Seachrán Slí ?

Peadar Bairéad

Suan na mBlianta

Nár mhinic, sna seanscéalta, a chuala muid faoi dhuine, nó faoi dhream, a bheith tite i suan, nó i dtinneas draíochta, agus fad is a bhí siad faoi gheasa sa t-suan draíochta sin, ní bhíodh ar a gcumas tada a dhéanamh len iad fhéin a chosaint, nó tada dá leithéid. Nach cuimhin libh go raibh na hUltaigh i suan dá leithéid in aimsir Chuchulainn, ach ní chucu atá mé an babhta seo, ach chuige seo, go bhfuil an chuma ar an dtír s’againne, le tamall de bhlianta anuas, go bhfuil an náisiún seo, nó a lucht ceannais, ach go háirithe, curtha faoi dhraíocht ag cumhacht drochaigeangta eicínt. Níl le déanamh ag duine ach breathnú ar scéal na tíre seo, ó Chogadh na Saoirse anonn, le sin a thabhairt faoi deara. Roimh an tráth sin, tugtar faoi deara go raibh fís agus cuspóir ag bunús an phobail, ach ag a lucht stiúrtha, ach go háirithe, agus ba ar mhaithe agus le leas an náisiúin an fhís sin, agus bunús an náisiúin ag aontú leis an dearcadh sin nuair a tugadh an deis dóibh a marana a dhéanamh.

Imeachtaí an lae inniu

Ach, b’fhéidir gur chóra dhúinn díriú ar imeachtaí an lae inniu. Breathnaigh nóiméad ar na cúrsaí a mheall an náisiúin seo chun leithleachais, agus chun sainte, agus muid breá sásta linn fhéin ag séideadh bholgán an tsaibhris, i dtús na mílaoise seo, agus anuas go dtí an bhliain 2008 fiú. Dár le roinnt mhaith daoine, ba ar an lucht rialaithe a bhí an locht. B’iadsan a bhí i mbun stiúrtha, ag an am, agus ba orthusan a thit an fhreagracht as aon bhotún a rinneadh i rith na tréimhse sin. Ag an am gcéanna, táid ann adeir, gurbh iad na bancaerí, na réaltóirí, agus na tógálaithe a shéid, agus a shéid, an bolgán sí sin, go dtí go raibh sé i riocht a phléasctha, a bhí ciontach sa chúlú eacnamaíochta a lean phléascadh an bholgáin draíochta sin. Ach, dár le daoine eile, ba é saint agus easba thírghrá na cosmhuintire, a chuir na coinníollacha ar fáil do na daoine sin le fealladh ar thír seo na hÉireann.

Máthair an ghoir

daoine eile ann adeir, gur i dtús baire a tharla an trioblóid, agus gurbh ann a bhí máthair an ghoir.

Céard tá i gceist acu, an ea?

seo. In ionad poblacht a bhunú ina mbeadh comhchearta ag ‘chuile shaoranach, faoi mar a gealladh i bhForógra na Poblachta, gurbh amhlaidh a bunaíodh Stát aicmeach, ina ndéanfadh saibhreas na haicmí éagsúla a idirdhealú óna chéile. Gheall an Forógra, go mbeadh chomhchearta ag ‘chuile shaoránach, ach ba ghearr gur tuigeadh, go raibh daoine áirithe, sé sin, lucht an airgid, agus go raibh ar a gcumas-san na cearta sin a éileamh, ach an té nach raibh an sparán teann aige, cead aigesean dul ag feadaíl. Sea, agus nár bhraith an méid airgid a bhí ag saoránach ar an ioncam a shaothraigh sé? Agus cé shocraigh leibhéal an ioncaim sin? Na fostóirí. Cé eile? Agus dár ndóigh, ba é an Stát fhéin an fostóir ba mhó sa tír. Bhí go maith. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh crua ar na fostóirí, agus ar an Stát fhéin? Bheadh orthu gearradh siar agus ioncam na n-oibrithe a ísliú. Deineadh sin don ghnáth oibrí, ach nuair a dúradh gur chóir gearradh siar ar ioncam trom an dreama a bhí thuas, dúradh go raibh conradh oibre acusan, agus nach bhféadfaí drannadh leo sin. Deirimse comhchearta leat!

Cá bhfuil ár dtriall anois?

Sea, ach cá bhfuil ár dtriall anois mar náisiúin?

Céard déarfá faoi dhul siar arís go dtí máthair an ghoir, agus tosú arís ar gheallúintí an Fhorógra a chur ar fáil do chuile bhall de chlann an naisiuin seo? Ionann sin agus ‘chuile ghné de chleachtas an náisiúin a scrúdú, agus a athrú, dá mba ghá sin a dhéanamh. Arbh fhéidir linn, mar chine, breathnú ar chúrsaí arís, féachaint ar chailleamar ár slí chuig Stát na Saor, faoi mar a theastaigh ó bhunaitheoirí an Stáit s’againne?

Céard a cheapfá fhéin?

.

gaGaeilge