Léim an dá Mhíle…Cuid a Dó.

…..(Seanmóir a thabhairt)…..

Peadar Bairéad

irmheas ar ‘Léim an dá Mhíle’ leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta..

  (ar leanúint ón tseachtain seo caite.)

.

Seanmóir á thabhairt

Samhlaítear don bhfile go raibh Críost ag labhairt sa Daingean an lá úd…

Ní os comhair an tsáipéil

A bhí Críost ag caint an lá úd,

Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché.

.

Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea a bhformhór. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid agus a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad suncaithe, sáraithe.

Seanmóir á thabhairt

D’iarr Iosa ar Shíomón teacht i gcabhair air lena bhád. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.

Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir é mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…

“Na báid lán agus na líonta slán.”

Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.

“Dúirt leis: Tair agus lean mise,

Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”

Mac an Duine

Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis..“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis. Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias, Nó duine de na fáithe.” “Cé adeir tusa is mé?” “Is tú Críost Mac Dé Bhí…”

Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus roghnú déanta ag Íosa ar Pheadar, shocraigh sé ar a Eaglais a bhunú ar an bhfear céanna sin. Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.

Cuairt ar na hEasláin

Thug sé cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola agus nuair a thógann sé an Lón Bóthair chucu siúd a bhíonn ina ghátar. Thug Íosa compord agus suaimhneas do na heasláin

“Is mó áras ata i dtigh mAthar.

Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”

Ar ball arís, bheannaigh Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, Reilg an Ghorta.

“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.

Is leo Ríocht Dé.”

Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin, tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?

An tArán Beo

Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo:-

“Is mise an t-arán beo

A tháinig anuas ó neamh.

Má itheann duine an t-arán seo,

Mairfhidh sé go deo.”

Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.

Clabhsúr

Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.

“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,

“Agus canaimis an Hallel.”

B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe ar Léim an Dá Mhíle, an dán spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc.

B’fhéidir gur mhaith leatsa tabhairt faoi ar do chaothúlacht?

.

.

gaGaeilge