Loch na Díchuimhne

Peadar Bairéad

(This week we locate some forgotten memories)

Cuimhní i dtaisce

Samhlaítear domsa uaireanta, go bhfuil ár gcuimhní curtha i dtaisce againn i loch ollmhór amháin, agus nuair a theastaíonn uainn teacht ar cheann acu, téann muid ag iascaireacht ar an loch ollmhór sin, agus éiríonn linn teacht ar an gcuimhne sin, faoi mar a d’éireodh leat teacht ar ábhar eicínt ar do ríomhaire, trí phróiseas faoi leith a chur i ngnímh. Bhuel, bíodh sin amhlaidh, nó ná bíodh, tá mé ag ceapadh, go bhfuil loch ollmhór eile ann ina gcaitheann muid cuimhne na n-eachtraí úd a dteastaíonn uainn dearmad glan a dhéanamh díobh agus fanann siad ansin, gan aird ag éinne orthu, ach corruair, éiríonn le ceann de na cuimhní sin éaló go dromchla an locha, agus tagann siad chugainn ansin, le sinn a chrá, nó a shuaimhniú, go dtí go ndéanann muid iad a chur faoi mhiocrascóp na céille, agus ansin, uaireanta, caitheann muid an chuimhne sin arais arís i loch na dichuimhne, ach uaireanta eile, cuireann muid isteach i loch ollmhór sin na gcuimhní iad, mar a mbeidh sé éasca fáil orthu feasta.

Cupla maidin ó shoin, agus mé im luí, idir chodladh agus dúiseacht, d’ éirigh le mám de na cuimhní dearmadta sin éaló go barr uisce, len iad fhéin a léiriú ar scáileán an chomhfheasa. Chuir mé spéis iontu, agus in áit iad a ruaigeadh arais arís go doimhneas loch na díchuimhne, lig mé dóibh dul ar teaspaint ansin, idir dhá néall. Ligfidh mé dhuit spléachadh a fháil ar chupla ceann de na cuimhní sin, féachaint ar spéis leat iad.

Tarráil bóthair

Ba í an chéad chuimhne a tháinig go barr nó cuimhne ar tharráil an bhóthair mhóir idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh. I dtriochaidí an ocrais a tharla an eachtra sin. Anuas go dtí an tráth sin, ní raibh tarra nó tada dá leithéid ar an mbóthar céanna sin, nó ní raibh air ach gairbhéal, agus é sin an-gharbh le siúl air, go háirithe dá mbeadh duine cosnochtaithe, faoi mar a bhí roinnt mhaith dínn, ag an am. Bhuel! tharla ansin gur thosaigh siad ag cur deis eicínt ar an mbóthar sin. Tógadh isteach meaisíní iontacha, dár linne, agus bíodh go raibh Galrollóir ollmhór acu, agus tarrspréire draíochta freisin, le cur i mbun oibre ar an mbóthar sin, ní raibh aon ineall briste cloch, nó tada dá leithéid acu don ócáid. D’fhág sin go raibh ar fhir naiche an beart sin a dhéanamh dóibh. Feicim fós ar scáileán mo chuimhne, an bóthar fada, bán, sin, cairn chloch socraithe fan thaobh an bhóthair sin, fear briste cloch i mbun oibre ar chuile charn acu, spéaclaí speisialta air lena shúile a chosaint, agus é suite ar mhála tuí, cupla casúr taobh leis, agus é ag briseadh leis, faoi mar a bheadh Dia á rá leis. Is cuimhin liom m’athair a fheiceáil i mbun na hoibre sin, nó bhí sé deacair go maith aon saothrú a fháil in Iorras, ag an am, agus ba Nollaig ag muintir na háite é deis dá leithéid a fháil le pingneacha a chur i dtoll a chéile. Dhéantaí na clocha briste sin a thomhas, ar ball, trína líonadh isteach i mbosca mór gan tóin, agus d’íocfaí na fir ansin, oiread áirithe ar chuile bhosca acu sin.

Ar ball, dhéantaí na clocha briste sin a leathadh ar an mbóthar agus ansin thagadh an galrollóir len iad a shocrú sára leataí an tarra dubh leachtach orthu. Ina dhiaidh sin, chaití bruscar cloch ar an tarra sin, agus ansin, leis an gcloch phréachain a chur ar an ngnó, thagadh an galrollóir ollmhór agus é ag brúchtaíl gaile go siansánach, torannach, ar gach taobh de, agus bhriseadh agus bhrúdh sé na méaróga sin isteach sa tarra leachtach, agus b’in an gnó déanta.

Trinsí á dtochailt sna dumhcha

Cuimhne amháin eile a léiríodh ar scáileán mo chuimhne ba ea an chuimhne úd faoi thochailt trinsí i ndumhcha na Druime, le cosc a chur ar eitleáin Hitler tuirlingt ar na sraitheanna breátha, leibhéalta, leathana, a bhí chomh flúirseach sin sna dumhcha sin, ag an am. Cheap mé fhéin ag an am go mba mhór an trua é na sraitheanna áille sin a mhilleadh, trí na trinsí sin a thochailt iontu.

Beidh tuilleadh de na cuimhní sin agam daoibh, amach anseo……..

.

.

gaGaeilge