In am an Ghátair…

Peadar Bairéad

Mar is eol do chách, tá an tOlltoghchán thart anois. Tá na Teachtaí tofa. Tá an Rialtas roghnaithe, agus muid uilig anois ag súil le tús nua i saol polaitíochta, agus i saol sóisialta, na tíre seo. Táthar ag súil, go gcuirfí críoch le caimiléireacht, le héagoir, le bochtaineacht, le hanró, agus le soc sa trach ag lucht cumhachta. Dár ndóigh, tá’s ag an lá, nach bhféadfaí chuile dhuine a shásamh sna cúrsaí seo, nó dá gcuirfeá an cnoc thall ar an gcnoc abhus, bheadh duine eicínt fágtha amuigh, agus ábhar clamhsáin aigesean, ach… an leas is mó, don uimhir is mó… sin an sprioc daonlathach is ceart a shocrú don Rialtas nua. Ní gá a rá, go bhfuil ualach asail de mhí-shásamh, agus d’fhearg, lonnaithe ar dhroim daoine, in aois seo an chúlú eacnamaíochta.

Ina gcodladh i mbun stiúrtha!

Leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, tuigtear dá lán, nach de thimpiste a tharla a leithéid, ach gurbh é cúis a bhí leis, nó gur thit ar Rialtas ina gcodladh agus iad i mbun stiúrtha, agus gurbh é toradh a bhí ar an miogarnach sin nó gur caitheadh i dtír ar charraigreacha garbha fiachacha muid, gur polladh báidín an Stáit, agus gur fágadh muidinne sáinnithe agus i gcruachás ceart, gan slí ar bith éasca éalaithe fágtha againn. Ach, bíodh sin fíor bréagach, caithfidh muid ár mbealach a dhéanamh amach as an sáinn seo, ar ais nó ar éigean.

Margadh nua uainn

Agus mar is eol do chách anois, sé an gad is giorra don scórnach atá le scaoileadh againn ná go gcaithfidh muid an margadh a deineadh leis an AE, agus leis an IMF. a athscrúdú, agus a athstruchtúrú, nó má leantar le cúrsaí faoi mar atá i láthair na huaire seo, níl dabht ar domhan, de réir na saineolaithe, ach go mbeidh orainn loiceadh i nglanadh ár bhfiacha.

Ach nach gceapfá, go mbeadh sé éasca go maith a leithéid a dhéanamh?

B’fhéidir go gceapfá, ach má sea fhéin, ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó deir an AE, go mbeidís fhéin sásta athruithe a dhéanamh ar an margadh a dhein Rialtas na hÉireann leo, i laethe deiridh an Rialtas deiridh, ar choinníoll go mbeadh Rialtas nua na hÉireann sásta Cáin Chorporáide na tíre seo a ardú go leibhéal an Aontais Eorpaigh. Anois, níl an Rialtas s’againne sásta géilleadh puinn ar leibhéal na Cánach céanna sin, agus dá bharr sin, níl an tAontas sásta ísliú úis, ar a n-iasacht, a thabhairt dúinne, agus sin mar a fágadh an scéal tar éis Chruinniú Mullaigh na dTaoiseach Eorpach, ar an Aoine, an t-aonú lá déag de Mhárta.

Ach, nach gceapfá go mbeadh ar Enda Kenny, ag feidhmiú thar cheann an Rialtais s’againne, go mbeadh air géilleadh, sa cheist sin, do na Ceannairí Eorpacha?

Bhail, b’fhéidir gur chóir a rá, gurbh iad an Fhrainc, an Ghearmáin, agus b’fhéidir, an Tír Fó Thoinn, is mó a chuir an leagan-amach sin chun tosaigh. Anois, b’fhéidir go bhfuil siadsan den tuairim sin, toisc go bhfuil toghcháin le reachtáil sna tíortha sin, amach anseo, agus go bhfuil a fhios go maith acu, nár chabhair in aon chor dóibhsean géilleadh do sheasamh na hÉireann, sa scéal seo.

Cairde móra!

Ach nár dhúirt duine eicínt liom, le déanaí, gur gheall tíortha an AE dúinn, sular ghlacamar le Conradh Lisboa, ar an dara iarraidh, nár gheall siad dúinn, go mbeadh cead ár gcinn againn, sa todhchaí, ár gCáin Chorporáide, agus cúrsaí cánach go ginearálta, a choinneáil díreach mar a bhí, dá mba é sin a theastaigh uainn. Ach, thugadar an gheallúint sin dúinn, nuair a theastaigh uathu, go nglacfadh pobal na tíre seo le Conradh Lisboa, ar an dara iaraidh. Ach, nuair a bhreathnaíonn muid anois ar éileamh na mboc mór san Aontas, nach bhfuil sé deacair go maith, bheith ag brath orthu sin, sa todhchaí. Sea, ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán! Tá faitíos orm, gurb é sin an chiall is cóir dúinn baint as “lámh chúnta” seo ár gcairde móra mór-roinneacha! “In am an ghátair a aithnítear na cairde” an chomhairle a shíneann ár sinsear anuas chugainn, thar taoide thréan na mblianta. Tugaimis cluas easóige dóibh.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                

gaGaeilge