.

“Sport How Are ye ?”

Seanchara ar chuairt

.

Istigh sa chistin a bhí mé an lá cheana, mé ar mo sháimhín só, na cluasa ligthe siar agam, agus mé ag ól muga breá tae, ar mo shástacht, nuair ba bheag nár tógadh den chathaoir mé le raic agus ruaille buaille amuigh ag an doras tosaigh. Céard tá ag tarlú amuigh ansin, in aon chor, arsa mise liom fhéin. B’fhéidir gurb é fear an phoist fhéin atá ann, agus beart, nó rud eicínt dá leithéid aige dhom, agus go bhfuil deifir an domhain air. D’éirigh mé de phreib, agus amach liom, agus do bharúil cé bhí amuigh ansin romham?

Sea, ár seanchara fhéin, Séimí breá an Droichid, fear nár chuala mé tásc nó tuairisc faoi le bliain ar a laghad, nó ba é an scéal deiridh a chuala mé faoi nó go raibh sé bailithe leis chun na Spáinne, mar a bhfuil iníon leis ina cónaí le scathamh de blianta anuas anois. Thuig mé láithreach go raibh scéal mór ag dó na geirbe ag Séimí s’againne, nó bhí muc ar gach mala aige, colg air, agus a ghruanna chomh dearg le círín choileach troda. Ar an ábhar sin, shocraigh mé é a ghlacadh go deas, réidh, agus deis a thabhairt dó a scéal, nó a scuan, a insint dom, ar a chaothúlacht fhéin.

Water from the churn!

“Do chéad fáilte romhat, a Shéimí, nó ní fhaca mé thú leis na cianta. Tar isteach anseo agus suigh síos ansin ar do shástacht go bhfuighe mé braoinín uisce as an gcuinneog dhuit, mar nach túisce deoch ná scéal i measc Gael, chuile lá riamh.”

“Nár laga an Rí fhéin thú, tógfaidh mé oiread na fríde den uisce céanna sin, ach gan é a bhaisteadh le tada, agus ní call dom a rá, go mbíonn goimh ghéar san aer, an tráth seo bliana.”

“Seo. Caith siar é sin, le cúl a chur ar an ngoimh chéanna sin.”

Thóg Séimí na mire an ghloine, a raibh taoscán maith den stuif chrua inti. D’ardaigh idir é fhéin agus an fhuinneog í, rothlaigh timpeall sa ghloine é, agus ansin go mall réidh, d’ardaigh chun a bheola é, bhain smailc as, choinnigh ina bhéal meandar é, agus ansin, agus cuma na sástachta ar a aghaidh, lig le fána é.

“Aon scéal nua agat?” arsa mé fhéin, nuair a tuigeadh dom go raibh tráth scéalaíochta buailte liom.

That game again!

“Nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach nach bhfuil ach scéal amháin i mbéal gach éinne, an lá beannaithe seo.”

“Agus cé’n scéal é fhéin?” arsa mise, agus mé ag iarraidh a scéal a mhealladh uaidh.

“An é nach raibh tú ag breathnú ar an dara cluiche peile sa tSraith Idirnáisiúnta idir na hAstrálaigh agus na hÉireannaigh, a imríodh, amuigh san Astráil, maidin Aoine, an 28ú Deireadh Fómhair na bliana seo 2005. Ar an drochuair, tharla go raibh mé fhéin ar dhuine díobh siúd a mealladh le féachaint ar an “seó” céanna sin. Nach rabhthas dár mealladh le mí roimh ré, agus iad ag maíomh go mbeadh an Cluiche seo ar cheann de na cluichí ab fhearr fós sa tSraith Idirnáisiúnta faoi na Rialacha Comhghéillte Peile. Bhí chuile dhuine, a raibh mé fhéin i dteangmháil leo, den tuairim go mbeadh togha na Caide le feiceáil again, maidin Aoine.”

“Agus an é nár thaitin an cluiche céanna sin leat, a Shéimí?”

“Conas a thaitneodh a leithéid de scliúchas le fear spóirt ar bith?”

“Ach a Shéimí, i ndeireadh na feide ní raibh ann ach píosa spóirt, níor maraíodh éinne, agus bhí roinnt mhaith peile, den scoth, le feiceáil sa chluiche céanna sin.”

