Saolaíodh Áilleacht Uafar 5

Peadar Bairéad

.

Tús maith

Nach minic a dhéantar dearmad ar chumas an Phiarsaigh mar óráidí, faoi mar nár den tábhacht é a scil san ealaín sin a scrúdú agus a mheas. Caithfear a chur san áireamh, go mbíonn ar an óráidí a óráid a scríobh, agus a athscríobh, a shnasú, a bhearradh, agus a chur in oiriúint do chluas a lucht éisteachta. Chuir an Piarsach tús lena scil san ealaín seo le linn a óige, nó ba iad a chlann fhéin a chéad lucht éisteachta. Ba dhia beag ag a dheartháir Willie é, agus bhí meas an domhain ag a dheirfiúr óg, Mary Bridget, air, agus bíodh gur choinnigh a dheirfiúr eile, Margaret, faoi smacht é, ag an am gcéanna, mhisnigh sí, agus ghríosaigh sí é.

Má bhreathnaíonn tú ar a dhrámaí, tabharfaidh tú faoi deara, gur mhinic úsáid á bhaint aige as óráidí, faoi mar a bheadh sé ag iarraidh a scil san óráidíocht a shnasú. Tá samplaí dá leithéid le fail in “An Rí” agus arís in “The Singer”. Agus fiú i ndánta cosúil le “The Fool” feicimid go bhfuil an claonadh chun óráidíochta, le tabhairt faoi deara ann.

Cruthaíonn an ocáid an fear

Ach gan aon dabht, ba í an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, buaic a cheirde mar óráidí Le sin a mheas, caithfidh tú an óráid sin a léamh athuair. Tharla an tsochraid sin Lá Lúnasa na bliana 1915. Tugann muid faoi deara, go mbaineann sé úsáid as roinnt áirithe Gaeilge, le tús a chur lena adhmholadh. Feiceann muid go bhfuil 905 focal san óráid ar fad, agus gur thart ar 165 focal díobh sin atá i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil 740 focal de i mBéarla aige. Anois, bíodh nach ró-fhada an óráid í, ag an am gcéanna ní foláir nó chaith sé an-chuid ama ag scríobh, ag snasú, ag athscríobh, agus ag cleachtadh na hóráide céanna sin. Tá thart ar 39 bhfocal i nGaeilge, san óráid, a bhfuil iontaofacht an dúchais le fáil iontu, focail atá ar chomhchéim leis an ócáid sollúnta inar úsáideadh iad.

Blas an Dúchais

Breathnaigh mar a d’iompaigh an Piarsach ar an nDonnabhánach, agus mar a labhair sé go díreach leis an té sin, a raibh an chré á roinnt leis, ar an ócáid speisialta sin……..

Ba chalma an fear thú a Dhiarmaid…….

Féach mar a úsáideann sé a ainm baiste. Baineann an nós sin go dlúth le nós an Chaointe fhéin, agus b’in mar a labhradh na mná caointe, fadó, le linn dóibh a gcaoineadh a chanadh. Is cuimhin liom fhéin gur chuala mé mná caointe i mbun oibre ag torramh, agus gan ionnam ach ‘leaidín óg ag an am. Fanann a chuimhne sin liom go dtí an lá atá inniu ann, nó rug sé ghreim ar chraiceann mo dhroma ag an am. Tá sé snasta, gearrtha siar, bearrtha, feannta go dti an cnámh, beoga, lán fuinnimh, agus é chomh teann le sprionga.

In aon abairt amháin !

Má dhéanaim athlua ar chuid d’abairt as, tuigfidh tú céard é go díreach atá i gceist agam….

“It has seemed right, before we turn away from this place in which we have laid the mortal remains of O’Donovan Rossa, that one among us should in the name of all speak the praise of that valient man and endeavour to formulate the thought and the hope that are in us as we stand around his grave,…”

Abairt réasúnta fada atá ansin againn! ach abairt a shileann go héasca ón dteanga, agus a shásaíonn ár ndúil i rithim agus i gceol, ach abairt atá bearrtha, slíoctha, snasta, ó thús deireadh. B’fhéidir gur chomhoibrigh a chomhleacaí, Tomás Mac Donnchú leis, sa bhfiontar sin, nó ba sciliúil, ildánach é an fear céanna sin i mbun gnó dá leithéid.

Ba mháistriúil an t-adhmholadh é, snasta, gonta, éifeachtach, agus ón nóiméad sin amach, tuigtear gur glacadh leis, gurbh é an Piarsach príomhóráidí an traidisiúin phoblachtánaigh. Thug an t-adhmholadh céanna sin ardú céime dó, i measc an dreama úd, ar mhór acu oidhreacht agus neamhspleáchas an náisiúin Ghaelaigh. Ba mhór é meas an Ghaeil, chuile lá riamh, ar an óráidí, ar an bhfile, ar an saoi, agus ar an ndraoi focal.

Tuilleadh le teacht.

gaGaeilge