I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Partners and Pay ?

“Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin, go bhfuil an tóin i ngeall le bheith tite as Eacnamaíocht na tíre s’againne, i láthair na huaire seo?” arsa mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, liom, an lá faoi dheireadh, agus muid beirt suite chun boird, ar ár sáimhín só, i bProinnteach an Phuncáin, anseo i lár na Cathrach Áille.

“Agus céard ba chúis leis an dtubaiste sin uilig, a Shéimí, a chara” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh an scéal a mhealladh as.

“Tionscail na tógála a landáil an buille ba mheasa, díreach ar smig shaol tionsclach na tíre seo. Caithfear a admháil, i dtosach, go raibh eacnamaíocht na tíre seo ag brath an iomarca ar an dtionscal céanna sin. Bhí na mílte agus na mílte ag saothrú a gcoda ar an mbuildeáil, agus bhí an Stát ag brath ar na cánacha iomadúla a chrúigh sé as bó seo na tógála. Bhí de thoradh ar na cúrsaí sin uilig, nó go ndeachaigh praghas na dtithe sa tír seo suas díreach trí dhíon na céille, agus thuigfeadh an leath-amadán fhéin, nach bhféadfaí bheith ag súil, go leanfadh an bhó sin ag tál chomh flúirseach, fairsing, céanna sin, ar Údaráis an Stáit s’againne, go Lá Philip a’ Chleite. Agus níor dhein, nó faoi mar is eol do chách anois, tógadh an iomarca tithe, agus ar deireadh thiar, ní raibh an glaoch ag coinneáil cois ar chois le huimhir na dtithe a bhí á dtógáil. Ag an bpointe sin, thit an biorán, agus cluineadh an trup sa Domhan Thoir fhéin, agus dhúisigh an trup céanna sin daoine as a dtromshuan. Stop an ceannacht buile, agus tosaíodh ar phraghas na dtithe a ísliú, ag iarraidh an margadh a spreagadh arís, ach, faoin am sin, bhí sé ró-mhall, bhí an cat lighte as an mála, agus tuigeadh go raibh deireadh leis an mustar, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur thosaigh daoine ag cúbadh chucu, agus ag coinneáil greim daingean ar shreanga a sparáin.

Cut-backs followed

Ba ghearr gur tosaíodh ar an ngearradh siar, ar an spáráil do lá na coise tinne, ar an mbata agus ar an mbóthar a thabhairt do na hoibrithe tógála, go dtí sa deireadh, gur tuigeadh, nach raibh an t-airgead ag doirteadh isteach i sparán do-líonta an Stáit, faoi mar a bhíodh, le breis is scór bliain roimhe sin, agus bhí a thoradh fhéin ar an dtarlúint chéanna sin, agus ba é sin nó gur shocraigh an Stát ar ghearadh siar ar a chaiteachas, toisc nach raibh an fáltas céanna airgid le fáil sa sparán céanna sin. Shocraigh an Stát ar leath bhilliúin níos lú a chaiteamh ar sheirbhísí, idir seo is deireadh na bliana seo, agus a dhá oiread sin a ghearradh as bhuiséad na bliana seo chugainn.”

“Ach, a Shéimí, nach raibh a lán cúiseanna eile leis an dtubaiste eacnamaíoch sin, seachas ró-tháirgeadh tithe ag tionscal na tógála abhus. Céard faoi phraghas na hola, agus céard faoi fhadhbanna creidmheasa bhainc Mheiriceá, nó fiú, céard faoi chúrsaí iomaíochta i dtáirgeadh earraí?”

“Tá sin go breá ar fad” ar seisean, “agus d’aontódh duine ciallmhar ar bith go raibh gá le cúbadh chugainn, agus gearradh siar, ach is í an áit a tharlaíonn an t-easaontas nó nuair a deintear iarracht a shocrú, cé bheidh thíos leis na ngearradh siar uilig seo.

Roinnt na Caillí !

Is é adeir dream amháin nó gur chóir go dtitfeadh an crann sin ar lucht an airgid, nó ba iad a chrúig bó an Stáit, nuair a bhí sí ag tál chomh flúirseach sin, le linn laethe an Tíogair Cheiltigh, ach má sea, ní aontódh lucht an airgid leis an gcinneadh sin, nó dár leosan, orthusan a bheidh an todhchaí ag brath, ag súil go ndéanfadh siadsan a gcuid airgid a infheistiú in eacnamaíocht na tíre seo arís, leis an Tíogar a mhealladh ar ais chugainn athuair. Ar an dtaobh eile den scéal, is é adeir dream eile fós, nó gur chóir gur ar an lucht oibre, agus ar na Státsheirbhisigh go háirithe, a thitfeadh an crann, nó sa tslí sin, d’fhéadfadh tionsclóirí an Stáit seo dul in iomaíocht arís le tionsclóirí an domhain mhóir, agus murar féidir linn dul in iomaíocht leosan, bhuel, ansin beidh muid uilig in umar na haimiléise, agus an cluiche caillte againn, cheana féin.

Níl dabht ar domhan ach go bhfuil sláimín den bhfírinne ag an dá dhream sin, ach tá sé chomh soiléir céanna nach féidir linn freastal ar an dá thrá.”

Whither Now?

“Ach cad is féidir linn a dhéanamh mar sin?” arsa mé fhéin, nó tuigeadh dom, ag an bpointe sin, nach raibh mo Shéimí cóir ag éisteacht liom in aon chor, agus bheartaigh mé ar a cheann a ligint leis.

“Bhuel,” ar seisean, “dá mbeadh Solamh de chineal eicínt againn, d’fhéadfadh seisean idirbheartaíocht a dhéanamh, sa tslí go dtuigfeadh an dá dhream sin, go rabhthas ag géilleadh dóibhsean, agus sa tslí sin, d’fhéadfaí teacht ar chomhréiteach a shásódh an dá bhuíon. Murar féidir linn a leithéid a dhéanamh, bhuel, is féidir linn uilig ansin dul ag feadaíl, nó ní bheidh todhchaí, gurbh fhiú trácht air, in ndán feasta d’éinne in Éirinn iathghlas oileánach.”

“Bhuel, tá súil agam, mar sin, go mbeidh na Páirtithe Sóisialta ábalta, agus sásta, teacht ar chomhréiteach a dhéanfaidh an pobal s’againne a shlánú, agus todhchaí corraitheach, tairbheach, a chur ar fáil dúinn uilig. Nára fada uainn an socrú céanna sin.”

Hope Springs Eternal

Sa tslí sin, chuir mé críoch leis an agallamh le Séimí bocht a’ Droichid, nó tuigeadh dom, nach mbeadh againn, uaidh sin amach, ach comhrá na mbodhar, muid ag cur cúrsaí trí chéile, ach gan Séimí bocht sásta éisteacht le hargóint ar bith a bheadh ag teacht trasna ar a dhearcadh fhéin!

D’fhág mé slan aige ansin ar an bpointe, agus thug mo bhóthar abhaile orm fhén, agus ábhar smaointe, agus argóna, tugtha ag mo Shéimí cóir dom. Nár laga an Rí fhéin é sna laethe atá romhainn amach!

.

.

.

.

.

.

.

       

.

gaGaeilge