I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Strikes

“Nach beag duine a mbíonn fonn air scríobh faoi stailceanna, nó a mbagairt fiú, na laethe seo.” adúirt mo sheanchara, Séimí an Droichid, liom, an oíche faoi dheireadh, agus muid beirt ag múchadh tarta, thíos sa Smugairle Róin anseo sa Chathair Álainn s’againne.

“Agus tuige nach mian leo scríobh faoi ábhar mar é, ábhar atá i mbéal gach éinne, faoi láthair?”

“Chuile thuige!” arsa mo Shéimí breá, agus é ag baint craitheadh as a ghloine, a bhí beagnach folamh ag an bpointe sin. Chuaigh a leide i gcionn orm fhéin, agus chuir mé in iúl do chailín an leanna go raibh athdheochanna uainn. Ba ghearr go raibh na hathdheochanna céanna ag ligint a scíth, ar an mboirdín, os ár gcomhair amach. Bhain Séimí bolgam bídeach, sibhialta, as a dheoch, bhlais, agus le cuma sásta ar a phus, lean air.

“Nach bhfuil fhios ag madraí an bhaile”, ar seisean, “nach maith le h-éinne aghaidh stailceoirí a tharriangt air fhéin, nó is fada í cuimhne lucht stailce”

“Ach céard iad na stailceanna atá i gceist agat, a Shéimí?”

“D’fhéadfadh madraí an bhaile, agus na cait fhéin fiú, an cheist sin a fhreagairt duit, nó is í an stailc atá i mbéal an phobail faoi láthair, nó stailc na n-Altraí, ceann de na stailceanna a bhfuil aird an uile dhuine dírithe uirthi, ó tharla go bhféadfadh an stailc seo tionchar a bheith aice ar an uile dhuine againn, inniu, amárach, nó amanathar.”

Other Strikes ?

“Agus an bhfuil stailc ar bith eile á bagairt, i láthair na huaire seo?”

“D’fhéadfá a rá go bhfuil, nó tá oibrithe aerthaistil ag cur a gcosa uathu freisin, faoi láthair, agus iad ag bagairt go mbeidh ina stailc, mura dtugtar aird ar a bhfuil uathusan. Sea, agus nach bhfuil ina raic freisin idir an Aire Sláinte agus Lianna is Dochtúirí Comhairleacha na tíre seo. Cúrsaí conartha, agus pá, atá ina chnámh spairne eararthusan. Sea, agus déarfainn go bhfuil fonn stailce ar dhreamanna eile oibrithe freisin, sea, agus fiú dlíodóirí an Stáit fhéin ina measc! ”

“Ach, is dócha gur chóir díriú ar Stailc na nAltraí, an babhta seo, os í an gad is giorra don scornach, agus dár ndóigh, nach beag duine a bheadh ina dhiaidh ar na hAltraí, dá bhfaigheadh siad breith a mbéal fhéin, an babhta seo.!

“Ní haon ionadh nár tugadh post an Taoisigh duitse riamh, nó bheadh ciste an Stáit ídithe agatsa, agus gan mórán agat dá bharr! Anois, ní gá a rá go mbíonn dhá thaobh ar chuile scéal, agus ní taise don scéal seo é. Ar dtús, tá taobh na Bainistíochta, an Feidhmeannas Náisiúnta Sláinte, agus dár leosan, níl ar a gcumas socrú ar bith a dhéanamh leis na hAltraí, dá dtiocfadh a leithéid salach ar bhreith an Chóras Eadrána a bhunaigh an Rialtas, le ceisteanna ioncaim san Earnáil Phoiblí a réiteach. Is dócha gur chuimhin le cuid mhaith againn, gur tharla easaontas idir an Rialtas agus Cumann na Meánmhúinteoirí, roinnt bheag blianta ó shoin, nuair a theastaigh ó na múinteoirí sin ardú ioncaim a fháil, taobh amuigh den Chóras “Benchmarking,” faoi mar a thugtar ar an gcóras neamhspleách eadrána a bhunaigh an Rialtas leis an ngaol idir phá agus choiníollacha oibre na n-oibrithe poiblí a scrúdú go rialta, agus coibhneas ioncaim a shocrú ansin do na grúpaí éagsúla. Agus nuair a dheineann an Rialtas cinneadh dá leithéid, bhuel, ansin, níl aon dul uaidh ag grúpa ar bith acu. Agus chonaiceamar i gcás na Meánmhúinteoirí, gur thógadar raic, ar fead scathaimh, ach i ndeireadh na dála, b’éigean dóibh géilleadh, nó nuair a dhéanann Rialtas cinneadh dá leithéid, ní féidir leo géilleadh do ghrúpa ar bith, mura dteastaíonn uathu bheith ina ribín réidh ag dream ar bith, a dteastaíonn uaidh, dúshlán an Rialtais a thabhairt.”

Limit it !

“Agus an bhfuil tusa a rá liom, nach bhfuil ar chumas an Rialtais socrú speisialta a dhéanamh leis na hAltraí, socrú nach bhféadfadh dream ar bith eile leas a bhaint as, ar mhaithe leo fhéin?”

“Sin é díreach atá á rá agam, nó má dhéanann siad socrú dá leithéid, bhuel, ansin, beidh an gaol idir na grúpaí éagsúla curtha ar leataobh, agus beidh deireadh leis an “mBenchmarking” úd a luaigh mé thuas, agus dá bharr sin, beidh chuile cheardchumann sa tír seo ag doras an Rialtais, nó ag doras a bhfostóirí, an lá dár gcionn, ar thóir arduithe.”

“Ach, a Shéimí, nach ndeirtear liom, go bhfuil na hAltraí ar thóir na n-arduithe, agus na n-athruithe sin, le breis is scór bliain anois, i bhfad sular smaoinigh éinne ar Bhenchmarking fiú, agus nach bhfuil a fhios agat go maith, cé chomh dian is a oibríonn lucht na gairme céanna sin, ó cheann ceann na bliana, agus chomh maith le sin, nach beag duine againn, nár chaith seal faoina gcúram, agus nach é an rud is lú is gann dúinn a dhéanamh ar a son anois, ná glacadh leis, go bhfuil a n-éileamh dlite dóibh, sea, agus tuillte go maith acu freisin.”

“Sea, admhaím go bhfuil cuid den cheart agat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, tá mé ag maíomh, nach féidir leis an Rialtas géilleadh do dhúshlán dá leithéid, dá ndéanfadh, bheadh sé chomh maith dóibh dul ag feadaíl!”

“Sea, a Shéimí, ach smaoinigh ar an seanfhocal adeir “Nuair is cruaidh don chailleach, caithfidh sí rith” B’fhéidir gur chóir don Rialtas aird a thabhairt ar an seanfhocal céanna sin anois. Ach, inis seo dhom, a Shéimí. Cé bheidh thíos leis an obair seo go léir, i ndeireadh na dála?”

The Patients

“Na hothair, gan dabht ar domhan. Ach, an bhfeiceann tú an t-am? Maróidh Naipí s’againne mé. Tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh.”

agus le sin, scuab sé leis an doras amach, sula raibh deis agam fhéin tuilleadh ceisteanna a scaoileadh chuige.

Níl a fhios agam cé a bhuaigh an argóint sin. Cad é do thuairimse, a léitheoir? Caithfidh go bhfuil fuascailt na faidhbe sin amuigh ansin, áit eicínt. Bhuel, anois an t-am ag Solamh eicínt, teacht i gcabhair orainn, lenár gcás a réiteach dúinn.

.

gaGaeilge