“ O í c h e n a g C l a m h s á n ” .

**************************

.

Bhí mé ag smaoineamh, an lá faoi dheireadh, ar nós a bhí againn, agus muid ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, i ndaichidí, agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhíodh oíche faoi leith againn, chuile bhliain, lenár gclamhsán a dhéanamh os ard, faoin gColáiste, agus faoi chuile rud a bhain leis freisin. B’iontach cliste an nós é, nó thug sé deis do na mic léinn a racht a ligean amach, ar bhealach nár dhein dochar nó damáiste do dhuine ar bith, nó don Choláiste fhéin fiú, dá ndéarfainn é! Bhíodh slua mór bailithe san Aula Max. an oíche sin, agus fonn cainte, nó fonn clamhsáin ar a laghad, ar a mbunús sin, geallaimse dhuit é.

Anois, ó tharla go mbíonn fonn clamhsáin orm fhéin, minic go leor, tuigeadh dom gur mhaith an tseift í, an tráth seo bliana, colún clamhsán a chur i dtoll a chéile dhaoibh, ag súil, go n-éireodh liom cuid de na rudaí a chuireann as duitse freisin, a dhingeadh isteach, áit eicínt, sa phíosa seo. Mar sin, seo chugaibh é….

Tosóidh mé le píosa faoin bhfógraíocht a leagann an teisifís os ár gcomhair, chuile lá, agus chuile oíche freisin, geall leis, agus go háirithe, le píosa fógraíochta a chuireann le báiní bhuile mé.

Céard é fhéin, an ea?

Bhuel, fógra is ea é, a dhéanann chuile iarracht ar daoine a mhealladh go Málta, an t-oileán álainn, meánmhuirí sin, ar chóir go mbeadh sé éasca go maith daoine a mhealladh chuige, le saoire shámh a chaitheamh ann, ach nuair a chríochnaionn an fógra le……”Céad míle Málta”……is amhlaidh a bhím fhéin le ceangal, geall leis. Céad míle Málta! Ar chuala éinne riamh a leithéid!!! Is dóigh go bhfuiltear ag iarraidh ceangal eicínt a dhéanamh idir an focal…fáilte…agus Málta, ceangal nach bhfuil ann….Ó bhuel, beatha dhuine a thoil, ach ní éiríonn leis an leagan sin tada a dhéanamh domsa, ach mé a chur le báiní. Agus ó tharla ag caint ar fhógraíocht mé, caithfidh mé a admháil dhuit anseo, nach mó ná sásta a bhíonn mé le roinnt mhaith eile fógraí teilifíse, ach oiread. Tá a mbunús mór i bhfad ró-ghlic, ró-mhórluachach, agus iad i nguth uasal le híseal, mar dhea! Cuma sa diabhal céard tá á fhógairt acu, nó á dhíol acu, déanfaidh siad chuile iarracht a chur ina luí ar na dúchasaigh bhochta, gur móide go mór fada a seans, bean a mhealladh, nó a bhréagadh, an truiféis seo atá idir chamáin acu, a ithe, nó a chaitheamh, nó fiú, a bhronnadh. Chuirfeadh a leithéid de chur i gcéill múisc ar mhuc, agus ní beag nó suarach an focal é sin!

Ó, sea! Agus céard faoi na fógraí dí úd, a chuireann buíon d’amadáin scréachacha, gáiriteacha, seafóideacha, os do chomhair amach, dream nach bhfuil ar a gcumas tada a dhéanamh ach bheith ag seitríl gáire, agus ag titim as a seasamh, ag iarraidh tú a mhealladh chun póite? Caithfidh mé a admháil, nach fonn póite a chuirfeadh a leithéid de ghraimisc ormsa, ach fonn múisce!

Cuireann drochphleanáil le báiní freisin mé, go háirithe, nuair a tharlaíonn sé sa Chathair Álainn s’againne anseo i gCill Chainnigh.

Ach, cinnte, níl aon drochphleanáil á dhéanamh anseo sa Chathair Álainn?

Óra, fuist! Is dócha go bhfuil sibh tuirseach de bheith ag éisteacht liom ag clamhsán faoin bpraiseach a deineadh de Friary Street, – im’ thuairimse, dár ndóigh -. Bhuel, ní raibh mé cinnte go dtí seo, ach mé ag ceapadh nach gcuirfeadh sé le maise an limistéir sin.

