.
.
Saorántacht agus Saoirse
Sparán Teann
Nuair a bhí mise ag fás aníos, thiar in Iorras na nIontas, i gContae Mhaigh Eo, ba bheag smaoineamh a bhí ag éinne a mhair an tráth úd, go bhfeicfí an lá choíche, nuair a bheadh daoine ina dtuile ag déanamh ar chóstaí ár dtírín, ag iarraidh bheith istigh a fháil inár measc.
Tuige sin, an ea?
Bhuel, an tráth úd, ba sa tslí chontráilte a bhí an tuile daonna ag sní amach uainn, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana. Ní chloisfeá ón gcosmhuintir an tráth sin ach gearán agus casaoid faoi bhochtaineacht na tíre seo ’gainne. Bhí an port céanna ag chuile dhuine, iad uilig ag maíomh go raibh an tír s’againne imithe i mbealach a basctha. Sea, mh’anam! agus smaoinigh freisin, go raibh an deilín céanna ag boic mhóra na meán cumarsáide, i bhfad níos déanaí na sin, iad ag dearbhú, lá i ndiaidh lae, go raibh an tír seo ‘gainne “banjaxed”, agus í imithe le sruth, síos poll an leithris, chun na mara móire.
An Imirce
Bhí ár gcóras oideachais fiú, dírithe ar phostanna a fháil dár ndaoine óga i dtíortha thar sáile, muid ag oiliúint dochtúirí, banaltraí, sagairt, múinteoirí, agus tuilleadh, agus gan seans ag roinnt mhaith acu post d’fháil riamh sa tír seo.
“ Á, Muise! diabhal tada ar domhan le fáil acu sa tírin bocht seo, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, áit a mbeidh siad in ann greim a mbéil a shaothrú, na créatúir. Sea, mh’anam! is maith ann iad na tíortha eachtrannacha céanna sin, mar nuair is crua don chailleach, caithfidh sí rith.”
D’éirigh go maith leo siúd a chuaigh ar an imirce, ach dár ndóigh, níor chóir ligint i ndearmad riamh, an éagóir a deineadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, ábalta riar dóibh abhus, ina dtír dhúchais fhéin. B’fhéidir gur éirigh leo slí bheatha maith a bhaint amach dóibh fhéin thall, ach ag an am gcéanna, is cinnte freisin gur mhinic a shil siad deora goirte na deoraíochta.
Litir ó Mheiriceá
Ná déanaimis dearmad ach oiread ar na puint, is ar na dollair, a sheol siad abhaile chugainne, nuair a bhí géarghá abhus lena leithéid. Ba bheag athrú a tháinig ar chúrsaí agus mise ag saothrú mo choda abhus anseo. Muid ag streachailt leis an saol mór, ó bhliain go cheile, agus an saol mór ag streachailt linne. Chuaigh mé amach ar scor in am tráth, agus diaidh ar ndiaidh, thosaigh cúrsaí ag athrú. De réir a chéile, bhí sé ag dul i gcionn orainn, nach raibh Conchubhar Mór sa Chúinne againn a thuilleadh. Bhí daoine óga ag dul ar saoire chuig áiteacha imchiana an domhain. Bhí gluaisteáin ag daoine nár chleacht riamh ach Neidí bocht na gceithre crúb is na gcluas fada. Bhí daoine ag dul amach chuig tithe ósta, agus chuig proinntithe, le béilí a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bhí daoine gléasta go galánta, Domhnach is Dálach. Sea, mh’anam! bhí cuma, blas, agus boladh an airgid, le fáil, thíos agus thuas, abhus agus thall, ó cheann ceann na tíre. Ní chloisfeá daoine ag rá feasta, ar Raidió, nó ar Theilifís go raibh an tírín s’againne “banjaxed”, nó bhí na daoine a bhíodh ag canadh an phoirt sin ina suí go te anois, agus carn airgid á shaothrú acu in aghaidh na bliana, as sparán an Stáitín “bhanjaxed” chéanna sin.
Na Leanaí Gorma
Le scéal gairid a dhéanamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, ó cheann ceann na cruinne.
