I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 4

Peadar Bairéad

(This week we continue to recall memories from Novitiate Days.)

.

Cúrsa Spioradálta Triocha Lá!

Nuair a bhi an cúrsa spioradálta ‘Triocha La’ sin críochnaithe, bhí seal saoire againn, Théimis ag snámh go minic nó bhí an fharraige an-chóngarach dúinn. Ar ár mbealach abhaile, tráthnóna amháin, chualamar eitleán chugainn isteach thar Chuan na Gaillimhe. Bhí sí ag eitilt an-íseal, agus na rothaí thíos aici, agus an chéad rud eile, bhí sí ag réabadh a slí trí bhallaí cloiche agus páircí. Ar deireadh thiar, stop sí, tar éis do na ballaí cloiche sin na hinnill a stróiceadh aisti, agus a bolg a réabadh. Chuamar de ruaig reatha chun an eitleáin sin, agus b’uafásach an feic a chonaiceamar, Triúr a bhí de chriú ar an eitleán sin. Ní raibh éinne acu marbh, ach mura raibh fhéin b’olc an crot a bhí orthu . Bhí siad gortaithe go dona, agus iad clúdaithe le fuil, ach rinneadar cinnte de, nach ligfí éinne dínne isteach i gcábán an phiolóta, cibé ciste a bhí á iompar acu, sa chábán sin. D’iarradar orainne cabhair a fháil dóibh, rud a rinneamar. Tháinig na gardaí, gan mórán moille, agus rinneadarsan a raibh le déanamh acu, agus thugamarna an Coláiste orainn fhéin, ach ní gan chuimhneachán a d’imíomar. Thógamar lann liáin an eitlleáin abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an lann chéanna sin a shocrú i gcoincréit, in aice an Choláiste, mar chuimhneachán ar an eitleán úd, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946. Ar aon nós, d’éirigh leis na heitleoirí céanna sin na cosa a thabhairt slán leo, agus cuireadh thar teorainn ó thuaidh iad, áit a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na Stáit Aontaithe arís, agus nach ait mar a fhanann a gcuimhne chomh glas sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann?

Eachtra eile

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh anseo d’eachtra amháin eile, a tharla domsa, an Samhradh sámh sin. Mhínigh mé cheana, go raibh de nós againn an fharraige a thabhairt orainn fhéin, bunús chuile lá, i rith an tSamhraidh, thíos ag an gcéibh, in áit ar a dtugaidís “Tarrea”, i mBéarla. Bhuel, tharla lá amháin, nuair a chuaigh ár gcomrádaithe arais chun an Choláiste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag snámh, d’fhan mé fhéin agus triúr eile ina ndiaidh, ag an gcéibh, nó bhí fúinn babhta bádóireachta a dhéanamh, linn fhéin, le cleachtadh a fháil amuigh ar an ndomhain. Bhí socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bhá, nó bhí na ronnaigh chomh flúirseach, an t-am sin, gur bheag nach léimfeadh siad isteach sa bhád chugat! Bhí ceataí bheag sa scéal áfach, nó ní raibh leapacha iomartha nó cnogaí ar bith againn, leis na céaslaí a choinneáil socair, le linn dúinn bheith ag iomramh. Céard a bhí le déanamh againn áfach? Theastaigh tréimhse bádóireachta uainn, agus nach cuma nó muc fear gan seift. Bhuel, ba é a shocraigh muid, nó na maidí rámha a cheangal le rópa, ar ár mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh dúinn, go dtabharfadh na hiascairí thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha dúinn, don turas ar ais. Bhí go maith. Bhí an bá chomh ciúin le pána gloine, agus chuamar trasna gan aon ró-dheacracht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí, agus ba é an dála céanna sin againne é, nó nuair a chuamar i dtír thall, agus nuair a thosaíomar ag cuardach leapacha iomartha, nó cnogaí, ba scéal eile ar fad é, nó thíos, thuas, thall, nó abhus, ní raibh fáil ar leapacha iomartha nó cnogaí. Is dócha nár tugadh mórán airde orainne, mic léinn, Bhí an tráthnóna ag dul i ndéanaí, agus tuigeadh dúinn, gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar “Tarrea” arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an trá thall sin a bhaint amach, ar ais nó ar éigean. Is dócha gur tuigeadh dúinn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn. Rinneamar amhlaidh, ach mo bhrón is mo mhilleadh, mar adeireadh na scéalaithe fadó, ba ghearr gur éirigh an ghaoth, agus gur tóigeadh an fharraige! Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ché amach, agus muid scanraithe, sáraithe, suncaithe, go maith. Rinneamar an bád a fheistiú, mar ba chóir, agus thugamar an bóthar go dtí an Coláiste orainn fhéin. Ní call dom a rá gur tugadh íde na muc is na madraí dúinn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciolladóireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus dá bhrí sin, níor dhúirt muid cat dubh, nó cat bán, leis na huraráis, a thug an léasadh teanga sin dúinn. ligeadh ár gcosa linn, ar choinníoll go bhfanfadh muid glan amach ó na báid, fad is a bhíomar ag freastal ar Choláiste Chloughballymore. Gheallamar dó go bhfanfadh, agus rinne! B’in deireadh leis an eachtra mhí-ámharach sin.

(Tuilleadh an tseachtain seo chugainn.)

gaGaeilge