I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Conradh Lisboa

Nach beag duine a chasfadh ort, sa lá atá inniu ann, nach bhfuil Conradh Lisboa, nó an “Lisbon Treaty” ag teacht idir é fhéin agus codladh na hoíche, agus caithfidh mé a admháil, gurb é an dála céanna agam fhéin é. Fiú, nach bhfuil an t-ábhar céanna idir chamáin ag madraí an bhaile fhéin, na laethe seo, gan tagairt ar bith a dhéanamh do na Cait! Agus nach bhfuil sé nádúrtha go maith an cheist a chur ar an bhfear abhus, agus ar an mbean thall, tuige gur mar sin atá? Sea, ach mar adeireadh an tseandream fadó, is fusa go mór ceist a chur ná ceist a fhreagairt! Ach sin ráite againn, caithfidh muid tabhairt faoi fhreagra na ceiste céanna sin a lorg.

Early Days

Ó laethe Chonradh na Róimhe, sa bhliain 1957, i leith, tá náisiúin na hEorpa ag iarraidh úmacha ciallmhara a chur ar thíortha na Mór-Roinne céanna sin, ionas go mbeadh a gcur le chéile, i ndomhan an lae inniu, ábalta cumhacht agus tionchar a chur in áirithe dóibh i measc Chumhachtaí Móra an Domhain. Chuige sin, d’éirigh leo Aontas Eacnamaíoch a fhorbairt, i dtosach, agus ar ball, nuair a bhí sin curtha i gcrích acu, chuireadar rompu ansin na náisiúin uile san Aontas sin a chur ar chomhtharraingt, agus chuige sin, bheartaigh siad ar a gcórais airgeadais a aontú, agus chuige sin, bhunaigh siad an Euro, sa chaoi go mbeadh ar chumas bhaill an Aontais Eorpaigh gnó eatarthu fhéin a dhéanamh, gan stró, gan trioblóid, in aon tír san Aontas, gan a bheith orthu a gcuid airgid a athrú ó chóras airgeadais amháin, go córas eile, rud a bhí costasach, agus trioblóideach.

Enter the Euro!

D’éirigh leo Córas an Euro a chur in úsáid tríd an Aontais frí chéile, geall leis, i dtús an aonú haois fichead. Roimhe sin ar fad, dár ndoigh, d’éirigh leo cearta oibre, agus cead taistil, a chur in áirithe dá Saoránaigh, i dtír ar bith san Aontas, a thogróidís, dá n-éireodh leo post a fháil sa tír sin. Cuireadh cáineacha importála ar ceal freisin, i measc thíortha an Aontais. Rinneadar chuile iarracht ar na rialacha céanna cánach agus pá a shocrú don Chomhphobal uilig, agus tríd is tríd, d’éirigh leo sin a chur i gcrích.

D’éirigh le hÉirinn, an Danmhairg, agus an Ríocht Aontaithe, fáil isteach san Aontas, lá Coille na bliana 1957. Agus níl dabht ar domhan, ach go ndeachaigh sin go mór chun tairbhe na tíre seo, san idirlinn, agus gan sin, chuile sheans nach mbéarfaí an Tíogair Ceilteach abhus, ar ball.

Ach nuair a bhí sin uilig, agus tuilleadh maith mór eile, curtha i bhfeidhm acu, ina gcríocha, fós, ní raibh siad sásta, nó leath-shásta fhéin, mar theastaigh uathu go bhféadfaí an Comhaontas a fheidhmiú, faoi mar ba Aonad Polaitíochta amháin é, agus chuige sin, rinneadh iarracht cheana, le linn d’Éirinn bheith sa diallait, agus Bertie s’againne sa chathaoir, rinneadar iarracht ar Chonradh, a d’oiriúnfadh dá mian, a dréachtú, agus a achtú, ach, bíodh gur aontaigh ceannairí na dtíortha éagsúla san Aontas, go mbeadh an Conradh céanna sin chun a sásachta-san.

Rejection!