Ní raibh ach toradh amháin ar cháil sin an airgid, agus b’in gur tháinig daoine ag déanamh ar chóstaí na tíre seo, ag súil go roinnfí go fial leo anseo. Tháinig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghrúpaí, agus ar ball, tháinig siad ina dtuile tréan, do-stoptha. I dtosach báire, níor chaith muid chomh fial, flaithiúil, sin leis na strainséirí úd a tháinig inár measc, nó ní raibh aon chleachtadh againn ar a leithéid, ach le himeacht aimsire, b’éigean dúinn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, deighleáil leo, le dínit agus le meas. Nár chaitheamar blianta fada sa tír seo ag tiomsú pingneacha do na “Leanaí Gorma”, ach nuair a d’fhás na Leanaí céanna sin suas, agus nuair a tháinig siad ag iarraidh bheith istigh a fháil uainn, bhuel! ba scéal eile ar fad é, ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt, nuair a bhí a leithéid dlite dóibh, agus chomh maith le sin, d’fháiltíomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thréan, dóchasach, do-stoptha, agus ní haon ionadh gur fháiltíomar rompu, nó chuidíodar linn an Tíogar gortach, Ceilteach, s’againne, a bheathú agus a ramhrú. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ba chóir duinn fáilte is fiche a fhearadh roimh na daoine dáiríreacha sin a thangann chugainn, ar thóir tearmainn, nó oibre, agus ba chóir go mbeadh muid sásta freisin saorántacht ár dtíre a bhronnadh orthu, dá dtuillfeadh siad a leithéid.
Anois, níorbh iad na “Leanaí Gorma” amháin a tháinig chun an dorais chugainn, nó chomh luath is a scaip an scéal, go raibh obair agus saothrú den scoth le fáil abhus, thosaigh daoine ó chiníocha éagsúla ag ardú a seolta, lena mbealach a dhéanamh chun na tíre seo.
Fáilte roimh Chách……….
Bhí go maith, is ní raibh go holc, ach ar ball, tuigeadh dúinn uilig, go raibh ceataí sa scéal, nó cuid de na daoine seo a sheol isteach chugainn, ag lorg bheith istigh a fháil inár measc, ba choirpigh déanta a bhí iontu, agus ba ghearr go raibh sé soiléir don saol mór, nár le bheith ina manaigh a tháinig siad chugainne! Nílim ag rá anois, nach raibh ár mórdhóthain coirpigh dhúchasacha againn anseo cheana, nó bhí, agus farrasbarr, ach cuid de na coirpigh a sheol isteach chugainn, ba den díogha iad, agus ba ghearr go raibh siad sáite go dtí na cluasa, i ndíol drugaí, i ngoid agus i robáil, i mugáil, i bhfuadach, agus i marú fiú, agus tuilleadh coirpeachta, ar an dtéad céanna sin. Ach céard is féidir linn a dhéanamh le coirpigh dá leithéid a shrianú? Sílim nach bhfuil ach leigheas amháin ar an scéal sin.
Bata agus Bóthar
Agus cén leigheas atá agat, ar an olc sin?
Leigheas amháin, agus sin bata agus bóthar a thabhairt dóibh amach as an tír seo arís.
Ach nach bhfuil sin sách dian ar na créatúir?
Ní dóigh liom go bhfuil, nó tháinig siad chugainn ag iarraidh bheith istigh a fháil, iad ag maoímh go raibh tearmann uathu, sin nó gur theastaigh uathu cónaí agus saothrú inár measc anseo, mar a dhéanfadh saoránaigh dhílse. Bhuel! tá go maith, ach mura bhfuil siad sásta cur lena bhfocal agus sin a dhéanamh, ansin níl saorántacht tuillte acu, nó níl “bheith istigh” dlite dóibh, ach oiread. Agus mar adeireadh an fear fadó, ní saoirse go saorántacht.
Ó, sea! agus rud amháin eile, níor chóir ligint dóibh tiomáint ar ár mbóithre gan teastas tiomána oiriúnach, inghlactha, a bheith ina seilbh acu, díreach cosúil le saoránaigh na tíre seo, sin agus árachas cuí a bheith tógtha amach ar a bhfeithicil acu.
Anois nó Riamh !
Tá “make up your mind time” buailte linn. Caithfear beart cuí a dhéanamh anois, nó mura ndéanfar, bheadh sé chomh maith againn dul ag feadaíl feasta! nó tá an baol ann, go ndéanfadh na himircigh áirithe seo chuile iarracht ar thuilleadh mhodhanna coirpeachta a fhorbairt dóibh fhéin anseo, agus dá dtarlódh a leithéid, téadh saoránaigh na tíre seo tigh an diabhail! Ó, sea, agus bheadh cabhair chuige sin le fáil acu, ó bhuíon liom leat dár saoránaigh fhéin, buíon a bheadh réidh, ullamh, dul amach ag léirsiú leo agus ag éileamh saoirse agus saorántacht dár n-imircigh isteach. Ní gá a rá, nach mbíonn daoine dá leithéid sásta, na laethe seo, cead rialaithe a thabhairt dár Rialtas tofa, daonlathach, fhéin, sé sin, mura n-aontaíonn siad lena dtuairimí fhéin!
Sea, mh’anam, seo uair na cinniúna, nó “make up your mind time” dúinn uilig, gan aon agó.
.