M i l l t e a g a n “E u r o” !

**************************

.

Amuigh ag siúl a bhí mé, an tráthnóna cheana, “gan aire agam ar raon mo shiúl”, nuair a thug mé faoi deara, go raibh mé ag gabháil thar dhoras mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid. Bhí fhios agam ar an dtoirt, go gcaithfinn buaileadh isteach chuige, nó mharódh sé mé, dá gcloisfeadh sé gur ghabh mé thar a dhoras gan bualadh isteach ar chuairt chuige. I ndáiríre, ní raibh aon ró-fhonn cuartaíochta orm, ag an am, ach ba mhaith a thuig mé fhéin, nach raghadh mo Shéimí breá thar mo dhoras-sa, dá dtarlódh sna bólaí sin é, gan cos a chur thar thairseach mo thí-se isteach. Mar sin, isteach liom. Chnag mé go múinte ar a dhoras, agus d’fhan ansin ag éisteacht tamall. Ba ghearr a raibh orm fanacht nó gur chuala na céimeanna ag teacht im threo. Osclaíodh an doras, agus nocht Séimí os mo chomhair amach.

“Bhuel, do chéad fáilte, ach nach tú an strainséar sa limistéar seo? Buail romhat isteach, go ndéanfaidh muid ár gcomhrá, ar ár suaimhneas.”

Go raibh céad maith agat” arsa mé fhéin, á fhreagairt, agus lean mé isteach chun na cistine é. Bhí an lá fuar go maith amuigh, nó nach raibh muid i Meán an Fhómhair cheana féin, agus feasta, bheadh duine ag súil le gaimh fuachta a bheith ag teacht ar an aimsir, go háirithe, um thráthnóna, agus le moiche na maidine. Bhuel, bhí tine bhreá faoi lán-tseol ar an teallach ag fáiltiú romham, agus ba ghearr go raibh gloine bhreá fuisce leagtha os mo chomhair ag mo sheanchara.

“Seo braoinín beag le cúl a chur ar an bhfuacht,” ar seisean, “nó feictear domsa, go bhfuil gaimh ar an aimsir na tráthnóntaí seo.”

“Tá mé an-bhuíoch díot, a Shéimí, ach ní raibh gá ar bith leis an bhfuisce. Mar déanta na fírinne, ní raibh fúm ach seasamh sa doras, nó níor mhaith liom gabháil thar do dhoras, gan beannú dhuit;”

“Níl ann ach lán an mhéaracáin, Faoi thuairim do shláinte. Caith siar é.”

“Sláinte an bhradáin ort, croí folláin agus gob fliuch” arsa mé fhéin, agus mé ag baint smailce as mo ghloine fuisce. Leag mé mo ghloine uaim agus ansin, arsa mé fhéin le Séimí,

“Aon scéal nua agat,” arsa mise.

“Dheamhan scéal ar bith, muis, ach an scéal atá i mbéal an phobail, na laethe seo”

“Agus cén scéal é fhéin?

“Scéal an diabhal Euro sin, cad eile,” arsa mo Shéimí breá.

“Agus céard tá déanta ag an “Euro” bocht anois,” arsa mise, agus mé ag iarraidh scéal a mhealladh as Séimí bocht na mire.

“Céard tá déanta aige, an ea? Bhuel, níl déanta aige ach go bhfuil an tírín bocht seo ‘gainne uilig, loite, millte, robáilte, aige. Bí ag caint ar ionradh na nDanar, nó ar theacht na Normannach! níor dhada iad, taobh leis an scrios seo atá déanta orainn ag an diabhal seo Euro.”

“Ach, cén dochar seo uilig atá déanta orainn, ag an mbonn beag neamhurchóideach seo, an “Euro” bocht seo, a bhfuil glactha leis anois i measc náisiún uilig an Aontais Eorpaigh, geall leis ?”

“Cén dochar atá déanta aige, an ea? Tá seo, go bhfuil muid uilig robáilte, scriosta, ag na praghasanna arda a lean teacht an “Euro” go hÉirinn.”

“Ach, nach mbíodh praghasanna á n-ardú, i gcónaí, agus conas a d’fhéadfadh duine ar bith an milleán uilig a leagan ar an “Euro” bocht?”