An raibh tú thíos ansin, ar na mallaibh?

Bhuel, b’fhiú dhuit cuairt a thabhairt ar an tSráid stairiúil chéanna sin, ceann de na laethe seo, agus is é atá i gceist agam anseo, nó dul isteach ansin ar do chois, nó ní féidir le duine tada a fheiceáil i gceart trí fhuinneoga an ghluaisteáin. Níl mé ag fáil locht ar bith ar an bhfoirgneamh fhein, anois, nó déarfainn go mbeadh an foirgneamh céanna go breá ach suíomh oiriúnach a fháil dó, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ní hí Friary Street an t-ionad ceart sin.

Tuige, an ea?

Chuile thuige. Ar an gcéad dul síos, déanann sé prochóg cheart, chríochnaithe, den tsráid sin, nó deineann sé í a chúngú, agus a dhorchú freisin. Spás réaúnta oscailte a theastaigh san ionad sin, agus ní bhfuaireamar sin sa bhforbairt seo.

Níor chóir dom an deis seo a ligean tharam, gan an chloch sa mhainchille a oibriú, uair amháin eile, ar na miontimpeannáin uafásacha sin, a d’fhás, mar fháis aon oíche, timpeall na caathrach seo, le traidhfil de bhlianta anuas. Tá siad chomh mion sin, gur deacair iad a fheiceáil, go háirithe don strainséar, agus dá bharr sin, tá siad thar a bheith contúirteach, agus dá bharr sin, tharla roinnt mhaith timpistí orthu, le cupla bliain anuas. Agus ó tharla ag trácht ar na miontimpealláin chéanna sin mé, ba chóir dom tagairt a dhéanamh freisin, do na bacainní uafásacha sin, a tógadh ar bhóithre agus ar shráideanna, le tamall de bhlianta anuas. D’fhás siad mar a bheadh goiríní cnis, ar chraiceann na cathrach, agus in ionad aon laghdú a theacht orthu, is amhlaidh atá siad ag méadú, i dtoirt, agus in uimhir, in aghaidh na bliana.

Ó, sea, agus ag caint ar bhóithre, agus ar shráideanna, ar thug tú faoi deara, gurb á gcúngú atáthar, in aghaidh na bliana, freisin. Nach ait go deo an nós é, ag ár saineolaithe? Nó de réir mar a thagann fás ar ár dtrácht, is amhlaidh a chúngaíonn na saineolaithe seo na bóithre agus na sráideanna orainn!

Agus ag caint ar shráideanna agus ar bhóithre, cén mhaith é bóithre agus sráideanna den scoth a bheith againn, murar féidir linne, saoránaigh, siúl amach orthu, de ló, nó d’oíche, gan eagla, nó baol mugála, nó robála, ó mhaistíní barbartha, drochbhéasacha, agus ó amhais mhímhúinte, chruálacha, a tógadh agus a oileadh inár measc, mar phobail. Tá sé soiléir do mhadraí an bhaile fhéin, go bhfuil cúrsaí imithe chun an donais ar fad, le tamall de bhlianta anuas. Níl duine ar bith sábháilte amuigh ar bhóthar, nó ar shráid, anois, nó tá daoine amuigh ansin, nach gcuirfeadh sé as puinn dóibh, scian a shá go feirc i nduine eile, agus sin i nduine nach bhfuil aithne nó eolas acu air, ar mhaithe le cupla Euro a ghoid, le toitíní a cheannacht! Níl dabht ar domhan, ach gur bheag an luach a leagann cuid acu sin ar bheatha an daonnaí, na laethe seo. Sea, agus ní rud nádúrtha é sin, ní hea mh’anam, is rud é a mhúintear agus a fhoghlaimítear, agus sin an chuid is uafásaí, agus is scannraithí, den sceal ar fad. Ó! bhuel, b’fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí, an bhliain seo chugainn.

