I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Step on a Crack

by

James Patterson & Michael Ledwidge

.

Leabhar eile chugainn ó pheann líofa an údair cháiliúil, ildánaigh, sin, James Patterson, agus déarfainn fhéin go bhféadfá an ceann seo a chur i gcomparáid le haon leabhar eile dá chuid, bíodh anois go raibh leath-bhádóir i gcomhar leis, leis an gceann seo a chur i dtoll a chéile, nó luaitear Michael Ledwidge mar chomh-údar leis, ar chlúdach an tsaothair seo. Tá de nós ag an údar seo dul i gcomhar le húdair cháiliúla eile, le roinnt áirithe dá leabhair mhór-ráchairte a chur ar fáil dúinn. Is cuimhin linn go ndeachaigh sé i gcomhar cheana, le scríbhneoirí cosúil le, Andrew Gross, Maxine Puetro, Peter de Jonge, Howard Roughan, agus anois, seo Michael Ledwidge ainmnithe mar chomh-údar leis, i gcás an leabhair seo, Step on a Crack.

Athrú stíle

Déarfainn go bhféadfadh duine difríocht i stíl, agus i gcur chuige, a thabhairt faoi deara, idir an leabhar seo agus na leahair iomadúla eile a shil óna pheann. D’fhéadfadh sé gurb é is cúis le sin, nó tionchar Ledwidge a bheith láidir a dhóthain le dul i gcionn ar an saothar iomlán. Cuirtear lorgaire nua in aithne dúinn sa scéal seo, agus an-difir idir é agus príomhlorgaire Patterson, sé sin, Alex Cross, agus bíodh go sáraíonn fíochmhaire an leabhair seo uafás uafar cuid de na scéalta eile, ag an am gcéanna, tá spioradáltacht, agus aird eicínt ar an saol eile, fite fuaite tríd an scéal seo, agus sin déanta go nádúrtha, ealaíonta, inchreidte. Anois, níl sa tuairimíocht sin uilig ach rud pearsanta, agus caithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, le breith a thabhairt ar an ndearcadh sin, ag an am gcéanna, chonacthas domsa, go raibh saothar Phatterson ag dul i bhfoirfeacht, i ndaonnacht, agus ag an am gcéanna, ag dul i mbarbarthacht!

Cur chuige neamhghnách

Ach breathnaímis ar an scéal fhéin. Suítear an scéal seo i gcathair ollmhór Nua Eabhrac, agus tharla, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, gur bhásaigh, Caroline, bean an iar-Uachtaráin, Stephen Hopkins, tar éis di greim a bhaint as bia beadaí, a leagadh os a comhair amach in Óstán L’Arene.

Dinner here at L’arene, probably the most elegant, most seductive French restaurant in New York City.

Tharla áfach go raibh sí ailéirgeach don bhia sin, agus síneadh í, ar an toirt, dá bharr. Caithfear a rá, nach de thimpiste a tharla an nimh sin a bheith sa bhia blasta úd, nó d’aon turas a deineadh é a ullmhú di.

Ar ball, tharla maithe móra agus uaisle na tíre bheith i láthair in Ardeaglais Phádraig, don searmanas eaglasta, agus ag an am sin, bhain buíon coirpeach leas as a bhfaill, leis na maithe móra agus na huaisle sin a ghabháil ina ngialla, agus lena lucht leanúna, rinne siad dún daingean den Ardeaglais chéanna sin Phádraig. Lena ndáiríreacht a léiriú do na fórsaí slándála, chuireadar cupla duine chun bháis agus chaith na coirp doras na hArdeaglaise amach ar an tsráid.

An Lorgaire Bennett i gceannas

Ba é an Lorgaire cáiliúil, Michael Bennett, a cuireadh i mbun an fhiosraithe seo, fear a raibh clú agus cáil air i measc a chomhleacaithe, ach d’fhéadfá a rá freisin, go raibh cúis anseo ar a phláta anois aige, a dhéanfadh a scileanna lorgaireachta a thástáil go bun na dúide. Agus le cur lena chruachás anseo, ní raibh leide dá laghad fágtha ag na coirpigh, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh poll eicínt ar theach na bhfórsaí slándála, rud a chabhraigh go mór leis na coirpigh fanacht céim chun tosaigh ar na lorgairí, ó thús.

Scéalta freisin

Agus comhthreomhar le scéal na lorgaireachta dofhuascailte seo, sníomhann an t-údar, nó na húdair, scéal an lorgaire fhéin isteach sa scéal freisin. B’fhear pósta é an lorgaire Bennett, agus deichniúr de mhuirín air, air fhéin is ar a bhean, Maeve, ach, ar an drochuair, bhí Maeve ag fáil bháis den ailse. Éiríonn leis an údar na deacrachtaí seo a shníomh isteach go leochaileach, daonna, tríd an scéal. Sea, agus d’fhéadfá a rá freisin, go n-éiríonn leis an údar, snáithe Éireannach a shníomh isteach tríd an scéal seo!

Sára mbeadh na coirpigh sásta na gialla a scaoileadh saor, theastaigh carn airgid uathu, agus i ndeireadh na dála, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na fórsaí slándála ach an lab airgid sin a chur ar fáil dóibh, sin agus scuaine gluaisteán, agus sráideanna glanta thart ar an Ardeaglais. Ní inseoidh mé daoibh faoin bplean éalaithe a bhí oibrithe amach ag na coirpigh, ach bhí sé thar barr! San éaló sin dóibh áfach, tharla de thimpiste, d’fhéadfá a rá, gur maraíodh duine amháin de na coirpigh, rud a thug leide eicínt dosháraithe do na lorgairí, agus ar ball…….

Fútsa atá sé !

Ach níl fúmsa rún an scéil iontaigh seo a scaoileadh libh anseo. Caithfidh sibh an leabhar a léamh daoibh fhéin, agus má dhéanann, tá mé cinnte go mbainfidh sibh sásamh agus taitneamh as.

Fúibh fhéin atá sé, mar sin, “Step on a Crack”, a fháil is a léamh daoibh fhéin.

    

.

.

.

gaGaeilge