I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain (5)

.

(Faoi mar a gheall mé dhaoibh, seo chugaibh anois an Cúigiú gála den tsraith Aistí faoi Chuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain, i Meán Fómhair na bliana, 1992, seacht mbliana déag ó shoin anois. Tuigeadh dom, gur coir dom seans eile a thabhairt dóibh ár léitheoirí a mhealladh lena dtagairt do shaol atá anois thart……….)

.

Lá faoin dtor!

Ar an Déardaoin, an 17ú Meán Fómhair, 1992, bhí lá faoin dtor againn, ar deireadh thiar, agus muid leis an lá sin a chaitheamh san ionad neamhaí sin, Poolewe. Ní raibh seó ar bith le cur ar ardán againn an oíche sin. Nuair a bhíomar uilig réidh chuige, bhuaileamar bóthar, agus ar aghaidh linn, de shiúl na gcos, go Gáirdíní Inverewe, na Gáirdíní is clúití sa taobh sin tíre. Míorúilt garraíodóireachta is ea na Gáirdíní draíochta céanna sin in Inverewe. Ait go leor, ní raibh ag fás san ionad sin ar fad, sa bhliain 1862, ach crann beag sailí amháin! Ba bheag eile, taobh amuigh den bhfraoch, a d’fhásfadh san áit sceirdiúil, neamhthorthúil, sin, mar ba bheag ní, i bhfoirm cré, a bhí mar chraiceann, nó mar fheoil, ar chnámha clochacha Leithinis Inverewe, nuair a thosaigh Osgood Mackenzie ag tógáil gáirdíní ansin, sa bhliain 1862. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin, áfach, agus ba é an scéal céanna é i gcás Gháirdíní Inverewe.

Míorúilt

B’éigean dóibh cré a iompar isteach ansin i gcléibh, le ceapacha a chur ar fáil do na plandaí, agus do na crainn óga. Conas a d’fhéadfaí gáirdíní dá leithéid a thógáil in ionad chomh fada ó thuaidh le Sankt Petersburg, nó le Labrador? Bhuel, ar an gcéad ásc, tagann Inverewe faoi anáil Shruth Mhurascaill Mheicsiceo, murab ionann is an dá áit eile úd, agus sa dara háit, chuir Osgood crios crann, le fothain agus foscadh a chur ar fáil do chrainn agus do lusra leochaileacha, nach bhféadfaí a fhás ansin, gan chosaint dá leithéid a chur ar fáil dóibh, in aghaidh na gaoithe, agus an tsaile, a loitfeadh agus a mhillfeadh iad sula bhféadfaidís fréamhacha a dhaingniú i dtalamh gortach Inverewe.

Faoi láthair, is cosúil iad na gáirdíní seo le Gáirdíní a thógfaí faoi ghloine, iad te, teolai, tais, agus bláthanna agus lusra coimhthíocha ag fás go pléascánta, buacach, iontu. Dhá uair a chloig a chaitheamar fhéin ag déanamh turas na nGáirdíní. Ba ghearr gur thugamar faoi deara, go mba shaineolaí ar chúrsaí garraíodóireachta é Brian Ó Dónaill, amhránaí na buíne, agus d’iarramar air, turas tionlactha a chur ar fáil dúinn. Rinne, agus chuir sin go mór leis an taitneamh, agus leis an tairbhe, a bhaineamar as ár dturas ar Gháirdíní Inverewe. Mhínigh Brian scéal na gcrann is na lus dúinn. Ní gá dom a rá, gur thaitin na garraithe thar cionn linne. Chaitheamar lón i bProinnteach Inverewe, agus ansin, tar éis dúinn scathamh a chaitheamh ag siopadóireacht sa siopa suimiúil atá tógtha ar an láthair, le críoch taitneamhach a chur leis an gcuid sin den lá breá úd faoin dtor.