Nuair a leagadh os comhair phobail na Fraince, agus na hOllainne é, i bhfoirm Reifrinn, dhiúltaíodarsan dó, scun scan, agus b’in sin. Níor shásaigh sin Údaráis an Aontais Eorpaigh áfach, nó má dhiúltaíonn tú do thairiscint áirithe dá gcuid, is é a dheineann siad ansin, nó an thairiscint chéanna a leagan os do chomhair arís, ach é a bheith gléasta i gculaith difriúil an dara babhta! Mar sin, le linn don Phortaingéil bheith sa diallait, chuireadarsan leagan eile de Chonradh Átha Cliath os comhair Údaráis an Chomhaontais, agus glacadh go forleathan, i measc na gCeannairí, leis an leagan sin, ach an babhta seo, níor cuireadh os comhair na vótóirí i dtír ar bith é, i bhfoirm Reifrinn, ach i gcás amháin, sé sin, i gcás na hÉireann, toisc go leagann an Bhunreacht s’againne síos é, nach féidir glacadh le Conradh dá leithéid, gan é a chur i láthair an phobail, i bhfoirm Reifrinn, i dtosach. Sin an fáth go mbeidh deis ag pobal na tíre seo glacadh leis, nó diúltú dó, sa Reifreann a eagrófar anseo, i Mí an Mheithimh.

Don’t Knows

I láthair na huaire seo, deir bunús ár vótóirí nach dtuigeann siad mórán faoin gConradh nua seo, Conradh Lisboa, agus dár ndóigh, más amhlaidh atá an scéal acu, is féidir a bheith cinnte, go vótáilfidh a mbunús san i gcoinne Chonradh Lisboa. Anois, is féidir glacadh leis, go bhfuil na Páirtithe Polaitíochta uilig, taobh amuigh de Shinn Féin, i bhfábhar an Chonartha, ach má tá fhéin, tá roinnt áirithe dá mbaill nach bhfuil sásta glacadh le treoir a gceannairí, sa chás áirithe seo.

Tuige? adéarfadh duine b’fhéidir. Bhuel, tá lán a’ mhála de chúiseanna chuige sin acu. Deir daoine áirithe, go gcuirfidh an Conradh nua seo deireadh le Neodracht na tíre seo, neodracht a thug an tír seo slán ó shléacht agus ó anró an Dara Chogadh Domhanda. Deir daoine eile, go gcuirfeadh Cúirt an Aontais iachall orainn, glacadh le prionsabail áirithe morálta, nach rincfeadh go rithimeach le dearcadh, nó le meon, na muintire s’againne. Sea, agus táid ann freisin a déarfadh, nach dtabharfaí cead dúinn ár ráta íseal cánach corparáidí a ghearradh feasta, ach go mbeadh ar chumas “na mBoc Mór” san Aontas, crónán ar mhaithe leo fhéin, agus na cánacha sin a arú. Agus fiú, nach bhfuil daoine ann, nach mbeadh sásta in aon chor, ár gCoimisinéir a chailliúint ar feadh roinnt áirithe blianta, ar ár seal. Dár leosan, níl ansin ach an tús, agus ar ball, beifear ábalta fad a chur leis an téarma céanna sin.

Cast that vital vote

Ach, le críoch a chur leis an bpíosa seo, is dócha gur mhaith leat a fháil amach, céard tá beartaithe agam fhéin a dhéanamh. Bhuel, seo mar atá an scéal agamsa. Nuair a thosaigh mé ag smaoineamh ar an scéal seo, a chéaduair, tuigeadh dom, tar éis dom chuile shórt a chur san áireamah, dár liom, thuig mé go vótáilfinn TÁ, ach ansin, de réir mar a chuaigh cúrsaí chun tosaigh, agus de réir mar a rinne mé an scéal a phlé le daoine eile, thosaigh amhras ag teacht orm, agus ní raibh mé cinnte ansin céard a dhéanfainn. D’fhág sin, go raibh orm dul siar arís ar an scéal, agus tuilleadh eolais a fháil faoi chéard é go díreach a bhí sa Chonradh nua sin, agus sin an áit a bhfuil mé, i láthair na huaire seo. Tá mé i gcás idir dhá chomhairle, mar adéarfá. Níor mhaith liomsa aon chuid dár neamhspleáchas a ligean ar fán uaim, dá bhféadfainn greim dóide a choinneáil air. Nach gcaithfear ár stair a chur san áireamh, le teacht ar chinneadh cóir. Tá mé ag ceapadh, go bhfuil roinnt mhaith dár vótóirí sa chás céanna, agus is é mo ghuí, go mbeidh ar ár gcumas, teacht ar an gcinneadh ceart, nuair a chuirfidh muid an stróc sin roimh an TÁ, nó roimh an NÍL, lá úd na cinniúna, ar an dara lá déag de Mheithimh na bliana seo. Ach, an rud is tábhachtaí ar fad nó dul amach, agus do vóta a chaitheamh. Sin an daonlathas agat. Is dócha go bhfuil ár dtodhchaí ag brath ar thoradh an Reifrinn chéanna seo.

gaGaeilge