“Go bhfóire Dia ar do chiall, nó cá raibh tusa aimsir na céille? Nach bhfuil fhios ag madraí an bhaile fhéin, go raibh lucht gnó, agus lucht gairme uilig, agus a dteanga bheag amuigh acu, ag fanacht ar an ndeis a thabharfadh teacht an “Euro” dóibh, le dallamullóg a chur ar an gcosmhuintir, sára dtiocfadh siad isteach ar an airgeadra nua, dallamullóg a chuirfeadh ar a gcumas, iad a robáil glan, i lár an lae ghil fhéin, agus saibhreas a dhéanamh dóibh fhéin, san idirlinn sin.”

“Ach nár gheall an Rialtas s’againne dúinn uilig, nach ligfí don lucht gnó, ná d’éinne eile, ach oiread, aon chneámhaireacht dá leithéid a chur i ngníomh, agus an pobal ag trasnú, ó chóras airgeadais amháin go córas eile, sé sin, ón bPunt go dtí an ‘Euro’.”

“Gheall, cinnte, ach cé chreidfeadh Rialtas i gcás dá leithéid, nuair nár reachtáil siad dlithe, a thabharfadh fiacla dá bhfocla. Gheall siad seo, agus gheall siad siúd, ach ar dhein siad faic, fad is a bhíothas dár robáil? Níor dhein. Faic na ngrásta!. Is amhlaidh a sheas siad ar an gclaí, agus a lámh thar a súile acu, ar eagla go bhfeicfeadh siad tada. Sea, agus fágadh muidinne ansin, cosúil le turasóirí i dtír iasachta, ag iarraidh scil eicínt a bhaint as an gcineál airgead reatha a bhí in úsáid acu sa tír iasachta sin, ach iad dall, amach is amuigh, ar luach an airgid sin.”

“Ach a Shéimí, nach deacair a chreidiúint, go ndéanfadh an lucht gnó, ná éinne eile ach oiread, beart gránna dá leithéid, ar a muintir fhéin, nó i ndáiríre, is beag idir ghoid, agus an cineál ruda atá i gceist agatsa sa mhéid sin?”

Is deacair, gan dabht, agus tagaim leat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, tá an cruthú agat ansin os comhair do dhá shúl amach. Is féidir leat comparáid a dhéanamh idir na praghasanna a bhí i bhfeidhm sular tháinig an “Euro” isteach, agus praghasanna an lae inniu, agus feicfidh tú fhéin, go bhfuil sé soiléir, gur tháinig ardú do-chosanta, do-mhaite, orthu, san idirlinn.”

“Ach nár dhúirt an Rialtas nach dtabharfaí cead do dhuine ar bith a leithéid de rud a dhéanamh.”

“Bí cinnte gur dhúirt, ach nach bhfuil a fhios ag an lá fhéin gurb iomaí rud a gheallann Rialtais dúinn nach gcoimhlíontar riamh. Smaoinigh ar na geallúintí, a bhí ag eitilt timpeall chomh flúirseach le míoltóga lá fómhair, le linn an fheachtas toghchánaíochta. Ar coimhlíonadh a mbunús sin? An rabhthas dáiríreach nuair a rinneadh na geallúintí céanna sin? Ag Dia amháin atá a fhios sin, agus is beag seans go scéithfidh seisean orthu! Is é deireadh an scéil é, ar aon nós, nó gur deineadh feannadh an phoic ar an gcosmhuintir, le linn an athraithe ó airgeadra amháin go dtí an ceann eile, nó ón bPunt go dtí an ‘Euro’.”

“Ach, nár chóir a mhilleán sin a leagan orthu siúd, a líon a bpócaí agus a sparáin, nuair nach raibh aire an phobail dírithe orthu. Níor chóir an milleán uilig a leagan ar an ‘Euro’ bocht.”

“Caithfidh mé a admháil, go bhfuil cuid eicínt den cheart agat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, ba é an diabhal Euro sin a thug an deis dóibh buntáiste a bhreith orainn uilig.”

“Ach cé hiad go díreach a líon a bpócaí sa tslí sin?”

“Bhuel, táid ann adeir liom, gurb iad an lucht leigis a chuir tús leis an bhfeannadh, nó chuaigh a dtáillí siúd in airde, go gairid i ndiaidh don Euro teacht i bhfeidhm mar airgeadra san Aontas Eorpach. Anois, b’fhéidir go raibh socraithe acu na táillí céanna sin a ardú ag an bpointe sin, cuma ann nó as don Euro, ach níl dabht ar domhan, gur rí-olc an t-am é le harduithe dá leithéid a chur i bhfeidhm, nó ní raibh aird an phhobail dírithe ar tháillí, ag an am, ach iad go dtí na cluasa, ag iarraidh dul i gcleachtadh ar an airgeadra nua. Sea, agus i ndáiríre, níor bhreathnaigh bunús na ndaoine ar an “Euro” mar airgead ceart, in aon chor, is amhlaidh a bhreathnaíonn roinnt mhaith air fós mar airgead Mhonoply, nó mar a bhreathnófá ar an bPeseta, fadó, nó ar an Lire, agus tú ar saoire sna limistéir airgeadra úd. Nach minic a fheicim seandaoine, ach go háirithe, sna siopaí, agus iad ag tabhairt mám airgid don bhfreastalaí, le luach na n-earraí a bhaint as, in ionad díol astu, mar a dhéanadh siad, nuair ba phuint agus pingneacha a bhí mar airgead againn. Le fírinne, ní fhéachann roinnt mhaith daoine fós ar an “Euro” mar airgead ceart, sea, agus rachaidh mé níos fuide leis an scéal, agus déarfaidh mé seo, gur fuath le roinnt mhaith daoine an “Euro” céanna sin, nó tuigtear dóibh, gurb é an “Euro” is cúis leis an dtrioblóid go léir. Tá a fhios againne nach ar an “Euro” bocht atá an locht ar fad, ach ar na daoine a bhain leas as an bhfaill a thug an “Euro” dóibh an chosmhuintir a lomadh dall.”

“Ach, an raibh éinne eile sásta úsáid a bhaint as an athrú airgeadra sin, lena bpócaí a líonadh le pingneacha na cosmhuintire?”

“Is féidir leat a bheith cinnte go raibh, agus roinnt mhaith díobh freisin. Bhí siad ag fanacht ansin sa bhfear fada, ag faire na faille, agus chomh luath agus a fuaireadar an deis, dheineadar an beart, agus bí cinnte, gur muidinne a bhí thíos leis. Cé eile a bhain leas as an ócáid lena bpócaí a líonadh, an ea? Bhuel, bhí lucht na nOllmhargaí, agus fiú nár bhain na hÚdaráis Áitiúla leas as freisin, lena dtáillí páirceála, agus a leithéid, a ardú. Sea, agus lucht bailithe bruscair freisin, agus níl muid críochnaithe fós, nó inniu, rinne an BSL ráiteas a eisiúint, á dhearbhú, go raibh fúthusan a bpraghasanna a ardú freisin, agus cé íocfaidh an chuid is mó den ardú céanna seo? An chosmhuintir, cé eile? Ní bheifeá ag súil go leagfaí an t-ualach trom seo ar an lucht gnó? “

“Ach an bhfuil leigheas ar an scéal seo?”

“Diabhal leigheas ar bith, déarfainn, mura bhfuil an Rialtas sásta dul siar ar na harduithe uilig a tharla, ó theacht i bhfeidhm don Euro, agus iachall a chur ar éinne a bhain leas as an ócáid, ar mhaithe leis fhéin, nó ar mhaithe lena ghnó, aisíoc a dhéanamh ann. An dtarlóidh a leithéid? Ag magadh fúm atá tú! Cén toradh a bheidh ar an obair seo go léir? Bhuel, tá mé cinnte go mbeidh toradh amháin air, sár i bhfad, agus sin go mbeidh oibrithe na tíre seo ag iarraidh arduithe pá a fháil, mar chúiteamh sna harduithe céanna sin. Agus níos measa fós, tá daoine áirithe ag iarraidh an chosmhuintir a shaghdadh i gcoinne Chonradh Nice, bíodh nach bhfuil baint dá laghad ag scéal seo an “Euro” le Conradh Nice.”

“A Shéimí, a chara, tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh, nó beifear ag súil liom sa bhaile, thart faoin am seo. Tá mé thar a bheith buíoch díot as an bhfáilte a chuir tú romham, agus as an gcóir a chuir tú orm, agus geallaimse dhuit é, go n-íocfaidh mé an comhar leat, amach anseo. Beidh mé ag bogadh liom abhaile anois. Slán go fóill.”

“Slán leat,” arsa mo Shéimí breá, agus cineál aiféala air, cheap mé, toisc gur chuir mé clabhsúr ar a chuid cainte, agus é faoi lán tseol, mar adéarfá, ach tá mé cinnte, go mbeidh lá eile ag an bPaorach.

.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

gaGaeilge