S c é a l C r á i t e .

************************

.

Nach iomaí sin scéal a léann muid, agus a chloiseann muid, na laethe seo, a bhaineann stanagadh asainn. Tá sin fíor i gcás chuile dhuine againn, nó tá an saol seo ’gainne ag eirí níos cruálaí, níos fuarchúisí, agus níos scoite, ó lá go lá. Bíodh sin mar atá, ach ag an am gcéanna, tharlaíonn, anois is arís, go mbuaileann scéal áirithe linn, a bhaineann deoir asainn, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, a dhéanann a shlí isteach go smior na gcnámh ionainn. Admhaím anois, go mbíonn na nuachtáin lomlán de scéalta cráite, céasta, chuile lá dá dtagann, scéalta nach gcuireann fiacail i mídhaonnacht an duine daonna i leith a chomhdhaonnaí. Nach minic a léann muid faoi dhúnmharuithe, agus faoi dhúnorgana, faoi bhrúidúileacht, agus faoi bhatráil, agus nach dtéann na scéalta céanna sin i bhfeidhm go mór orainn, nó nuair a théann tú go cnámh na huillinne leis an scéal, is é atá dár scanrú, nó an baol atá ann go dtarlódh an rud céanna dúinne, nó nach féidir linn sinn fhéin a shamhlú sa chás céanna sin Ach tháinig mé ar scéal, ar na mallaibh, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fad orm, sea agus ba bheag nár bhain sé deoir asam.

Cen scéal é fhéin, an ea?

Scéal a léigh mé ar “Irish Independent” an 10 Samhain, 2001, scéal le David Sapsted i Londain, fear a scríobhann don Daily Telegraph. Anois ba é an chéad rud a rith liom, nó a mhinicí a thuigtear dúinne anseo in Éirinn, nach bhfuil cine ar bith ar dhroim talún chomh cruálach, cruachroíoch, lenár muintir fhein, go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar an íde, nó an drochíde, a thugtar ar ainmhithe sa tír seo ‘gainne. Ach nuair a léigh mé an scéal úd le David Sapsted, tuigeadh dom, nach bhfuil aon mhonoplacht againne ar na duáilcí céanna sin.

Ach le filleadh ar an scéal úd a dteastaíonn uaim a chur i mbéal an phobail, an tseachtain seo, ba é an ceannteideal a bhain stangadh asam i dtosach. Féach ar seo mar cheannteideal….

“Boys guilty of burning tramp to death ‘for a laugh’.”

Níorbh aon chur i gcéill, nó mugadh magadh a bhí i gceist ag údar an scéil sin, ach oiread, níorbh ea muis, ach lomchlár na fírinne. B’in é díreach a dheineadar. Loisceadar an créatúr bocht ina bheatha. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhfeadfaí sin a dheanamh, b’fhear siúil é, a bhí ag déanamh codladh na hoíche ar bhinse faiche, ag an am. Anois, níor sheanfhear in aon chor é an fear siúil céanna sin, nó ní raibh sé ach bliain is daichead d’aois, ag an am, agus dá ndéarfainn é, níor ghasúir ró-óg a bhí sna gasúir chéanna sin, ach oiread, nó bhí duine acu trí bliana déag, agus bhí a leathbhádóir sé bliana déag d’aois. Déagóirí ba ea an bheirt acu, mar sin, agus ón nóiméad a rinne siad an gníomh barbartha sin, go dtí an nóimead a ghearr an breitheamh sé bliana go leith príosúntachta orthu, diabhal doilíos, nó aithreachas, nó tada dá leithéid, a bhí le léamh orthu, ach iad ar nós cuma liom, an t-am ar fad.

Ach conas a tharla gur dheineadar an gníomh barbartha sin?

Casadh an bheirt ghasúr sin ar a chéile i ndiaidh scoile, agus adhantaithe fulachta, nó Barbecue lighters, acu. Thugadar aghaidh ar fhaiche an bhaile, i Dartford, Kent. Chonaic siad fear siúil ólta, ina chodladh, ar bhinse faiche. Chraitheadar cuid de phúdar adhantaí fulachta ar a fhéasóg, agus chuir trí thine é. Ba mhór an sport acu an fear siúil bocht ag dúisiú as a mheisce, agus é ag iarraidh an tine sin a mhúchadh. D’éirigh leis, ach má sea, ní raibh an bheirt áilteoir críochnaithe leis fós. Nuair a fuaireadar ina chodladh arís é, d’fhilleadar, agus dheineadar a bhróga agus a chóta a phacáil le hadhanthaithe fulachta lasta. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, tharla go raibh nuachtán taobh istigh dá chóta ag an bhfear siúil bocht le cúl a chur ar an bhfuacht, agus dhein sin an donas ar fad air, agus ba é deireadh an scéil é nó gur dódh ina bheatha an fear bocht sin, dárbh ainm George Johnstone. N’fheadar arbh Éireannach é? Cuireadh an dlí ar an mbeirt, agus fuarthas amach nach raibh ag Brookes, an duine ba shine den bheirt ghasúr, ach aois intinne d’aon bhliain déag, cé go raibh na sé bliana déag bailithe aige, ag an am. Níor aontaigh an bheirt acu agus iad os comhair na cúirte, ach chuile dhuine acu ag iarraidh an milleán a chur ar an bhfear eile, agus gan bhuairt, nó doilíos, ar dhuine acu thar an duine eile. Ní gá a rá, gur baineadh stangadh as idir bhreitheamh agus phóilíní, nuair a leagadh an cás cruálach, éigiallda seo, os a gcomhair amach sa chúirt. I gcás dhearthár an té a dódh, bhí seisean sásta go maith leis an téarma príosúntachta a gearradh ar na gasúir, ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn air, nó nuair a d’admhaigh siad, gur dhein siad an beart gránna sin, ar mhaithe le píosa spóirt a bheith acu…

“We did it for a laugh…”

adúirt siad.

Anois, ná ceapadh éinne, nach bhféadfadh a leithéid a tharlú anseo, i dTír seo na Naomh is na nOllamh, nó d’fhéadfadh, agus níl le déanamh againn ach súil a choinneáil ar ár nuachtáin fhéin, le scéalta dá leithéid a fhail iontu, go rialta. Uaireanta, is iad ár gcairde, na hainmhithe, a bhíonn thíos leis an ndroch-íde i imrítear orthu, agus uaireanta eile, is iad ár gcomhdhaonnaithe bochta, a fhulaingíonn pianta sin an fhuatha, an leithliseachais agus an aineolais.

Céard is cúis leis an gcruáltacht seo uilig atá fréamhaithe i gcroí an duine, go háirithe i gcroí na n-óg?

Nach deacair an cheist sin a fhreagairt, ach tá an chuma ar an scéal, gur toisc go bhfuil dearmad déanta againn uilig, idir óg is aosta, ar bhráithreachas an chine s’againne. Má thuigtear gur duine daonna atá os ár gcomhair amach, duine cosúil linn fhéin, ansin tá sé i bhfad níos deacra íde na muc is na madraí a imirt air, agus má smaoinítear gur chóir dúinn deighleáil le daoine eile, faoi mar ba mhaith linn go ndéanfadh siadsan linne, is féidir a bheith cinnte ansin, nach ndéanfadh muid mórán dochair dóibh.

Tá rud eile i gceist freisin, agus caithfear tagairt a dhéanamh dó anseo, agus sin go bhfuil ár sochaí, sochaí an Iarthair, frí cheile, sásta glacadh le hiompar dá leithéid. Breathnaigh ar chúrsaí, agus cás dá leithéid os comhair cúirte. Éist leis na dlíodoirí ag pléadáil os comhair an bhreithimh. Leagann siad leithscéal i ndiaidh leithscéil os comhair an bhreithimh, ag iarraidh ciontacht an chúisí a mhaolú, nó a laghdú, sa chaoi go gceapfá gur ar dhuine eile, nó ar an sochaí frí chéile, a bhí an locht. Sea, agus ar deireadh thiar, breathnaigh ar bhreith an bhreithimh, agus tuigfidh tú go ndéanann seisean freisin, chuile iarracht ar shochar an amhrais a bhronnadh ar an gcúisí, agus arís feicfidh tú go bhfuil meá an dlí lúbtha i bhfábhar an chúisí chéanna sin. Caithfear an leagan amach sin a athrú, má theastaíonn uainn, deireadh a chur leis an gcruáltacht seo uilig in ár measc. Níor chóir go mbeadh a leitheid de iompar inghlactha feasta. Céard faoin “Zero Tolerance” úd, a raibh an chaint sin uilig faoi roimh an Olltoghchán deiridh? Bhuel, tá Olltoghchán eile os ár gcomhair amach arís, agus nach bhfuil sé thar am againn an Zero Tolerance sin a éileamh ónár bpolaiteoirí anois, agus sa tslí sin, b’fhéidir go n’éireodh linn druidim beagáinín níos cóngaraí don Útóipe sin, a mbíonn chuile dhuine againn ag brionglóideach faoi. Nó, faoi mar atá cúrsaí, faoi láthair, tá muid uilig ag druidim le luas lasrach i dtreo na barbarthachta, agus an anoird, sna laethe atá romhainn amach.

Sea, agus muidinne ag ceapadh go raibh cúrsaí ag dul i bhfeabhas! Ach nach é sin scéal na sibhialtachta i gcónaí riamh? trí chéim chun tosaigh, agus dhá chéim ar gcúl, ach mar sin fhéin, má leanann muid den dul chun cinn sin, éireoidh linn, ar deireadh thiar, críoch a chur le marú is le batráil, le héigniú agus le slad, le goid is le fuadach.

Ach fan ort nóiméad anois, an é ata a rá agam ansin, nó go nglacfadh chuile dhuine leis na Deich nAithne,amach anseo?

Bhuel, nach bhféadfadh siad beart níos measa a dhéanamh na glacadh leis na rialacha céanna sin, a scríobhadh go doscriosta, ó thús ama, ar choinsias an daonnaí. Má éiríonn linn riamh an bhuaic sin a shroichint ar an saol seo, ní gá a rá, go mbeidh cónaí orainn feasta sa Útóipe. Ní gá a rá go mbeadh muid uilig sásta le feabhas ar bith a bhaint amach, lenár linn fhéin, ar ár mbealach i dtreo na hÚtóipe céanna sin.

Nára fada uainn an lá céanna sin!

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

gaGaeilge