“Píosa spóirt! an ea? Nach bhfuil a fhios ag an saol go dtógann spórt an croí, agus go dtugann sé seal faoisimh, agus caitheamh aimsire, don lucht féachana, ach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá teorainn chaol idir spórt agus troid nó cogaíocht, agus dár liomsa, chuaigh na hAstrálaigh, den chuid is mó, de rúid, thar an teorainn chéanna sin, sa chaoi nach raibh sa seó ar fad ach ainm cluiche, a thug deis do na hAstrálaigh srian a ligean lena meon ionsaitheach, bagrach, trodach. Sea, agus b’fhéidir nár maraíodh éinne, ach nach raibh an baol ann go dtarlódh a leithéid?”

You didn’t like it then?

“ Agus an bhfuil tú ag rá liom nár thaitin an cluiche sin in aon chor leat?”

Tá! Chomh fada is a bhain sé liomsa, is amhlaidh a chuir an cluiche céanna sin deistean, fearg, agus náire orm.”

“Ach, a Shéimí, nach raibh scileanna iontacha peile ag na hAstrálaigh chéanna sin? Nach bhfaca tú an chaoi a raibh siad ábalta breith ar an gcaid go hard san aer, agus ansin, nár bheag urchar iomraill a scaoil siad i dtreo an chúil?”

“D’aontóinn leat sa mhéid sin, agus de bharr na scile céanna sin, ní raibh gá ar bith leis an bhfearg, nó leis an dímheas a léirigh siad dá gcéilí imeartha. Dearfainn go raibh ar a gcumas claoi leis na rialacha, agus fanacht ar an dtaobh cheart den teorainn idir spórt agus troid, agus bheadh seans ann go mbuafaidís sa chás sin fhéin”

“Fan ort nóiméad amháin ansin, a Shéimí, ach nach bhfeicfeá an cineál ceanna ionsaithe á ndéanamh ar imreoirí i gcluiche peile anseo i dtír seo na hÉireann freisin?”

“B’fhéidir go bhfeicfeá imreoir, anseo is ansiúd, ag dul thar fóir agus é ag iarraidh bua a fháil ar a chéile imeartha, ach ní tharlódh sé sin ach anois is arís, agus ar an mórgóir, ní bheadh aon fhaltanas taobh thiar de na hionsaithe céanna sin, agus rud eile, bheadh rud eicínt le rá ag an moltóir faoi iompar dá leithéid, láithreach bonn baill. Geallaimse dhuit é nach é súil Nelson a chaithfeadh sé ar eachtra dá leithéid. Bata agus bóthar a thabharfaí d’imreoir dá leithéid, agus gan cead acu fear ionaid a scaoileadh isteach ina ionad. ach sa chluiche atá idir chamáin againn anseo, diabhal tada a rinne an moltóir ach scaoileadh leo, agus b’ionann sin is a rá go raibh iompar dá leithéid inghlactha, de réir na Rialacha Idirnáisiúnta.”

Can we fix it?

“Ach, a Shéimí, an bhfuil leigheas ar bith ar an scéal, má sea?”

“Tá faitíos orm nach bhfuil. Dá mbeifeá fhein i gceannas ar an GAA, an mbeadh tú sásta ligint d’fhoireann gairmiúil peileadóirí, ó thír eachtrannach, imreoirí Chumann Lúthchleas Gael a mhaslú, a bhascadh, agus a leadradh, go mínáireach os comhair an tsaoil mhóir, ar mhaithe le bua a fháil orthu? Cinnte ní bheadh, agus tá mé cinnte, go mbeidh Uachtarán an GAA den tuairim chéanna sin, freisin.”

“Ach nach bhféadfaí na rialacha a fheabhsú, sa tslí nach mbeadh deis ag imreoirí neamhshuim a dhéanamh de rialacha an spóirt sin feasta.”

“Tuigeadh go raibh sin déanta cheana, ach nuair a tháinig an crú ar an táirne, ní rabhthas sásta cloí leis na rialacha leasaithe. I’m thuairimse, níor chóir an dara seans a thabhairt, d’fhoireann ar bith, a leithéid a dhéanamh feasta. Sea, mh’anam, agus sin a bhfuil le rá agamsa faoin gceist”

Agus le sin, d’éirigh mo Shéimí breá agus amach an doras leis de rúid, nó caithfidh go raibh deifir abhaile air chuig Naipí agus na rudaí beaga.

Tar éis dom scathamh a chaitheamh ar mo mharana, caithfidh mé a admháil, go mbeinn sásta dul píosa den bhóthar sin le mo sheanchara Séimí an Droichid.

Céard fútsa?

.

gaGaeilge