L e a b h a r S u i m i ú i l S t a i r e.

.

******************************

.

O n T h e B a n k s o f t h e N o r e

St. F i a c h r e ‘s L a n d …………………………………

.

Foilsithe ag ….St. Fiachre’s by the Nore Historical Committee. 2002……………………

.

Curtha in eagar ag………………………………………………………………….Michael O’Dwyer.

.

*******************************

.

Ar an 30ú lá d’Iúil na bliana seo 2002, ag a hocht a chlog um thráthnóna, is ea bhí an gabhar á róstadh anseo i gCill Chainnigh, nó ba san áit sin, ag an am sin, a seoladh an leabhar spéisiúil seo, sa Springhill Court Hotel. Mrs Teresa Mullen, Cathaoirleach Chomhairle Chill Chainnigh, a rinne an beart. Fuair mé fhéin cuireadh bheith i láthair don ócáid, ach ar an droch uair, ní raibh ar mo chumas bheith ar an bhfód don ócáid stairiúil sin, ach fuair mé cóip den leabhar, léigh mé é, agus seo chugaibh mé anois le píosa na seachtaine seo, bunaithe ar an leabhar nuafhoilsithe sin.

Ná tabhair do bhreith ar leabhar i ngeall ar a chlúdach, adeirtear, bhuel, caithfidh gur eisceacht atá sa leabhar seo, nó is mealltach, maisiúil, taitneamhach é an clúdach atá air, le pictiúr de Theach Sheestown, a leagadh sa bhliain 1883, chun tosaigh, agus picitiúr de chros agus de chéimeanna Thobar Fhiachra, ar a chúl. Is mór an maisiú ar an leabhar na clúdaigh chéanna sin.

Is dócha, i ndáiríre, gurb í Mrs Mary Tallent agus a Coiste, a bhí taobh thiar den obair go léir a bhain leis an leabhar seo a chur i dtoll a chéile, agus nuair a bhí a dtaighde déanta acu, bhí an t-ádh orthu go raibh Michael O’Dwyer sásta eagar a chur ar an leabhar sin dóibh, nó bheadh sé deacair eagarthóir níos oilte, níos eolgaisí, nó níos cleachta ar an gcineál seo oibre a fháil, ná an fear léannta céanna sin, nó cheana féin, tá eagar curtha aige ar mhám maith leabhar, arbh í an stair áitiúil is cuspóir agus is aidhm dóibh, agus chuile ceann de na leabhair sin níos fearr ná an ceann eile. Deir Micheál linn san eagarfhocal, nach raibh an oiread sin eolais aige faoin dúthaigh seo, nó faoina stair, sular thosaigh sé ar an bhfiontar seo, ach deir sé freisin, gur éirigh leo é a chur ar an eolas gan mórán moille. Féach mar a chuireann sé fhéin é….

I was not partucularly familiar with the area or with its history. However, the enthusiasm of Mrs Mary Tallent and her committee was such that I became very interested in their project…..

Ar an dtaobh eile den scéal, deir Mrs Mary Tallent linn, gur tháinig sí fhéin go Sheestown, sa bhliain 1946. Phós sí duine de mhuintir Tallent, cine a raibh áitreamh orthu sa limistéar sin, le dhá chéad go leith bliain. Bhí an-spéis acusan ina ndúthaigh fhéin agus i scéal Naomh Fhiachra freisin, nó ba den dúthaigh sin cois Feoire an Naomh cáiliúil, cráifeach, sin freisin. Athmhúsclaíodh spéis i saol an naoimh sin, in óige na haoise seo caite, agus tháinig fás agus forbairt ar an spéis sin thar na blianta. Ach le roinnt blianta anuas, theastaigh ó mhuintir na háite sin, leabhar, ina mbeadh scéal an naoimh agus stair na dúiche, a chur ar fáil, agus b’in a spreag iad leis an dtionscadal seo a chur i gcrích. Bhí áthas orthu gur éirigh leo eagarthóir chomh hoilte le Micheál, a fháil, leis an eagarthóireacht a dhéanamh dóibh, Féach mar a chuireann Mary Tallent é, ina réamhrá….

The committee are very grateful to our editor, Michael O’Dwyer, for the interest he took in our project and for the hard work and enthusiasm that he showed in bringing about this publication.

Sin mar a tharla go bhfuil an leabhar breá suimiúil seo leagtha os ár gcomhair anois ag na daoine díograiseacha céanna sin. Nár laga an Rí iad, agus nára fada go mbeidh tuilleadh dá saothar le léamh againn.

Ní call dom a rá, gur léitheoireacht éigeantach é an leabhar seo, do Chainneach ar bith, cuma cá bhfuil cónaí air, nó uirthi, agus fiú, nach díol suime é freisin do dhuine ar bith eile? nó nár tháinig ár mbunús ó bhailte, nó ó bhailte fearainn, nó ó fheirmeacha, cosúil leis na bailte agus na bailte fearainn agus na feirmeacha atá idir chamáin acu sa leabhar seo. Nár bhreá an brontannas Nollag a dhéanfadh an leabhar seo do Chainneach ar bith, bíodh cónaí air sa mbaile, nó i gcéin?

Caithfidh mé a admháil gur breá liom fhéin a bhfuil d’eolas le fáil ann, faoi áiteacha timpeall orm, áiteacha cosúil le Warrington, Sheestown, Kilfera, Wallslough, Archersgrove, Kilree, nó caithfidh mé a rá, nach raibh an oiread sin ar fad foghlamtha agamsa faoi na bailte sin, ach tar éis dom an leabhar seo a léamh, caithfidh mé a rá, gur músclaíodh m’fhiosracht athuair, agus anois, tá fonn orm dul amach agus tuilleadh a fhoghlaim faoi na háiteacha céanna sin.

Chuir mé spéis freisin, i scéal na canáileach úd, agus faoin chaoi ar dheonaigh Teach Fheise na hÉireann £10,000, sa bhliain 1755, le canáil a thógáil, mar cheangal idir Chathair Chill Chainnigh agus Inis Teog. Faoin mbliain 1759, deonaíodh £4,000 eile, leis an dtionscadal a chur chun cinn. Ach bhí an obair an chostasach, agus faoin mbliain 1786, bhí an ciste ar fad ídithe, agus tugadh bata agus bóthar dóibh siúd a ceapadh leis an dtionscnamh a chur i gcrích. Go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh críoch leis an ngnó ar fad, agus is beag atá fágtha againn anois, leis an bplean samhlaíoch, corraitheach, sin, a thabhairt chun cuimhne, ach amháin, b’fhéidir, an Canal Walk, atá ansin fós, le cuimhne an tionscadail chorraithigh sin a choinneáil glas do ghlún nach bhfuil tuiscint dá laghad acu ar fhéidireachtaí, nó ar impleachtaí, na canála céanna sin. Féach mar a chríochnaítear an chaibidil sin…

The work was finally abandoned and very little now remains of the great project, but the Canal Walk is a constant reminder of what might have been.

Sea, mh’anam, chuile uair feasta a shiúlfaidh tú fan an chasáin chéanna sin, smaoineoidh tú ar an bhfís úd nár fíoraíodh riamh, agus nach bhfíorófar anois go deo.

Tá píosa breá sa leabhar seo freisin, faoi Otway Frederick Seymour Cuffe, píosa is díol spéise do Chainneach ar bith. Tháinig Thomas Cuffe go hÉirinn, a chéaduair, le harm Chromwell, agus mar íocaíocht as a sheirbhís, bronnadh tailte Chommerford i Castleinch air. D’éirigh go maith lena mhuintir anseo, agus bronnadh an teideal Iarla Desart ar dhuine acu sa mbliain 1796. Bhain cuid acu cáil amach dóibh fhéin freisin, i saol polaitíochta Chill Chainnigh. Mhair an tríú hIarla ag Desart Court, agus fuair sé bás sa bhliain 1865. Níor mhair an ceathrú hIarla ró-fhada i dteach na muintire áfach, nó chaith seisean an chuid ba mhó da shaol i gcéin. Mhair an cúigiú hIarla abhus áfach, agus chuir bail arís ar theach a mhuintire. Ní raibh aon sliocht ar an gcúigiú hIarla áfach, agus thuig a dheartháir, Otway Frederick Seymour, go dtitfeadh an Iarlacht ar a chrann seisean, dá bhfaigheadh a dheartháir bás, agus mar ullmhúchán chuige sin, d’fhill sé ar Éirinn, agus chuir faoi i Sheestown House. Ba dhuine an-neamhghnách, é an fear céanna seo, ina lá. Chuir sé suim, agus dhá shuim, i scríbhinní agus i ndearcadh Standish O Grady. Ba mhór a shuim freisin i dteanga, agus i gcultúr na nGael. Ghlac sé páirt ghníomhach i saol an phobail i gCill Chainnigh, agus i Sheestown, agus bhunaigh sé cumainn lúthchleasa, agus cumainn aisteoireachta freisin. Bhíodh drámaí á léiriú aige amuigh ag Sheestown. Féach mar a scríobhadh sa Kilkenny Moderator, ar lá Coille na bliana 1902.