Cuireann salachar le báiní mé freisin, go háirithe, má fheicimse duine ag caitheamh mám bruscair uaidh, amach trí fhuinneog a ghluaisteáin, agus dream eile, atá díreach chomh dona leosasn, nó iad siúd a chaitheann uathu, go fánach, ar shráid, nó ar bhóthar, cibé dramhaíl a thagann trasna orthu, páipéir, boscaí, nó málaí plaisteacha, bíodh nach mbíonn na málaí céanna sin leath chomh flúirseach is a bhíodh. An ionadh ar bith é go labhartar fúinn mar phobal salach? Nach gcuirfeadh sé ionadh ort, conas a éiríonn linn duaiseanna a bhuachan as a ghlaine a choimeádtar an Chathair s’againne? Níl ach freagra amháin ar an gceist sin, agus sin go bhfuil roinnt mhaith daoine amuigh ansin, atá sásta dul timpeall le bruscar lucht salaithe sráideanna a phiocadh suas, agus mo dhearmad! níor chóir dearmad a dhéanamh ar lucht glanta sráideanna na Cathrach seo, nó déanann siadsan éacht, ó cheann ceann na bliana, ag iarraidh an tseanáit seo a choinneáil glan, dár míle ainneoin! B’fhéidir go dtiocfadh an pobal i gcabhair orthu, i rith na bliana seo, 2003.

Caithfidh mé a admháil anseo, sul má chríochnaím an píosa seo, go gcuireann dreamanna áirithe le cuthach mé, agus sin iad na dreamanna a théann amach, ag iarraidh cur ina luí ar an Rialtas, gurb iad ‘béal an phobail’ iad, nuair atá fhios ag madraí an bhaile fhéin nach bhfuil taobh thiar díobh ach dreaimín suarach dá lucht leanta fhéin. Nach cuma cad é an cinneadh a dhéanann an Rialtas, na laethe seo, mar chomh luath is atá an cinneadh sin déanta acu, bí cinnte go mbeidh dream eicínt amuigh ansin lena bhfógraí, agus iad ag áiteamh ar an saol mór, nach bhfuil siadsan sásta le cinneadh úd an Rialtais. Nach gcuirfeadh siad an seanscéal sin i gcuimhne dhuit?

Cén seanscéal, an ea?

Bhuel, bhíodh scéal acu, blianta ó shoin, faoi Éireannach dílis, ar suncáladh an long, a raibh sé ag seoladh uirthi, agus ar caitheadh i dtír é, áit eicínt ar chósta na Síne. Bhuel, bhí sé gan aithne gan urlabhra ar feadh seachtaine, agus ansin, bhí áthas ar chuile dhuine thart air, nuair a tháinig sé chuige fhéin. Sheas na daoine sin go deas, ciúin, béasach, sa timpeall, féachaint céard a déarfadh mo dhuine, ar dhúiseacht dó. Ar deireadh thiar, d’oscail se a bhéal, agus ar seisean..

Where am I? a d’fhiafraigh sé.

You are in China, do fhreagair siadsan.

Is there a “Govermint” here?

Bí cinnte go bhfuil, arsa a lucht éisteachta.

Bhuel! ar seisean, má tá, “I’m agin it.”

Gan dabht ar domhan, tá a lán den ghalar sin ag dul timpeall, na laethe seo, i dtír seo na hÉireann. Má tá Rialtas anseo then “I’m agin it,”

Ó, Bhuel! Is dócha go bhfuil sé in am domsa deireaedh a chur le mo chuid clamhsáin, don bhabhta seo, ach bí cinnte dhe, go bhfuil ualach asail de chlamhsáin eile fágtha fós agam, mar shampla, is fuath liom na hailt fhrithchreidmheacha agus na hailt fhirthnáisiúnta a bhíonn le léamh ar nuachtán áirithe Domhnaigh, seachtain i ndiaidh seachtaine, geall leis, ach fillfidh mé ar na capaill mhaide sin go luath. Idir an dá linn, smaoinigh ar na hábhair a chuireann tusa le báiní, agus geallaimse dhuit é, go bhfuil roinnt mhaith díobh sin ag cur as domsa freisin. Ná coinnigh ina rún feasta iad. Scaoil leo, nó is fearrde thú iad a scaoileadh uait!

Slán……………….

********************

Peadar Bairéad.

********************

  .

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

St. Jude’s,

Bóthar Phort Láirge,

Cill Chainnigh.

19 Feabhra 2003.

.

A Eagarthóir, a chara,

Píosa beag eile chugat! B’fhéidir go bhféadfá leas eicínt a bhaint as cuid de, fiú! Más féidir, Déan.

.

Beir Bua

ó

.

Peadar Bairéad.

gaGaeilge