur léigh tú cuid acu cheana féin, nó is iomaí leabhar a chuir sé ar fáil dúinn le tamall de blianta anuas. Leabhair ar nós, The Fourth Protocol, the Devil’s Alternative, The Dogs of War, The Odessa File, The Day of the Jackal, The Fist of God, gan ach cuid acu a ainmniú. Ní haon ionadh mar sin, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, sa leabhar seo is déanaí óna pheann, comh luath is a leag mé súil air. Is féidir a chur san áireamh anois, gur anuraidh, sa bhliain 2006, a cuireadh i gcló é den chéad uair, mar sin, tá an scéal, agus a shuíomh, chomh suas chun dáta is a d’fhéadfaidís a bheith. Is é an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, an cúlra a roghnaíonn an t-údar don scéal seo, agus déanann sé a mhór-dhícheall, rialacha, agus modhanna troda, an chogaidh chéanna sin, a shníomh isteach i ndlúth agus in inneach an scéil chorraithigh seo.

I Londain Shasana

Cuireann an t-údar tús lena scéal i Londain Shasana, ar an seachtú lá d’Iúil, sa bhliain 2005, nuair a d’imir ceathrar buamadóirí féinmharaitheacha Muslamacha ár agus sléacht, nuair a scaoileadar a mbuamaí i lár na Cathrach céanna sin. Féach mar a chuir an t-údar é….

On 7 July 2005 four suicide bombers let off their haversack bombs in Central London. They killed fifty-two commuters and injured about seven hundred, leaving at least one hundred crippled for life.

Dhealródh sé, nárbh aon saineolaithe i mbun a gceirde iad na buamadóirí céanna sin, nó taobh istigh d’achar gearr, bhí na Fórsaí Slándála ábalta a mbonn a chur, agus a dtithe agus a n-áiteacha folaigh, a fháil agus a chuardach. Sa tslí sin, bhailigh siad an-chuid eolais faoi na buamadóirí agus faoina lucht leanúna, agus ba é an rud ba mhó a chuir ionadh orthu siúd, nó go mba dhaoine de shliocht Phacastáineach, a rugadh agus a tógadh sa Bhreatain fhéin, triúr den cheathrar, agus ba shaoránach eadóirseach Briotanach é, a ghabh leis na Muslamachas, an ceathrú duine den cheathrar.

Frithsceimhlitheoireacht

Ní gá a rá go raibh an cogadh frithsceimhlitheoireachta ag réabadh leis go rábach san Afganastáin, ag an am, agus go raibh ag teip ar na Comhghuallaithe teacht ar aon eolas cruinn ar phleananna a naimhde, agus go raibh a leithéid de sheift ag teastáil go géar uathu, go háirithe, ó fuair siad lide eicínt, faoi phlean áirithe a bhí á bheartú ag na naimhde céanna sin. Ní bhfuair siad i ndáiríre, ach gaoth an fhocail, nó ní bhfuair siad ach an téarma Al-Isra, agus dhealródh sé go mba ainm i gcód eicínt, é sin, ar phlean a bhí á dhreachtadh ag fórsaí na sceimhlitheoireachta, le scrios agus ár a imirt ar Fhórsaí an Iarthair, ar fhórsaí na nAinchreideamhach. Ach céard ba chiall leis an gCód céanna sin. Ní raibh dabht ar domhan ach go mba thábhachtach an scéim a bhí á bheartú, nó bhain an téarma Al-Isra le croí agus le lár an Mhuslamachais.

Ach ag an am sin, tharla go raibh oifigeach Sasanach imithe ar scor, agus é ag iarraidh teach faoin tuath a thógáil dó fhéin, ach ba dhuine é, a tógadh sa Mheán-Oirthear, agus a raibh a chuma sin air, fear a gceapfaí faoi go mba dhúchasach ón dúthaigh sin é. Tharla freisin, ag an am sin, go raibh Afgáineach i bpríosún i nGuantanamo, ag na Meiriceánaigh, agus socraíoch, go ligfí saor, mar dhea, an tAfgáineach sin, agus go dtógfadh an t-oifigeach Sasanach a áit, fad is a choinneofaí an tAfgáineach i bpríosún dlúth, daingean, in áit scoite, imigéiniúil.

Malartú rathúil

D’éirigh leis na Comhghuallaithe an t-aistriú sin a chur i gcrích, le dua, agus le contúirt nár bheag, agus tríd an gcleas sin, roghnaíodh an t-oifigeach Sasanach, an Cornal Mike Martin, le páirt an Afgánaigh, Ismat Khan, a ghlacadh, nó sa bhealach sin, tuigeadh dóibh, go bhféadfadh siad fáil isteach i mbainistíocht an Al-Qaeda, agus sa tslí sin, go bhféadfaidís teacht ar chiall an Al-Isra úd. Éiríonn leis an údar teannas, agus corraitheacht a instealladh sa scéal, agus ag an bpointe sin, is deacair an leabhar a fhágáil uait, geallaimse dhuit é! Éiríonn le Martin, é a chur ar a súile do na Comhghuallaithe, gur trí loingeas, atá socruithe ag Al-Qaeda ár “spectacular” a imirt ar an Iarthar, an babhta seo.

Ar éirigh le Cornal Mike Martin pleananna Al-Qaeda a chur ó mhaith? nó ar theip glan air tuilleadh eolais a chur ar fáil dá mháistrí san Iarthar?

Bhuel, tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar corraitheach seo a fháil, is a léamh, le freagra na gceisteanna sin a fháil duit fhéin. Ach, geallaimse dhuit é, gur fiú go maith an tairbhe an trioblóid, nó cuirfidh an scéal iontach seo faoi gheasa thú, agus beidh cathú ort, nuair a bheidh an leathanach deiridh léite agat. Is é a locht a laghad, faoi mar adeireadh an tseandream fado! An-leabhar, an-scéal, an-léamh.

gaGaeilge