S p ó r t nó C o g a í o c h t ?

*************************

Nach minic daoine, na laethe seo, ag cur síos ar chúrsaí spóirt, agus ar na curaidh spóirt is rogha leo. An duine seo ag maíomh gur curadh ceart críochnaithe spóirt é a rogha fhéin, agus an fear thall ag maíomh nach tada é siúd, i gcomparáid lena laoch fhéin. Sea, agus ní lia duine na laoch spóirt, sa chás seo. Ach sin uilig ráite, glacann gach éinne leis, gur doiligh an t-earra céanna sin a bhuaileadh mar chaitheamh aimsire, nó éiríonn leis cliath a chur ar stoca roiste ár saoil.

Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, céard is spórt ann?

Nach fusa go mór fada ceist a chur ná ceist a fhreagairt, ach mar sin fhéin, is dócha gur chóir freagra de chineál eicínt a thabhairt ar an gceist chéanna sin. Bhuel, tá baint ag spórt le cluichí, a imríthear, go háirithe, amuigh faoin aer, agus is fear spóirt é an té a ghlacann páirt iontu siúd, agus a dhéanann a dhícheall an chraobh a bhaint, ach atá sásta sin a dhéanamh, taobh istigh de rialacha an spóirt áirithe atá á imirt aige, ag an am. Ní call dom a rá, go bhféadfadh bean páirt a ghlacadh i gcluichí, agus i spórt, freisin.

Céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an tseachtain seo, an ea?

Bhuel, déanta na fírinne, ba é chuir ag smaoineamh ar an ábhar seo mé, nó an t-alt breá spreagúil, suimiúil, a bhí ag an Athair David Gaffney S.J. sa Kilkenny People, faoin teideal, SPORT : BULLYING OR BONDING ? Tá súil agam, gur léigh tú fhéin an píosa sin, nó ba dheacair é a shárú, ar a léire, ar a dháiríreacht, nó ar a mhacántacht. Cinnte, chuirfeadh an t-alt céanna sin duine ag smaoineamh ar chúrsaí spóirt, agus ar an gcaoi a bhreathnaíonn daoine ar spórt agus ar chaitheamh aimsire, sa lá atá inniu ann.

Is dócha go dtugann chuile dhuine againn faoi deara, go bhfuil difríocht mhór idir an rud ar a dtugtar spórt sa lá atá inniu ann, agus an t-earra ar a dteugtaí spórt, blianta ó shoin. Sa lá atá inniu ann, is beag aird a thugtar ort mura n-éiríonn leat buachaint, nó teacht sa chéad áit, agus bíodh go raibh tábhacht ag baint le sin freisin sna seanlaethe, bhí rud amháin níos tábhachtaí fós, agus b’in, go raibh tú san iomaíocht. Ná síltear anois nach raibh miotal sna daoine a ghlac páirt i gcúrsaí spóirt fadó, nó bhí, ach ba é an mana a bhíodh acusan nó, “coimhlint fhearúil”, agus mura mbeadh ar a gcumas bua a bhaint sa tslí sin, b’fhearr leo díomua ná easonóir, agus is dócha, i ndáiríre, nár athraigh cúrsaí chomh mór sin ó shoin anuas. Ní cogaíocht, nó troid, i ndáiríre, atá i gceist i gcluichí, nó i spórt. Ní hea, mh’anam, ach is amhlaidh a imrítear an cluiche de réir rialacha áirithe, agus más uait an bua a fháil sa chluiche sin, caithfidh tú an bua sin a bhaint agus tú faoi chuing na rialacha céanna sin. Sin mar a aithnítear an fear ceart spóirt, nó bíonn seisean sásta, i gcónaí, cloí leis na rialacha, agus murar féidir leis an chraobh a bhaint go macánta, ní bhíonn sé sásta í a bhaint trí chaimiléireacht, trí chneámhaireacht, nó trí lámh láidir. Anois, tá faitíos orm, nach minic a fheiceann muid cluiche, sa lá atá inniu ann, ina gcloíonn na himreoirí le rialacha an chluiche sin.

Breathnaigh arís ar na foirne ar pháirc na himeartha, agus tabharfaidh tú faoi deara, an chaoi a dhéanann imreoir amháin imreoir eile a imeaglú, trí sonc, nó gualainn, a thabhairt dó, nuair a thuigtear dó, nach bhfuil éinne ag breathnú air. Níl dabht ar domhan, ach go ndeanann imreoirí áirithe iarracht ar bhuntáiste a fháil ar imreoií eile, trí bhulaíocht agus lámh láidir. Anois, cé go bhfeiceann chuile dhuine na céapair sin ar siúl, ó chluiche go cluiche, ó cheann ceann na bliana, agus cé go dtuigtear do chuile dhuine freisin, nach den spórt é a leithéid a dhéanamh, nach annamh a chuireann an réiteoir smacht ar na himreoirí a dhéanann a leithéid sin. Ó, tá sé eeart go leor, nuair is duine ded’ fhoireannsa a dhéanann an beart sin, ach nach scéal eile ar fad é, nuair a dhéanann imreoir ón bhfoireann eile an beart gránna sin ?

Arís tugann chuile dhuine faoi deara, an chaoi a dtugtar brú chun tosaigh d’imreoir, agus é ag fanacht le liathróid a cheapadh. Ní gá a rá, nach den spórt é, beart dá leithéid, ach arís, nach minic a bhíonn an réiteoir dall ar fheall dá leithéid. Ní gá dhom tagairt a dhéanamh anseo don chaoi a ndéantar feall, os ard, ar imreoir, agus é ar tí scórála, an cor coise, an leagan, an greamú, agus chuile chleas eile, taobh istigh, agus taobh amuigh, de rialacha an chluiche, a úsáidtear le himreoir a stopadh ar a bhealach chun an bháire a chur. Nuair a scrúdaíonn tú na cúrsaí sin uilig go fuarchúiseach, macánta, feictear dhuit, nach den spórt iad sin, ach oiread, agus arís, is soiléir go bhfuil an-difir idir cor coise a thabhairt do dhuine, d’aonturas, agus feall a dhéanamh air, de thimpiste. Agus i gcás na hiománaíochta, nach scéal eile ar fad é, nuair a bhaineann imreoir úsáid as a chamán, mar ghléas troda, le himreoir eile a bhascadh. I gcás dá leithéid, ní chuireann sé as do dhuine ar bith sa lucht féachana, nuair a ardaítear an Cárta Dearg, leis an té sin a ruaigeadh den pháirc imeartha. Nach deacair arís, meon na n-imreoirí sin a thosaíonn scliúchas, ansin os comhair an tsaoil mhóir, nuair a théann siad i muinín na ndoirne, le cead a gcinn a fháil ar Pháirc an Bháire. Ní dóigh liom, go ndéarfadh duine ar bith gur den spórt é, iompar dá leithéid.

Ag an am gcéanna anois, caithfidh muid uilig a admháil, go bhfuil sé iomarcach, b’fhéidir, bheith ag súil go leanfadh chuile imreoir, chuile riail, chuile bhabhta. Is daoine daonna iad, agus éiríonn siad corraithe, díograiseach, teasaí, le linn an chluiche, agus deineann siad chuile iarracht, coimhlint go fearúil, ach i gcásanna áirithe, éiríonn siad ró-dhíograiseach, b’fhéidir, agus sáraíonn siad rialacha an chluiche, ach go han-mhinic, ní le droch-chroí a dhéanann siad amhlaidh, ach le fonn buaite.

Ach cén chaoi a bhfuil cúrsaí, sa lá atá inniu ann?

Bhuel, breathnaigh ar chluiche ar bith, ach go hairithe, breathnaigh ar na cluichí a bhíonn le feiceáil, chuile dheireadh seachtaine, an tráth seo bliana, agus nuair a bhreathnaíonn tú ar chluiche ar bith acu sin, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil an dá shnáth sin fite fuaite ina chéile iontu, fonn spóirt, ar thaobh amháin, sé sin, go mbíonn fonn ar an imreoir imirt de réir na rialacha, agus ar an dtaobh eile, bíonn fonn buaite air, fonn a mheallann é le rialacha an chluiche a shárú, nó a lúbadh roinnt, corruair. Is iad an dá fhórsa sin, ag coimhlint le chéile, i gcroí chuile imreoir, a chruthaíonn agus a chothaíonn an teannas, a choinníonn muidinne ag breathnú ar an imirt, ó thús deireadh, nó tá a fhios againn, go bhfuil seans ann, nóiméad ar bith, go dtarlódh eachtra eicínt, nuair a éalaíonn an spórt ó rialacha an chluiche isteach i ngort guaireach, corraitheach, na daonnachta. Nach ‘in an fáth a fhanann cuid againn táite, dlúite, den ghleas teilifíse, fhad is a bhíonn cluiche á imirt. Is dócha go bhfuil rud eile ag baint leis an gcaoi a fhaireann muid chomh géar sin ar ár gcluichí, nó is dócha go dtuigtear dúinn, ar bhealach eicínt, go bhfuil muid fhéin istigh ansin, ag imirt linn ar ár míle dhícheall, agus sa tslí sin arís, mothaíonn muid an teannas draíochta sin sa chroí istigh ionainn fhéin.

Caithfidh chuile fhear spóirt breathnú air fhéin go rialta, féachaint an bhfuil sé ina fhear spóirt macánta, fear spóirt a dhéanann chuile dhícheall ar a chluiche a imirt de réir rialacha an spóirt; nó ar an dtaobh eile den scéal, an bhfuil an chleasaíocht, agus an chaimiléireacht, ag fáil an lámh in uachtar air, agus má tá, bhuel, ansin, tá sé in am dó, rud eicínt a dhéanamh faoi.

Ní dhéanfaidh mé tagairt ach do phointe amháin eile, faoi chúrsaí spóirt, an tseachtain seo, agus sin an spórt amaitéireach a chur i gcomparáid leis an spórt gairmiúil Nuair a smaoiníonn duine, sa lá atá inniu ann, ar chúrsaí spóirt, smaoiníonn sé, beagnach láithreach, ar chluichí ar nós sacar, rugar, leadóg, golf, agus a leithéid, cluichí gairmiúla, agus cluichí a íocann tuarastal ríoga dá lucht imeartha. Íoctar níos mó do na himreoirí cáiliúla, in aghaidh na bliana, ná mar a shaothródh beirt ghnáthoibrí le linn a ré oibre ar fad. Ní call dom a rá, gurb é an toradh atá ar leagan amach dá leithéid, nó go ndíoltar agus go gceannaítear na himreoirí sciliúla sin, faoi mar ba ráschapaill cháiliúla iad. Is gearr uaidh sin go dtí an pointe, nuair is eachtrannaigh ar fad a bhíonn ag cosaint clú agus cáil an phobail áitiúil, ar pháirc na himeartha. Caitfear a admháil go dtagann feabhas ollmhór ar chaighdean na himeartha, i leagan amach dá leithéid, ach caithfear a admháil freisin, go gcailltear an díograis, agus an dáiríreacht, lena leanadh an pobal áitiúil foireann an bhaile, nó foireann an Chontae, toisc nach clann comharsan a dhéanann an imirt ar a son, a thuilleadh, nó is amhlaidh gur amhais iad feasta, na laochra a throideann ar a son, i gcluiche i ndiaidh cluiche, agus ó cheann ceann na bliana. Ní “For the honour of the little village” a imrítear anois, ach ar mhaithe lena dtuarastal ollmhór. Sílim go bhfuil an ceart againn anseo, sa tír s’againne, áit a bhfuil an t-amaitéarachas i réim fós, nó is gléas iad na cluichí sin le pobail a thógail, agus a tháthú le chéile. Ach, is dócha go bhfuil ar ár gcumas, sa tír seo, an dá thrá a fhreastal, rud a theip ar an ngobadán fadó, mar is féidir linn chuile bhuntáiste a bhaint as ár gcluichí amaitéaracha, agus ag an am gcéanna, is féidir linn chuile thaitneamh a bhaint as na cluichí gairmiúla, a imrítear thall sa Bhreatain, nó fiú, anseo i dtír na hÉireann fhéin. Agus cé go bhfuil a fhoireann tofa fhéin ag chuile ghasúr sa tír seo, faoi láthair, go háirithe lucht na gcathracha agus na mbailte móra, Manchester United ag an ngasúr seo, Liverpool ag a leathbhádóir, agus Everton, b’fhéidir, ag an bhfear úd thall, ach ní hionann sin is a rá nach suim leis eachtraí agus laochra a fhoireann fhéin sa mbaile, nó foireann a Chontae fhéin, ach oiread, nó leanann sé iad ó sheachtain go seachtain, agus ó cheann ceann na bliana. Nach bhfuil ag éirí leosan an dá thrá a fhreastal?

Gurab amhlaidh a bheidh, sna blianta atá romhainn amach.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

gaGaeilge