.

I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 6.

Peadar Bairéad

(This week we continue with our memories of Novitiate Days)

.

Obair san Ullord

Bhí úllord ollmhór ag an gColáiste, agus b’orainne a thit sé, aire a thabhairt don úllord céanna sin. Bhíodh orainn é a choinneáil deas, néata, i rith na bliana. Sa bhFómhar, bhíodh orainne na torthaí a d’fhás san úllord céanna sin a bhaint, a chnuasach, agus a chur ar stór, ionnas go mbeadh raidhse úll agus torthaí eile againn go dtí an tráth sin bliana arís. Nár bhreá go deo an obair dúinne sa bhFómhar é, bheith amuigh san úllord sin ag baint úll. Ní gá dhom a rá, go mbíodh lán-chead againn ár ndóthain úll a ithe, le linn na hoibre sin. B’fhéidir nach bhfuil sé sin fíor, amach is amuigh, ach cuirfidh mé mar seo é, d’ithimis ár ndóthain úll agus sinn ag cnuasach na n-úll sin! Ní hé sin amháin é, ach thógaimis roinnt úll linn, i ngan fhios, agus choinnímis sa Suanlios iad, le cúl a chur ar an ocras, dá mbeadh gá lena leithéid, nó bhainimis úsáid astu freisin, nuair a thagadh fonn beadaíochta orainn, i rith an lae, nó d’fhéadfaimis dul isteach sa Suanlios, i ngan fhios, agus úll breá, aibidh, dearg, a thabhairt linn, le bheith ag baint sclaimheanna as, nuair nach mbeadh duine ar bith de na sagairt sa timpeall!

Bláthanna don Altóir

Bhíodh gnó eile le déanamh againn san úllord céanna sin freisin, nó istigh ansin, bhíodh bláthcheapacha ina scórtha againn, le bláthanna a choinneáil leis an altóir, ó cheann ceann na bliana. Chuir mé fhéin sár-aithne ar na bláthcheapacha sin, nó chaith mé seal im shacraisteoir, agus dá bharr sin, b’ormsa a thit sé, bláthanna deasa úra a choinneáil ar na haltóirí, chuile lá, agus ó cheann ceann na bliana sin. Thaitin an post sin go mór liom, nó ba san ionad sin a chaithinnse m’am, nuair a bhíodh na nóibhísigh eile amuigh ag obair go dian ar na bóithríní, nó ag scuabadh, ag glanadh, ag snasadh, is ag déanamh cibé cineál oibre, a bheadh leagtha amach dóibh ar ár sealanna oibre, ó lá go lá. Bhíodh de dhualgas ormsa, an tAireagal a choinneáil glan, néata, snasta. Sea, agus bhíodh orm freisin, aire a thabhairt do na soithigh coisricthe, agus éide an Aifrinn a leagan amach do na sagairt, chuile thráthnóna, sa chaoi go mbeadh siad ullamh ansin dóibh ar maidin.

Bliain Im’ Chinnire dom

Níor luaigh mé, go nuige seo, gur chaith mé bliain im chinnire ar nóibhísigh an Choláiste. Ba bhreá taitneamhach an gnó é sin, agus i ndáiríre, bhí sé easca go maith dualgaisí an phoist sin a choimhlíonadh. Ba é an gnó ba mhó a bhí le déanamh ag an gcinnire, nó fanúint i dteangmháil leis na nóibhísigh, sa chaoi go dtuigfeadh sé díreach céard a bheadh ag dó na geirbe acu, ó am go chéile. Ansin, bheadh ar a chumas, leagan áirithe de sin a chur in iúil do na húdaráis, agus ar an dtaobh eile den scéal sin, bheadh an cinnire i dteangmháil leis na húdaráis, agus thuigfeadh sé céard a bheadh ag dó na geirbe acusan freisin, agus ansin, d’fhéadfadh sé leagan áirithe de sin a chur in iúl do na nóibhísigh. Níl dabht ar domhan, nó gur bhraith toradh a chinnireachta ar chomh maith is a d’éirigh leis an dá thrá sin a fhreastal. Bhí gnaithí beaga eile le déanamh ag an gcinnire freisin. B’eisean a bheadh i gceannas nuair a bhíodh na mic léinn ag déanamh a gcuid staidéir sa Halla Mór, chuile thráthnóna, agus i ndáiríre, bhí seisean i bhfeighil cúrsaí, am ar bith nach mbeadh sagart ansin le súil a choinneáil ar chúrsaí. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin an post sin go mór liom, agus ag breathnú siar anois ar chúrsaí na bliana sin, déarfainn, nár éirigh go ró-dhona liom dualgaisí na hoifige sin a chur i gcrích, le linn dom bheith in úim don ghnó sin. Thug an post sin deis dom freisin, teacht i gcabhair ar nóibhíseach ar bith a bheadh i dtrioblóid, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Ar bhealach, bhí gnó an chinnire an-chosúil le gnó an phóilín. Bhí sé ansin le rialacha an Choláiste a chur i bhfeidhm, agus dá dteipfeadh air sin a dhéanamh i gcás mhic léinn ar bith, ansin bheadh de dhualgas air, sin a chur in iúl do na húdaráis, agus cead acusan ansin cibé rud ba mhaith leo a dhéanamh, le cúrsaí a chur ina gceart arís. Ach, chomh fada is is cuimhin liom anois, ní bhíodh orm dul chuig na húdaráis ach go fíor-annamh, nó bhíodh na mic léinn fhéin breá, toilteanach, do chomhairle a ghlacadh, agus rud a dhéanamh ort, agus b’in an bealach ab’ fhearr le dualgaisí an phoist sin a chur i gcrích.

B’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo. Críochnóidh mé an tsraith seo aistí an tseachtain seo chugainn. Bí liom ar an ócáid sin. Bainfidh tú taitneamh as!

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge