Saolta ag athrú

Is iomaí seanfhocal a bhí ag ár sinsear, le neamhbhuaine an tsaoil seo a chur in iúl. “Is buaine gach rud na an duine”, adeireadh siad, agus iad ag iarraidh giorra an tsaoil seo a chur ar a shúile do dhuine, sea, agus arís nach minic a bhainidís leas as “Ní bhíonn in aon rud ach seal” le cur i dtuiscint do dhuine, go mbíonn na saolta ag athrú de shíor. Sea, mh’anam, tuigeadh dóibh go raibh chuile shórt thart orthu ag fógairt dóibh nach raibh cathair bhuan acu abhus. “Más fada an lá tiocfaidh an tráthnóna,” agus sa tslí chéanna, más fada fhéin réim an daonnaí i ngné áirithe den saol, níl buaine i ndán dó abhus, ach oiread.

Ag dul ar scor

B’in iad na smaointe a rith liom, ar na mallaibh, nuair a thug mé faoi deara, go raibh curaidh áirithe dem chuid, ag smaoineamh ar dhul amach ar scor. Caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur chúis bhróin dom a leitheid a chlos, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh mé a admháil, go bhfuil a sos tuillte ag na curaidh chéanna sin, agus caithfidh mé “ad multos annos” a ghuí orhtu, agus mé ag súil go mbainfidh siad sult agus sásamh as a laethe ar scor.

Cé hiad na curaidh atá i gceist agam anseo, an ea?

Easpag

Bhuel! tosóidh mé leis an Easpag fhéin, an Dochtúir Ró-Oir. Laurence Foristal. Chuala, agus léigh mé sa nuachtán, go raibh beartaithe ag an Easpag céanna éirí as oifig go luath, agus ba í cúis a luadh leis an gcinneadh seo, nó go raibh an aois scoir sroichte, geall leis, aige. Caithfidh mé a admháil go mothóidh muid uainn é, nó ba Aoire tuisceanach, díograiseach, cineálta, carthannach é, an fear céanna sin, agus Eaglaiseach gradamach, céimiúil, údarásach. Níl le déanamh againn anois ach fad saoil, agus sláinte an bhradáin, a ghuí air, sna blianta atá romhainn amach. Ach, dár ndóigh, ní hionann sin go léir is a rá go n-éireoidh an t-easpag s’againne as oifig, láithreach bonn baill, nó deirtear liom, go bhfanfaidh sé ina phost go gceapfar a chomharba, agus chuile sheans go dtógfaidh sé píosa le sin a dhéanamh. Mar sin, d’fhéadfadh sé, le cúnamh Dé, go mbeadh an Dochtúir Laurence Foristal linn, mar easpag, go ceann scathaimh mhaith eile, agus thabharfadh sin deis don Eaglais comharba oiriúnach a lorg, a fháil, is a cheapadh, san idirlinn.

Iománaí

Agus cé eile atá ag éirí as a phost, an ea?

Bhuel, b’fhéidir nach dtabharfá post ar a raibh á dhéanamh ag an bhfear seo dúinn, le mám maith blianta anois, ach mura dtabharfá fhéin, ba chosúil le post é, a bhí á dhéanamh aige, go deonach, ina chuid saor-am fhéin. Sea, agus geallaimse dhuit é, nárbh aon iománaí ar an gclaí a bhí sa bhfear cáiliúil seo, níorbh ea mh’anam, ach iománaí a chuir an tír uilig seo faoi dhraíocht, agus faoi gheasa, lena scil agus lena ealaín, leis an gcamán fuinseoige. Ní gá a ainm uilig a lua ach oiread, i ndáiríre, níl le déanamh agam ach D.J. a lua, le go n-aithneodh madraí an bhaile, nó fiú na cait fhéin! cé dó a bhfuilim ag tagairt. Sea, agus gan deacracht ar bith, bronnaim an curadh mhír ar D.J. s’againne, nó glactar leis anois, gurbh é an t-iománaí ab fhearr sa ghlún seo é an D.J. Carey céanna sin, agus tá roinnt mhaith saineolaithe sa chluiche seo, a déarfadh, gurbh é an t-iománaí ab fherr riamh é. Ba sa bhliain 1970 a rugadh é, agus tharla go raibh mé fhéin im mhúinteoir anseo i gColáiste Chiaráin ag an am, agus bhí mé im’ mhuinteoir fós sa Choláiste céanna sin, thart ar dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, nuair a roghnaigh D.J. agus a mhuintir an Coláiste céanna sin mar Alma Mater don iománaí óg. Sea, agus tháinig sé go dtí an Coláiste, agus é cheana féin ina iománaí déanta. Is cuimhin liom ag an am, an scéal a chlos ó dhuine dem’ chomhleacaithe, nach bhfaca sé fhéin ógánach dá aois riamh, a raibh an leibhéal céanna scileanna, agus cleasa, leis an gcamán, ar a dheis aige, cheana fein.

Cén cineál scoláire a bhí i D.J. an ea?

Bhuel, bheadh sé deacair locht a fháil air, mar mhac léinn, nó bhí sé cineálta, díograiseach, lách, carthannach, comhoibritheach, agus é sásta, i gcónaí, rud a dhéanamh ort. Is féidir liom an gasúr óg sin a fheiceáil, anois fhéin, i scathán na cuimhne, é lách, gealgháiritheach, dáiríreach. Ní raibh sé chomh mór, nó chomh láidir le roinnt mhaith dá chomhscoláirí, ach mura raibh fhéin, is dócha gur thuig sé an seanfhocal sin, “an té nach bhfuil láidir, ní foláir dó bheith glic”, agus nárbh é an Dodger fhéin a bhí cleasach ar Pháirc a’ Bháire? Is cuimhin liom fós, é a fheiceáil, le linn cluiche amháin. Tháinig an sliotar ina threo. D’ardaigh go sciliúil. Tháinig duine ón bhfoireann eile ina threo, agus drochfhuadar faoi. Tharraing sé go tréan, dícheallach, trasna ar loirgne D.J. Thuig seisean go seoigh a raibh ag tarlú, agus níor dhein sé ach léim a ghearradh thar an gcamán namhadach sin, cupla céim chun tosaigh ansin, agus bhuail an sliotar go cruinn gleoite thar an trasnán. Fanann an chuimhne sin im aigne fós, tar éis na mblianta a chuaigh isteach i muileann an ama, san idirlinn. Ach ní raibh san eachtra beag sin ach an tús, nó ón am sin i leith, choinnigh mé súil ghéar ar an iománaí sciliúil sin, agus chuile bhabhta, d’éirigh leis mé a chur faoi gheasa, lena scil, agus lena dhraíocht. Fanann a chuimhne liom fós, agus i gcónaí, is é an gasúr óg gáiritheach sin, a casadh orm i gColáiste Chiaráin i dtús na n-ochtóidí, a fheicim ar scáileán na cuimhne, nuair a smaoiním ar D.J. s’againne. Nár laga an Rí fhéin é, agus go maire sé an céad.

Agus Dochtúir

Ó tharla ag caint ar dhaoine ag dul ar scor mé, níor chóir dom dearmad a dhéanamh ar dhuine amháin eile, a bhfuil socraithe aige éirí as chleachtadh a cheirde, ceann de na laethe seo.

Cé hé fhéin, an ea?

An Dochtúir Frank Bradbury atá i gceist agam anseo. Anois, tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh, thart ar dhá scór bliain ó shoin anois, agus déarfainn gur shocraigh mé ar an Dochtúir Bradbury a roghnú mar dhochtuir don teaghlach, breis is scór bliain ó shoin anois. Ní raibh a chathú sin riamh orm ó shoin, nó ba é an dochtúir ab fhearr a casadh ormsa riamh é. Bhí sé lách, cabhraitheach, sciliúil, gairmiúil, agus stíl oibre aige, a chuirfeadh duine ar a shuaimhneas, chuile bhabhta. Ach thar aon thréith dá chuid, ba é an ceann ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó a fhoighid. Bhí sé sásta, i gcónaí, a chuid ama a roinnt go fial, flaithiúil, ort. Mothóidh mé uaim é, gan dabht ar domhan, ach ag an am gcéanna, nach bhfuil a shos tuillte aige, nach bhfuil a sheal caite aige ag freastal ar an bpobal s’againne, agus anois, níl le déanamh againne, ach fad saoil, agus scor faoin dtor, a ghuí air fhéin is ar a chúram. Nár laga an Rí é, agus gura seacht fearr a bheidh sé bliain ó anocht.

Leanann an Roth ag casadh

Bhuel, sin iad mo thriúr curadh agat anois, don tseachtain seo, agus iad uilig dom thréigean! Fear acu a thug aire do m’anam, fear eile a thog cúram mo cholainne air fhéin, agus an tríú duine, a chuir caitheamh aimsire taitneamhach, spreagúil, corraitheach, ar fáil dom, thar thréimhse bhreis is scór bliain, óna laethe i gColáiste Chiaráin i leith. Ach, mar adúirt an fear fadó, caithfear bheith dá n-éagmhais sin uilig feasta, nó nach ‘in an saol agat, a mhiceo? Leanann Roth mór an tsaoil ag casadh de shíor, sa chaoi go mbíonn chuile dhuine, thíos seal, agus thuas seal.

.

Peadar Bairéad.

.

.

.

gaGaeilge