Iarsmalann Oidhreachta Ghairlocha

Tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar an Poolhouse Hotel, agus tar éis scathamh a chaitheamh ansin, bhuaileamar bóthar arís. Isteach linn sa mhionbhus galánta Toyota, agus ar aghaidh linn, le cuairt a thabhairt ar Iarsmalann Oidhreachta Gairlocha. Ba spéisiúil ar fad an iarsmalann í. Rianaítear inti, stair na dúiche sin, ó thús ama anuas, agus chuige sin, bhaintear úsáid as cibé iarsmaí a fuarthas ansin thar na blianta, le feoil a chur ar chnámharlach lom na staire sin. Tá ann freisin, atógáil ar thithe na cosmhuintire, faoi mar a bhídís fadó. In áit eile, feictear bean, taobh le túirne, agus gan le déanamh agat ach clnaipe a bhrú, leis an mbean úd a chur i mbun sníofa. Nach iontach an seans é don té nach bhfaca túirne i mbun oibre riamh?

Bhí freisin muileann meilte ansin, a rachadh i mbun oibre, dá mbrúfá an cnaipe ceart. Bhí roinnt eile teaspeantas den chineál céanna ann, le saol na seanlaethe a mhíniú, agus a athchruthú do phobail an lae inniu. Míníodh geolaíocht na dúiche, agus stair an cheantair freisin, dúinn. Ach chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sna hiarsmaí ó na seanlaethe, a bhí ar teaspáint ansin. Greithre, soithigh, uirlisí, agus gléasanna, díreach mar a bhí againn thiar in Iorras fadó. Chuir an chuid sin den Iarsmalann cumha agus uaigneas orm, nó smaoinigh mé ar na créatúir a bhain úsáid astu, agus atá anois ag tabhairt an fhéir. Smaoinigh mé freisin ar na seanlaethe thiar. “Muise! nach buaine gach uile shórt ná an duine daonna?” arsa mise liom fhéin, Bhí mo dhóthain mhór den Iarsmalann agamsa, nuair a d’fhágamar an áit, tar éis dúinn uair go leith a chaitheamh ag guairdeall timpeall i measc na dtaibhsí. Casadh orainn ansin, Roy Wentworth, Ceannasaí na hIarsmalainne. Gael lách, dúthrachtach, dáiríreach.

Coinne

Ar ais go hÓstán an ‘Poolhouse’, chuireamar orainn ar gcultacha Domhnaigh agus chun bóthair linn arís sa mhionbhus. Bhí coinne againn in Óstán ‘Dundonnell’, ag a hocht. B’álainn an tír trínar ghabhamar. Muid ag tiomáint linn feadh na farraige, áit a raibh radharc againn ar chuanta leathana, ar locha caola, agus ar chósta garbh, gágach. Ar an taobh eile dínn, bhí cnoic agus sléibhte agus iad ag athrú datha, agus crota, gach re meandar. Uair amháin, bhídís cosúil le spuaiceanna ardeaglaise, iad ag éirí leo isteach sna scamaill; tráth eile, ba chosúil le stucaí arbhair iad, agus tráth eile fós, chuiridís cruacha féir i gcuimhne dhuit, iad ag éirí, taobh leat, ina gcolúin teanna, chairdiúla. Corruair, thagadh an dá thaobh le chéile, agus ansin d’fheicfeá scáileanna na mBeann fút thíos i scathán na loch. Timpeall linn ar dheireadh, faoi bhruach ‘Little Loch Broom’ agus ag ceann an locha, thángamar ar Óstán galánta ‘Dundonnell’.

The Dundonall Hotel

Isteach linn, D’ólamar deoch ar ár socracht, sular glaodh chun boird sinn. Ba dheacair comhluadar níos taitneamhaí, nó níos spreagúla a fháil, ná mar a bhí thart ar bhord linn, san Óstán ardchaigheáin sin, an oíche úd.

Bí liom arís, an chéad bhabhta eile, agus cloisfidh tú faoinár gcuairt ar ‘Chraoibh’, ar imeall na nGarbhchríoch, áit ar tháinig slua ollmhór chun an Halla galánta sa ‘Crieff Hydro’ mar ar léiríodh seó na hoíche sin.

Go dtí sin….Slán.

gaGaeilge