On Sunday night last a concert and dramatic entertainment under the auspices of the local gaelic class and its highly esteemed patron, Captain Cuffe, was given in the Sheestown schoolhouse.

Dheintí drámaí a léiriú, amuigh faoin aer freisin, agus bhíodh na sluaite i láthair ar na hócaidí sin. Breathnaigh ar an bpíosa seo, as an Moderator arís, don 15 Lúnasa 1902, thart ar chéad bliain ó shoin anois!

Close on 2000 people were present at the production of Standish O Grady’s new play at Sheestown on the Demesne attached to Otway Cuffe’s house

Sea, mh’anam, níor ghnáthdhuine é an Otway Cuffe sin. Bhí sé taobh thiar den Amharclann nua a tógadh i Sráid Phádraig, i gCill Chainnigh, amharclann a osclaíodh don phobal, ar an 27ú Deireadh Fómhair, 1902. Ba í Lady Desart a mhaoinigh a tionscadal sin ar fad. Rinne Otway chuile iarracht freisin, ar thionscal dúchasach a fhorbairt agus a chothú. I gcomhar le Lady Desart, thóg sé na muilte olla, ar “Bleach Road”, agus b’iad freisin, ba chúis le tógáil an bhaile eiseamlárach sin ag Inse an Talbóidigh. Ar deireadh, bhris ar a shláinte, agus fuair sé bás i Freemantle, ar an 2 Eanair, sa bhliain 1912. Chaill Cill Chainnigh cara dílis, agus pátrún flaithiúil, nuair a sciob an bás an sárfhear uasal úd uathu, agus nach beag a chloistear faoi, na laethe seo, go háirithe, nuair a smaoiníonn tú, go raibh sé thar a bheith gníomhach sa dúthaigh seo, céad bliain díreach ó shoin, anois. Nach mbeadh duine ag súil, go mbeadh comóradh de chineál eicínt ar siúl, in ár measc, i gcuimhne seo an chéid. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm, agus b’fhéidir go bhfuil a leithéid de chomóradh socraithe cheana féin, ag Bardas na Cathrach, agus ag Comhairle an Chontae seo. Feicfimid amach anseo.

Tá píosaí spéisiúla eile sa leabhar seo freisin, píosa faoi Naomh Fiachra, agus chuile shórt a bhaineann lena thobar, agus lena chill, agus ní call dom a insint daoibh, gurb é an 30ú Lúnasa Lá Fhéile Fiachra, agus gur ócáid tábhachtach é sin, chuile bhliain, ag muintir na dúiche seo.

Tá scéalta eile ann faoi chúrsaí béaloidis, agus a leithéid, ar díol spéise iad don léitheoir freisin. Ach caithfidh mé an chuid eile den leabhar taitneamhach seo a fhágáil fúibh fhéin, nó tá sé in am domsa clabhsúr a chur ar an bpíosa seo.

An-bhuíochas tuillte acu siúd a chuir an leabhar seo i dtoll a chéile, agus comhghairdeas tuillte freisin, ag na Modern Printers, as a fheabhas is a chuireadar cló ar an saothar seo.

Bí cinnte go bhfaighidh tú fhein do chóip den saothar seo in am, nó tá mé cinnte, go mbeidh an-ráchairt air, amach anseo.

.

******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge