M Á I R T N A M I R E .

*************************

.

Agus mé ag smaoineamh ar phíosa na seachtaine seo, ní raibh ar mo chumas tada a scríobh gan tagairt eicínt a dhéanamh i dtosach don ár uafásach a deineadh thall sna Stáit Aontaithe, ar Mháirt úd na mire, an 11ú, Meán Fómhair, 2001, nó ní dhéanfar dearmad ar an lá céanna sin go luath. Cheap mé fhéin, nárbh olc an t-ainm é, Máirt na mire, a bhaisteadh ar Mháirt úd na náire, Mairt an sceimhle, Máirt an áir. Cuimhníonn chuile dhuine againn ar uafáis áirithe a tharla lena linn fhéin, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bheadh sé deacair Máirt úd na mire sin a shárú ar a chruálaí, uafasaí, diabhalta, a bhí sé. Nach cuimhin le chuile dhuine againn an chaoi ar mhothaigh sé, agus é ag féachaint ar Thúir úd na gile ag titim anuas go talamh, faoi mar ba thithe cártaí iad. Bhíomar uilig faoi gheasa ag an radharc réabadhreilgeach sin, an radharc sacrailéideach sin, a bhain an chaint dínn, nó ni raibh na focail againn le cur síos cruinn a dhéanamh ar a raibh ag tarlú os comhair ár súl ansin, ar scáileán an teilifíseáin. Chomh fada is a bhain sé liomsa, bhí mé ag iarraidh focail a chruinniú, nó a chruthú, le cur síos a dhéanamh ar an bpictiúr a bhí ansin, os mo chomhair amach. Sílim freisin, gur thuigeamar uilig, go raibh deireadh go deo leis na seanlaethe. Ní bheadh buaine ar bith, feasta, ag baint le haon saothar daonna, fad is a bheadh daoine amuigh ansin, a bheadh sásta é a dhíothú, ar mhaithe le clár oibre buile eicínt a chur i gcrích. Conas a mhothófá fhéin, dá dtiocfadh sceimhlitheoirí chuig do bhaile fhéin, agus dá leagfadh siad na foirgnimh ab fhearr leat sa bhaile sin? An mbeadh tú sásta an leiceann eile a iompó chucu? Nó an mbeadh fearg an domhain ort, agus fonn díoltais freisin? Nó an mbeadh tú sásta suí síos agus dul i mbun cainteanna leo, ag iarraidh a chur ina luí orthu, nár thaitin an cineál sin iompair leat, agus cad a d’fhéadfása a dhéanamh le faobhar a gcuid feirge a iompó uait? Nach deacair, agus nach rí-dheacair, na ceisteanna sin a fhreagairt, agus sin an fáth go bhfuil sé chomh deacair sin ar Uachtarán Mheiriceá teacht ar chinneadh, le deighleáil leis an ngéirchéim uafásach seo.

Ach fillimis nóiméad ar an ár a imríodh ar na Stáit Aontaithe, ar Mháirt úd na mire. Ar an gcéad ásc, deineadh ceithre eitleán dá gcuid a ghabháil, ar mhaithe le buille a bhualadh ar an “Sátan mór”, sé sin, ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus nach deacair a chreidiúint, nach raibh d’airm nó d’éide ag na fir a dhein an beart gránna sin ach sceana. Cúigear a cheaptar anois, a bhi i mbun ghabháil chuile cheann de na heitleáin ollmhóra sin. Deineadh an beart sin taobh istigh d’achar gearr, sa tslí nach raibh deis ag na húdaráis tada a dhéanamh in am. Bhí bua na ganfhiosaiochta ar thaobh na sceimhlitheoirí, agus caithfimid glacadh leis anois, go raibh a gcuid obair bhaile déanta, agus déanta go maith acu. Ba iad na spriocanna a bhí pioctha amach acu, nó An Peinteagán, lárionad cosanta agus míleata Mheiriceá, an tIonad Trádála Domhanda, agus chomh maith le sin, ceaptar to raibh an Teach Bán fhéin mar sprioc ag an gceathrú eitleán, sin nó Aerfhórsa a hAon, eitleán Uachtarán na Stát fhéin. An tIonad Trádála Domhanda a d’ionsaigh siad i dtosach, agus ó tharla go raibh ceird na heitleoireachta foghlamtha ag roinnt áirithe de na sceimhlitheoirí, bhí ar a gcumas, an criú oifigiúil a chloí, agus a n-áit a thógáil ag na cnaipí. Thuig na sceimhlitheoirí seo go raibh siad fhéin ag seoladh isteach i gcraos an bháis, agus go raibh siad chun na bpaisnéirí macánta, lán an eitleáin acu, a thógáil chun na huaighe in éineacht leo. Agus chomh maith le sin, thuig siad freisin, go marófaí, ní fios cé mhéad, den mhuintir a bhí ag obair san Ionad Trádála, an mhaidin chinniúnach sin. Bheadh sé deacair siombal níos fearr de stádas Mheiriceá i saol trádála an domhain a fháil, ná an tIonad céanna sin. Dhá thúr ollmhóra a bhí san Ionad sin, iad cúig scór is deich n-urlár ar airde, ó leibhéal na sráide suas, sea, agus thóg sé sé bliana fada leis an Ionad taibhseach sin a thógáil ó dhúshraith suas. Stroighin, gloine, agus cruach, na bunábhair as ar tógadh iad, agus bhí na foirgnimh, an dá thúr ollmhóra sin, ag spréacharnach go gléigeal, de ló agus d’oíche. B’adhmaint iad a tharraingíodh na milliúin cuairteoir chucu in aghaidh na bliana. I ndáiríre, ba chathair bheag iontu fhéin iad. Agus nach bhfuil sé beagnach do-chreidte, go bhféadfadh fir na sceana na túir áille sin a leagan, an péire acu, taobh istigh d’uair a chloig! Sea, mh’anam, d’athraigh an gníomh sin an saol s’againne bun os cionn, gan dabht ar domhan. Caithfidh chuile dhuine againn dul ar ais ar scoil le brí an bheart sceimhlitheoireachta sin a fhoghlaim, ach go háirithe, caithfidh ard-oifigigh airm ath-staidéar a dhéanamh ar cheird na chogaíochta, sa mhílaois nua seo, nó ní hionann cogadh a chur ar stát faoi leith, nó fiú ar chomhghuaillíocht, agus cogadh a chur ar bhuíonta sceimhlitheoirí scaipthe, folaithe, cumhdaithe, i measc phobail éagsúla, i náisiúin éagsúla, scaipthe ar fud an domhain mhóir. Nuair a maraíodh na mílte sin sna Túir Trádála Domhanda, lagaíodh ghreim chuile dhuine againn, ar an saol anróiteach seo, agus is laige slándáil chuile dhuine againn dá bharr.

Chomh maith le hionsaí a dhéanamh ar cheanncheathrú thrádála na Stat Aontaithe, roghnaigh na sceimhlitheoirí an Teach Bán fhéin le hionsaí a dhéanamh ar Uachtarán Mheiriceá fhéin, le teaspáint go raibh ar a gcumas ionsaí a dhéanamh ar sprioc ar bith ba mhaith leo, sa tír sin, toisc nach raibh innti, mar adúirt siad, riamh anall, ach tíogar maide.

Agus dá n-éireodh leo an triú sprioc a bhí acu a bhualadh, bhuel, ansin bheadh ceanncheathrú Rialtas Mheiriceá leagtha go talamh acu freisin. Tharla, mar sin, de thimpiste, nár éirigh leo an sprioc sin a bhaint amach, toisc, adeirtear linn, gur bhuail siad an Peinteagán, ina áit, trí dhearmad eicínt.

Bhi eitlean eile gafa acu freisin, ach nior éirigh leis an gceann sin sprioc a bhualadh, nó deirtear linn gur ionsaigh na paisnéirí na sceimhlitheoirí, agus gur thuairt an t-eitleán dá bharr sin.

Ni gá a rá go bhfuil beartaithe ag na Stáit Aontaithe díoltas a agairt ar na sceimhlitheoirí, agus ar thír ar bith a thugann tacaíocht nó dídean dóibh. Tá mé ag ceapadh go mbeidh an chéim sin tugtha, sara mbeidh an píosa seo i gcló, nó tá fuaimeanna cogaidh ag teacht chugainn ó Rialtas, agus ó údaráis Mheiriceá, cheana féin. Níl dabht ar domhan ach go ndéanfar sléacht gan áireamh ar bhunáiteanna na sceimhlitheoirí, lá ar bith feasta, ach tá súil agam, nach raghfar thar fóir ar fad leis an díoltas sin. Is dócha gurb é atá i gceist ag údaráis na Stát Aontaithe nó féachaint chuige, nach dtarlóidh a leithéid go deo arís, nuair a bheidh siadsan críochnaithe leo.

Is dócha go raibh an sceimhlitheoireacht imithe thar fóir ar fad, mar mhodh imeaglaithe, nó mar ghléas polaitíochta, le cearta an mhóraimh, a chur ar fáil don mhionlach. Tuigtear anois, go dtiocfaidh roinnt mhaith tíortha daonlathacha le chéile, le críoch a chur go deo leis an leagan amach sin, agus is dócha, go bhfuil sé ag éirí níos soiléire, le himeacht aimsire, go bhfuil na buíonta sceimhlitheoirí éagsúla sin ag cur le chéile, le ceird na cogaíochta fíochmhaire sin, a chleachtann siad, a mhúineadh dá chéile. Ach má táthar le sceimhlitheoireacht a chloí, caithfear féachaint chuige, go mbeidh Cothrom na Féinne curtha in áirithe do chách, sa domhan nua a éireoidh as luaithreach Mháirt na mire, domhan sítheach, síochánta, nach mbeidh gá le cogaí nó cogaíocht ann feasta. Ach le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ba mhaith liom cupla véarsa faoi ár úd Mháirt na mire a leagan os bhur gcomhair amach. Súil agam go dtaitneoidh siad libh.

.

                                       .

MÁIRT NA MIRE .

.

Fanfaidh cuimhne an lae sin

Gearrtha do doimhin do-stoite

Ar chlár dúr darach na cuimhne

Nuair a ligeadh srian le scanradh,

Ar an aonú lá déag go dearfa

De Mheán Fómhair úd an bhasctha.

.

Ba lá é lán-dóchais is misnigh,

Lá ag tuar na maitheasa,

Gan scamall gur fiú trácht air,

Ar spéir gheal, ghlé, na gile,

Ach de phlimp, gan aon choinne,

Dhorchaigh spéir is talamh,

Le fuath is le binib,

Ó bhun go barr na cruinne.

.

Ar scáileán ár dteilifíseán,

Léiríodh dúinn go soiléir,

Cumhacht an oilc is an doichill,

Nuair a leag fir na sceana

Trádthúir áille an domhain,

Is chuala an saol an tuairt,

Nuair a thit na foirgnimh arda

Ó spéir anuas ar thalamh.

.

Tá deireadh leis an tseanré,

Nó tuigfidh gach éinne feasta,

Nach buan ár léas ar thalamh,

Mar cailleadh cuid dár ndóchas

I sléacht úd Mháirt na mire.

.

Cé chosnóidh an tsaoirse feasta?

Nó deineadh slad gan teorainn

Ar chrann cosanta na náisiún,

Nuair a bearnaíodh fallaí ár gcairde.

.

Tá deireadh feasta le cinnteacht is le slándáil ár mbeatha ar thalamh,

Nó bearnaíodh gan stró, le sceana, fallaí cosanta ár ndaingin,

Ach guímis solas na soilse agus scíth síoraí na síochána,

Dóibh siúd uilig a cailleadh in ár dearg Mháirt na mire.

.

**********************

Peadar Bairéad.

**********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge